AR NA SAOLTA SEO
Cinedhíothú i Ruanda

Maraíodh na céadta míle i Ruanda i rith na nocháidí. Tá an leagan oifigiúil den scéal cloiste ag gach duine, ach san alt seo, tugann Maidhc Ó Cathail léargas eile dúinn mar gheall ar thréimhse mhillteanach an chinedhíothaithe sa tír sin.

Seanbhratach Ruanda (ar chlé) agus bratach nua na tíre

De réir an leagain den scéal a nglactar leis go forleathan, rinne pobal na Bahutu cinedhíothú ar phobal na Batutsi i Ruanda sa bhliain 1994. Breathnaítear ar an tragóid seo mar eachtra a léiríonn go paiteanta go mbíonn an Afraic, go minic, faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh. Deir go leor daoine a bhfuil inchreidteacht ag baint leo, áfach, go bhfuil an scéal seo róshimplí agus bréagach.The genocide in Rwanda was 100 percent the responsibility of the Americans!” dar le Boutros Boutros-Ghali, a bhí ina Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ag an am. Ina leabhar dar teideal Unvanquished: A U.S - U.N. Saga, maíonn Boutros-Ghali gur éirigh le rialtas Clinton – le cúnamh suntasach ón mBreatain – cosc a chur ar na Náisiúin Aontaithe maidir le fórsa éifeachtach síocháiníochta a chur chun na tíre. Más fíor do Boutros-Ghali, cén fáth nach raibh na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain ag iarraidh stop a chur leis an gcinedhíothú? Deirtear go minic go raibh drogall ar na Meiriceánaigh dul isteach i dtír Afracach eile mar gheall ar Chath Mogadishu, eachtra “threampánach”, inar maraíodh ocht saighdiúir déag, a tharla sa tSomáil sa bhliain roimhe sin (http://www.militaryhistoryonline.com/general/articles/mogadishu.aspx). Ach is cosúil go raibh cúis eile lena leisce chomh maith. Meastar go forleathan gur chuma leis na Stáit Aontaithe faoi Ruanda mar nach bhfuil mórán acmhainní nádúrtha ann. Ba mar gheall air seo, dar le daoine áirithe, go raibh na Stáit Aontaithe neodrach sa choimhlint idir pobal na Bahutu agus pobal na Batutsi. Ach a mhalairt ar fad a bhí fíor. Tacaíocht láidirIs amhlaidh go raibh na Stáit Aontaithe ag tabhairt tacaíocht láidir d’arm treallchogaíoch na Batutsi – Rwandan Patriotic Front (RPF) – roimh an gcogadh cathartha i Ruanda. Fuair baill an RPF a gcuid traenála in Uganda, ar comhghuaillí tábhachtach de chuid na Breataine agus na Stát Aontaithe é, sula ndearna siad ionradh ar Ruanda sa bhliain 1990 – eachtra nár cháin an comhphobal idirnáisiúnta riamh. Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame. Ceannaire an RPF is ea Kagame, a tháinig i réim i Ruanda sa bhliain 1994 agus atá i gcumhacht go fóill.

Bhí coimhlint ar siúl i Ruanda ó 1990, ach cuireadh tús leis an marú ar mhórscála i mí Aibreáin na bliana 1994 tar éis “aerthionóisc” inar maraíodh uachtaráin Ruanda agus na Burúine ar a mbealach abhaile ó chainteanna síochána. Cuireadh an milleán ar antoiscigh na Bahutu as an eitleán a leagan le lámhach. Ach dar le himscrúdaitheoir ó na Náisiúin Aontaithe, Michael Hourigan, bhí an RPF freagrach as a bhfeallmharú. D’admhaigh baill de chuid an RPF do Hourigan go raibh siad freagach as agus gur thug Kagame an t-ordú dóibh é a dhéanamh. Cuireadh deireadh le himscrúdú Hourigan, áfach, i ndiaidh – dar leis féin – do Státrúnaí SAM, Madeleine Albright, labhairt lena cara Louise Arbour, an breitheamh Ceanadach a bhí i gceannas ar an imscrúdú. Mar bharr ar líomhaintí Hourigan, tar éis do Jean-Louis Bruguière – breitheamh iomráiteach ón bhFrainc – imscrúdú a mhair ar feadh cúig bliana a chur i gcrích, ba é an breithiúnas a thug sé i leith na heachtra thuasluaite ná go raibh Kagame freagrach as an ionsaí sceimhlitheoireachta seo a chuir tús leis an gcinedhíothú. Nocht Bruguière go raibh baint ag an CIA leis an eachtra chomh maith. Rinne Bruguière Kagame a dhíotáil sa bhliain 2006, ach thug an comhphobal idirnáisiúnta neamhaird ar a chinneadh. Anuas ar na líomhaintí maidir lena bhaint le feallmharú na n-uachtarán, tá sé curtha i leith Kagame gur mharaigh a fhórsaí cuid mhaith de na 800,000 duine – idir phobal na Bahutu agus phobal na Batutsi – a ndearnadh sléacht orthu sa bhliain 1994. “The real story seems to be that the RPF were the killers to a far greater extent,” dar le Keith Harmon Snow, an fear a rinne imscrúdú ar an gcinedhíothú agus ar saoririseoir é a bhfuil trí dhuais Project Censored bronnta air as ucht a chuid iriseoireachta faoin Afraic. Ní hé gurb é Snow an t-aon duine a chuir an milleán ar fhórsaí Kagame. Sa bhliain 2008 rinne cúirt sa Spáinn 40 ceannaire de chuid an RPF a dhíotáil as coir an chinedhíothaithe a bheith déanta acu, ach bhí díolúine ó ionchúiseamh ag Kagame mar gheall ar é a bheith ina cheann stáit.Poblacht Dhaonlathach an ChongóNíor tháinig deireadh le cogaíocht Kagame sa bhliain 1994 ach an oiread. Rinne sé ionradh – i gcomhpháirt le harm Uganda – ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó sa bhliain 1996 agus arís sa bhliain 1998. Dar leis, bhí sé ar lorg daoine de chuid phobal na Bahutu a bhí freagrach as an gcinedhdhíothú, nó génocidaires, mar a tugadh orthu. Ach bhí cúis leithliseach eacnamaíoch leis na hionraí ar an gCongó chomh maith, is cosúil.

