CÚINNE NA nEALAÍON
Cinecittà
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Cá bhfágfaimid Bollywood na hIodáile nó Ard Mór Chille Mhantáin? Bhí Ciara Nic Gabhann ag amharc isteach i scéal Ard Mór na hIodáile, ionad mór táirgthe scannán san am atá thart.

Íomhá
Charlton Heston sa scannán Ben Hur
(le MGM ar Vicipéid)
Íomhá
Cinecittà gona fearas
(C. Nic Gabhann a tharraing)
Íomhá
Ón scannán Venusia le Fellini 76
(C. Nic Gabhann)
Íomhá
Federico Fellini
(C. Nic Gabhann)

Tá Cinecittà ar cheann de na háiteanna is suntasaí i stair na scannaíochta san Iodáil ach de dheasca easpa airgid agus fiacha troma, tá éiginnteacht ann anois maidir le todchaí an tsuímh stairiúil seo.

Bhunaigh Benito Mussolini stiúideonna scannánaíochta Cinecittà i 1937, i suíomh díreach taobh amuigh de chathair na Róimhe, mar ionad ina bhféadfaí friotal agus íomhá a chur ar uaillmhianta na bhFaisisteach. Ba é an sluán a bhí aige ‘Il cinema è l’arma più forte’ (is é an phictiúrlann an t-arm is láidre) agus léirigh sé an mana seo trí scannáin eipiciúla cosúil le Scipio Africanus (1941), a chuir in iúl, go hindíreach, an rún a bhí aige ionradh a dhéanamh ar thuaisceart na hAfraice. Cé nár mhair ll Duce fada go leor le Cinecittà a fheiceáil ag teacht in inmhe, chuir sé tús le tionscal tábhachtach a chothaigh sainaicme scannaíochta chomh maith le roinnt de na scannáin is suntasaí agus is clúití i stair scannánaíochta na hEorpa.

Bhain Cinecittà an ‘dolce vita’ amach le linn na 50í agus 60í le scannáin ar nós Ben-Hur (1959) le William Weyler, áit a bhfeictear Charlton Heston ag rásaíocht carbaid: La Dolce Vita (1960) le Federico Fellini agus an radharc íocónach de Anita Ekberg ag lapadaíl i bhFoinse Trevi : Cleopatra (1963) le Joseph L. Mankiewicz a chuir Richard Burton agus Elizabeth Taylor le chéile mar Mharcas Antaine agus Cléopatra.

Seandraíocht na Seanré

Bhí Cinecittà aitheanta mar an Hollywood ar an Tibir agus mealladh réaltóga móra cosúil le Audrey Hepburn, Kirk Douglas agus Gregory Peck le scannáin a dhéanamh ann. Bhí stair agus draíocht ag baint leis na stiúideonna ansin, rud nach raibh caillte ar na stiúrthoirí chomh maith leis na haisteoirí. Dúirt Federico Fellini gurbh é Cinecittà an áit inar ‘thosaígh agus inar chríochnaígh gach cineál caidrimh, cairdis, eachtra agus turais’ sa saol.

In ainneoin nach bhfuil scannáin Iodálacha chomh haitheanta ar bhonn idirnaisiúnta inniu is a bhí sna 50í agus 60í, tá an tionsal scannánaíochta beo beathach go fóill. Bíonn tionscadail teilifíse Iodálacha chomh maith le cinn choimhthíocha á ndéanamh i gCinecittà agus mealltar na sluaite isteach go laethúil chuig an taispeántas buan atá ann faoi stair na háite.

Ina ainneoin seo ar fad, tá éiginnteacht ann faoi thodchaí Cinecittà agus faoin bhealach is fearr leis an oidhreacht shaibhir seo a chaomhnú. Ba leis an stát an eagraíocht anuas go dti 1997, nuair a díoladh 80% de na scaireanna leis an mheitheal chorparáide, Italian Entertainment Group. Is é an sprioc atá acu sin leanúint leis an traidisiún scannáin mhóreachtraíochta a dhéanamh ann ach, gí go bhfuil tacaíocht rialtais ar fáil chomh maith le 25% de laghdú cánach faighte acu, níl ag éirí go maith le Cinecittà faoi láthair agus tá an bhainistíocht faoi bhrú le foinsí maoine eile a aimsiú.

Fostaithe in Amhras

Ba iad From Rome with Love (2012) le Woody Allen chomh maith le Páis Chríost (2004) le Mel Gibson an dhá mórscannáin is déanaí a rinneadh i gCinecittà (tá sé níos saoire ag déantóirí scannán mór dul chuig áiteanna eile sa domhan cosúil le hoirthear na hEorpa) agus tá fiacha móra bailithe ag an eagraíocht mar gheall ar an easpa oibre seo. Tá beartaithe anois ag Uachtarán Cinecittà, Luigi Abete, páirc siamsaíochta agus ionad saoire a dhéanamh ann, cosúil le Disneyland, leis an teacht isteach a ardú agus todchaí an tsuímh a chinntiú.

Níl rud ar bith curtha i gcríoch go fóill ach tá cuid fostaithe Cinecittà go mór in amhras faoin bheart seo de réir cosúlachta agus bhí siad ar stailc go dtí le gairid lena n-imní agus a míshasamh a chur in iúl.

Deir Signor Basso, stiúrthóir bainistíochta Cinecittà go gcaithfear roghanna cróga a dhéanamh agus é ag caint faoin phlean ghnó nua atá aige. Mar fhreagra air seo, deir siad siúd nach bhfuil geanúil ar a phlean, nach mbeidh de thoradh air ach go mbeidh an lámh in uachtar ag an tsiamsaiocht chorparáideach sa deireadh agus tionscnamh ealaíonta na scannaíochta agus na daoine atá fostaithe ann thíos leis.

Tugann Cinecittà ‘Monarcha Brionglóidí’ air féin; inseoidh an aimsir cé acu brionglóid nó tromluí atá i ndán do na stiúideonna cáilúla seo san am atá romhainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.