AR NA SAOLTA SEO
Círéibeacha
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Is ag treisiú atá an míshásamh a chuir tús le hagóidí agus le creach siopaí i Sasana, de réir tuairisc Tony Birtill. Ar dhroim an dochair, tá an bhris le breith isteach agus tá costais charchrach le híoc ag an cháiníocóir.

Íomhá
Cúirt Chorónach Learphoill ar chlé
le Patricia Lawrence ar Picasaweb
Íomhá
Jon Murphy, Ceannaire Constáblacht Lan Merswy
le John Bradley ar Vicipéid
Íomhá
Thorstein Veblen
ar Vicipéid

Rachaidh costas na gcíréibeacha i Learpholl Mí Lúnasa thar £2 milliún, de réir tuairisc ón Merseyside Police Authority. San áireamh, tá éileamh ó ghnóthaí agus agus ó dhaoine aonair le haghaidh cailliúintí faoin Riot Damages Act 1886. De réir an acht parlaiminte seo, má dhéantar dochar, ag daoine “riotuously and tumultously assembled”, caithfidh údaráis na bpóilíní áitiúla cúiteamh a íoc leis na i gcomórtas le=compared to">="gloss" title="victims">híospartaigh.

Níl costas Merseyside mórán i gcomórtas le costas £34 milliún i Londain agus síleann na comhlachtaí árachais go mbeidh an costas don tír ina hiomláine níos mó ná £200 milliún. Beidh na húdaráis phóilíní áitiúla in ann an t-airgead seo a fháil ar ais ón rialtas i Londain agus sa deireadh, tiocfaidh an t-airgead as póca an ghnáthíocóir chánach - daoine atá faoi bhrú cheana féin tar éis an tubaiste geilleagair a chruthaigh na baincéirí. Agus beidh siad ag íoc as an £30,000 an duine a chosnaíonn sé chun coirpeach a choinneáil ar an leaba chláir ar feadh bliana, i gcarcracha atá beagnach lán anois mar gheall ar an "feeding frenzy in sentencing" a tharla tar éis na gcíréibeacha, de réir Eoin McLennan-Murray, ceannaire na rialtóirí príosúin.

Ár ndóigh, níl duine ar bith de na baincéirí thuasluaite caite ar an leaba chláir, cé go ndearna siadsan níos mó dochar don gheilleagar ná na creachadóirí a bhí amuigh ar na sráideanna i Mí Lúnasa.

An bhfuil mórán difear idir an dhá dhream? Sin ceist a bhí ag mo chomharsa anseo i Walton, Learpholl, an suíochán is sábháilte ag Páirtí an Lucht Oibre sa tír agus áit nach raibh círéib ar bith ann sa samhradh.

Míshásamh

Roimh na ciréibeacha, scríobh altra as an cheantar seo litir chuig an nuachtán áitiuil, chun aird a tharraingt ar an fhíric gur ghearr sí féin agus a comhoibrí an liosta feithimh san otharlann, is é sin, bhain siad a sprioc amach, ach ní bhfaighidh siad aon ardú tuarastail i mbliana agus tá siad ag cailleadh poist, ach na baincéirí, a rinne meancóga móra agus dochar as cuimse don gheilleagar, le gearradh siar sna seirbhisí poiblí dá bharr, tá siad ag fáil bónas mór, mar is ghnách.

Ar a laghad, bhí sí ábalta a cuid frustrachas, seanbhlas agus searbhas a chur in iúl i litir, ach an dream gan meas acu ar oideachas agus ar shaothar cóir, an dream atá ciniciúil faoin saol ar aon chuma, chruthaigh iompar na mbaincéirí agus an rialtais dóibh nach raibh duine ar bith macánta ar an domhan cláir agus gur cheart dóibh a rogha rud a dhéanamh. Bhí siad i dteagmháil lena chéile ar na gutháin phoca, agus trí Facebook, agus tá na póilíní ar a dtóir mar gheall ar sin. Fuair Shaun Cotton, 22, fear as an cheantar seo, 30 mí ar an pláta beag (20.9.11) de dheasca teachtaireachtaí a d’fhág sé ar Facebook ag spreagadh daoine dul i bhfiáin. Cé nach raibh círéib ar bith sa Ghallbhaile, nó Walton, agus gur phléadáil sé ciontach i gCúirt Chorónach Learphoill, bhí an breitheamh dian go leor air. Cosúil le 75% de na daoine a bhí os comhair cúirte tar éis na gcíréibeacha, bhí teist choiriúil air - mangaire drugaí is ea é.