Tá go leor acmhainní luachmhara nádúrtha – ar nós diamant, óir, copair agus ábhair a úsáidtear le micrishliseanna a dhéanamh – le fáil i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, nó an tSáír mar a tugadh ar an tír. Ní haon ionadh é gur mhaith le corparáidí ilnáisiúnta saibhreas nádúrtha na tíre a shaothrú. Agus ní hionadh é ach an oiread go bhfuil baint láidir ag cuid de na corparáidí seo le polaiteoirí mór le rá sna Stáit Aontaithe.Tá Maurice Templesman ina chathaoirleach ar bhord stiúrtha Lazare Kaplan International, corparáid ollmhór diamant. Táthar den tuairim gur mheáncheannaí idir De Beers agus rialtas Mheiriceá é chomh maith. Dála an scéil, tugann sé maoiniú flaithiúil do na Daonlathaigh, agus tá caidreamh láidir aige le cuid acu. Ní hamháin go bhfuil sé an-chairdiúil le muintir Clinton, ach deirtear go raibh sé ag siúl amach le Madeleine Albright sna nóchaidí. Agus de réir fianaise a tugadh os comhair Chomhdháil na Stát Aontaithe sa bhliain 2001 le linn éisteachta a bhain le hoibríochtaí rúnda san Afraic, bhí baint mhór ag Templesman leis an éagobhsaíocht atá i gceist i dtíortha éagsúla ar fud na hAfraice ó thús na gcaogaidí ar aghaidh – Ruanda agus an Congó ina measc. Is léir go raibh baint lárnach ag an RPF, faoi smacht Kagame, leis an éagobhsaíocht sa Chongó agus chuaigh an chorraíl seo chun tairbhe na gcorparáidí mianadóireachta a bhí sa tír. Agus tá siad ann a shíleann gurbh é sin an fáth a bhfuair RPF tacaíocht ó na Stáit Aontaithe ón tús agus gurbh é ba chúis le drogall rialtas Clinton stop a chur leis an gcinedhíothú i Ruanda. “The number of dead in Rwanda was of little concern for the world’s only superpower,” mar a scríobh Robin Philpot ina leabhar Rwanda 1994: Colonialism Dies Hard. Dar leis, “Washington’s priority was to see its boys from the Rwandan Patriotic Front win the war decisively.”Ní hé gurbh iad an RPF an t-aon dream a bhí ag gníomhú ar son leasa gnó sa Chongó. “The United States has a long history of supporting all sides in the Democratic Republic of Congo’s civil wars in order to gain access to the country’s natural resources,” a dúirt Wayne Madsen, údar Genocide and Covert Operations in Africa 1993-1999, ina ráiteas os comhair Chomhdháil na Stát Aontaithe le linn na héisteachta céanna. Is gnó salach é an Sciobadh ar an Afraic, gan amhras.

Ní fios go baileach cé mhéad duine a maraíodh sa Chongó ó bhí baint ag an CIA le feallmharú an phríomh-aire Patrice Lumumba sa bhliain 1961, ach meastar gur maraíodh sé nó seacht milliún duine sa tír sin ó bhí 1996 ann. In ionad an milleán a chur go róshimplíoch ar an bhfuath eitneach a bhí i gceist i dtíortha áirithe Afracacha, ar chóir “cinedhíothú” a thabhairt ar pholasaí na Stát Aontaithe i dtaca leis na corparáidí ilnáisiúnta i Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice i rith na tréimhse millteanaí seo?Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.