AR NA SAOLTA SEO
Cill Chiaráin na Breataine Bige: Curachaí agus Clocha Oghaim
Diarmuid Johnson Diarmuid Johnson

Is gar i ngaol dúinn gnéithe go leor de bhéascna agus de shean-nósanna na Breataine Bige mar a fuair Diarmuid Johnson amach ar a chamrian trí sheanreilig i gCymru agus ar bhruach abhainn Teifi.

Íomhá
Iascach
Íomhá
Corwg ar iompar ag duine
Íomhá
Cloch oghaim sa mBB a bhí ann i ngan fhios go dtí seo
(© DJ)
Íomhá
Taobh na Cloiche
(© DJ)
Íomhá
Abhainn an Teifi
(© DJ)
Íomhá
Tigerrnaci Dobacni i gCilgerran

Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Ní Chonghaile:

San áit a dtéann abhainn an Teifi i bhfarraige, ar an teorainn idir Ceredigion agus Penfro, seachtó míle soir thar farraige ó chósta Loch Garman ̵ sin é an ceantar is líonmhaire ar fhág na Sean-Ghaeil clocha oghaim ina ndiaidh sa mBreatain. Chuaigh mé ag tóraíocht cuid de na clocha céanna an tseachtain seo caite. Níor thuras in aisce é.

Go baile Cilgerran ̵ Cill Chiaráin ̵ cúig mhíle ó bhéal an Teifi a thug mé an chéad seársa. I mo scorach dom dhá scór bliain ó shin a chonaic mé an chloch oghaim go deireanach i reilg Naomh Llawddog ar an mbaile sin. Bhí sí romham arís, mullach bán uirthi mar a bheadh ar sheanóir ar bith agus rian na haimsire ar a craicinn, í ina seasamh go ciúin scéalach san áit ar cuireadh i dtalamh í míle go leith bliain ó shin. ‘Tigernaci Dobacni’ an inscríbhinn atá le léamh uirthi: ‘an tiarna dubh’ (no Duibhne).

Llandudoch

An dara fód ar casadh mo chois ann an lá sin, St Dogmaels is ainm dó nó Llandudoch i mBreatnais. Bhí mainistir mhór ansiúd ar leataobh an ghleanna i mbéal na habhann sa dara haois déag agus manaigh oird Tiron as Albain aduaidh i mbun tráth agus urnaí ann. Tá cloch oghaim sa séipéal in aice na mainistreach a bhfuil idir Ghaeilge ársa agus Laidin uirthi: tá an dá fhocal ‘Sagranus’ agus ‘Cunotami’ le tuiscint, dhá ainm.

Cloch Chill Chiaráin agus cloch Llanddudoch, sin dhá chloich a bhfuil seancháil orthu agus iad fós le feiceáíl mar a raibh siad riamh. An chloch oghaim i séipéal Llanwenog an ceann ab fhaide suas faoi ghleann na habhann, í fiche míle ón bhfarraige. ‘Trenacatus’ agus ‘Maglagni’ an t-ainm athar agus mic atá ar an gcloich sin ̵ ‘tréanchath’, ‘málán’ (> Maoláin; ‘prionsa’) agus ‘cú’ an trí fhocal ansin is dóigh. Tá cloch eile i mBridell láimh le Cill Chiaráin, agus ceann i Llanarth tamall ó bhaile. Ach ar féidir go bhfuil clocha oghaim ann nár tugadh suntas dóibh cheana? An bhfuil tuilleadh ann gan tuairisc?

Bóithrín soir ó thuaidh as Cellan gar do Lampeter a chuir mé romham a shiúl anois. Agus is ann a chonaic mé ursa bhreá chloiche ina seasamh le taobh an bhealaigh. Í síonchaite go leor, buille géar as a barr, í domhain go leor i dtalamh de réir cosúlachta. Tharraing mé pictiúir di. Féachaidh libh iad ar thaobh na deiseoige, a léitheoirí dhil na cruinne. Céard is dóigh libh, más saineolaithe sibh? Ar cloch oghaim atá inti? Ní fheicim féin a leithéid luaite ar aon léarscáil.

Y Corwg – An Churach

Más cloch oghaim atá san ursain bhalbh seo tamall siúil ó Lampeter na Breataine Bige, b’fhéidir nach beag an scéal é. Céard atá sa scríbhinn? Tá sí róchaite le léamh sílim. Nó b’fhéidir nár críochnaíodh an scríbhneoireacht. Tá sí ó thuaidh den áit a bhfuil abhainn an Teifi inseolta, Llanybydder abair, nó Maes-y-Crugiau (maigh na gcarn) ar a fhaid. Ach ní shin le rá nach de shiúl na gcos a chuirfeadh an bádóir na mílte deiridh de agus é ag brú faoi thír agus faoi shliabh. Agus más bád ar déanamh na curaí a bhí aige, tóin mhín leathan uirthi seachas an droimlorga, níor dhóigh dó gan a theacht aníos go láidir, agus an churach a iompar san áit a bhfuil eas agus mearuisce in Cenarth agus Caisleán Nua Emlyn. Agus más tuairimíocht atá sa méid sin, ní féidir a shéanadh go bhfuil ceist ann fós maidir leis an gcloich.

Rud eile, tá fianaise ann faoi bháid gan droimlorga ar abhainn an Teifi. ‘Corwg’ a thugann siad orthu. Agus is le Cill Chiaráin agus Cenarth is minicí a luaitear iad. Curach an Teifi, an ‘corwg’ nó ‘cwrwgl’, is ciseán báid atá ann, seas amháin inti, í corrach, bambairneach ar an uisce, ach déanamh na huibhe uirthi nach mór, agus í beagbheann ar an sruth dá réir ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh. Dúradh liom go háitiúil nár tugadh ceadúnas nua ar bith amach ó 1935. Ach bíonn cead ag an mac ceadúnas an athar a úsáid.

Déisigh na Breataine Bige

An tríú seachtain de mhí Lúnasa bíonn geallta dá gcuid féin acu i gCill Chiaráin, rud ar scigmhagadh é ar ndóigh, mar is ar mhaithe le codladh mín a dhéanamh ar an uisce a tógadh na báidíní beaga seo an chéad uair agus ní le siúl ná deifir. Tá an churach ar snámh anseo ó gearradh litreacha Gaeilge ar chlocha arda in abhantrach an Teifi. Agus cé nach dóichí go raibh báid na nGael ar aon chruth leo, bhí siad ar aon cheardaíocht leois slatracha agus craiceann atá iontu. (Na Gaeil adeirimse, ach is dóichí go mb’fhearr na Déisigh a thabhairt orthu – na Déisigh thiar agus Dyfed thoir.)

Má bhíonn tú in Éirinn bí in Árainn: tá an chaint sin ann ó aimsir Éanna agus Choilm Cille. Agus má bhíonn sibh sa mBreatain, bígí i gCill Chiaráin cúig mhíle ón bhfarraige agus cúig mhíle fichead ó Abergwaun (Fishguard) áit a dtagann na báid farantóireachta le caladh. Bíonn geallta curachaí ann mí Lúnasa, agus tá caisleán mór mursanta ann ó aimsir na Normanach a bhfuil fuil, fuadach agus fionaíl feicthe ag a chuid ballaí. Ach sin scéal eile.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Gaillimheach é Diarmuid Johnson a bhfuil blianta caite aige ag obair i dtíortha thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.