Cúis amháin nach raibh círéib sa cheantar seo ná, níl mórán luachmhar sna siopaí anseo- ní féidir leat teilifís le scáileán cláir nó éadaí dearthóra a cheannach i Walton. Caithfidh tú dul go dtí lár na cathrach le hearraí mar sin a fháil agus sin an treo a chuaigh lucht na creiche. Ach leis an abhainn Mersey ar taobh amháin, tá sé níos deacra ionsaí a dhéanamh ar lár Learphoill i gcomórtas le cathracha eile. Rinneadh iarracht briseadh trí thródam gardaí ach theip orthu, cé go ndearnadh milleadh mór in áiteanna ó dheas as lár na cathrach.

Ar Nós na mBaincéirí

Bhí drong amháin déagóirí in ann an tródam a sheachaint agus rinne siad creach ar an siopa North Face. Ní dóigh liom go raibh duine acu thuas ar aghaidh thuaidh sléibhe riamh ina shaol, ba é an lipéad dearthóra a raibh suim acu ann. “Tomhaltas feiceálach” a thug an t-eacnamaí Thorstein Veblen (1857-1929) ar an ábhar seo. Agus sin rud tábhachtach faoi na círéibeacha i Mí Lúnasa: ní dhearna daoine ionsaí ar shiopaí bia agus a leithéid, is é sin, ní dheachaigh siad i bhfiáin faoi ocras a bheith orthu. Chuaigh siad i bhfiáin le hearraí galánta a fháil saor in aisce - “siopadóireacht na láimhe láidre” mar a thug duine amháin air. Ar nós na mbaincéirí, bhí siad ar a son féin amháin, agus ba chuma leo faoi dhuine ar bith eile.

De réir tráchtairí ar nós an BBC, tháinig na círéibeacha aniar aduaidh orthu. Ach tá siadsan chomh tógtha leis na daoine uaisle, ní bhíonn siad ag coinneáil súil ar na gnáthdhaoine.

Is cuimhin liom roimh an bhainis ríoga i Mí Aibreáin, dúirt an BBC go bhfuair siad amach ó thaighde a rinne siad, nach raibh spéis ag 70% den daonra san imeacht. De réir suirbhé a rinne Comres i Samhain 2010, ní raibh suim ag 60% den daonra ann. Ach d’ainneoin seo, lean an BBC ar aghaidh le clár i ndiadh cláir faoin bhainis le “tomhaltas feiceálach” as cuimse ann, rud a chuir fearg ar ghnáthdhaoine atá ag streachailt faoi láthair le ciorruithe agus dífhostaíocht.

Chuaigh múinteoirí agus státseirbhísigh amach ar stailc lae i Mí Meithimh in agóid i gcoinne ardú cion pinsean agus aois scoir agus bhí na ceardchumainn ag Comhdháil an TUC (14.9.11) d’aon ghuth go mbeidh siad ag vótáil ar son stailc náisiúnta ag deireadh Mhí na Samhna muna n-athraíonn an rialtas a mbeartas.

Dúirt Len McCluskey, ceannaire Unite, an ceardchumann is mó sa tír, go spreagfaidh an rialtas achrann sibhialta má leanann siad ar aghaidh leis na beartais atá acu faoi láthair. Bhí Len ar scoil leis na Bráithre Críostaí liom i Learpholl sular bhfuair sé post mar dhugaire. Ní nós leis an fhear céanna an áibhéil.

Bhain na círéibeacha geit as an rialtas agus bhunaigh siad The Riot Communities and Victims Panel le dul i dteagmháil le pobail chun fiosrú cén fáth ar thosaigh achrann in áiteanna ar leith agus an dóigh is fearr círéibeacha mar seo a sheachaint amach anseo. Beidh sé ag tabhairt na dtorthaí don rialtas i Mí na Samhna, díreach nuair a bheas achrann sibhialta go forleathan ann, chuile sheans!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.