CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Ciarán Ó Maonaigh: ceoltóir óg atá dílis don traidisiún Conallach
Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann

Labhair Úna Nic Gabhann le Ciarán Ó Maonaigh faoina albam nua agus faoin teaghlach cáiliúil lena mbaineann sé.

Íomhá
Íomhá

Bhí céiliúradh mór ar siúl i dtigh Hiúdaí Bhig i nGaoth Dobhair an mhí seo caite nuair a sheol Cathal Goan, Ceannasaí RTÉ, dlúthdhiosca úr leis an fhidléir óg de bhunadh na háite, Ciarán Ó Maonaigh. Ceol a’ Ghleanna/The Music of the Glen an teideal atá ar an albam, an chéad cheann ó Chiarán, agus poirt Chonallacha is mó atá le cluinstin air.

D’éirigh Ciarán Ó Maonaigh aníos i nGaoth Dobhair agus ceol traidisiúnta an chontae beo beathach thart fá dtaobh de. Baineann Ciarán leis an teaghlach is mó a bhfuil clú an cheoil orthu sa cheantar, muintir Mhaonaigh. Is é Francie Mooney a athair mór agus is í Mairéad Ní Mhaonaigh as Altan a aintín. Is daoine iad an bheirt sin a chuir ceol traidisiúnta Dhún na nGall i gcuisle na tíre seo agus i mbéal an phobail ar fud an domhain. Bhí tionchar mór acusan air, gan trácht ar a uncail Frankie Kennedy, nach maireann, agus ceoltóirí eile an ghrúpa Altan.

Thosaigh Ciarán féin a fhoghlaim na fidle nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois, faoi stiúir a athar mhóir, Francie, agus cé go raibh dúil aige sa cheol, bhí a intinn dírithe ar nithe eile ag an am. “Bhí níos mó suime agam sa pheil nuair a bhí mé an aois sin,” a deir sé, agus mar gheall air sin rinne sé neamart san fhidil. “Thógainn amach as an bhosca í uair roimh an rang agus d’fhágainn sa bhosca í don chuid eile den tseachtain,” a admhaíonn sé.

D’fhreastail Ciarán ar ranganna ceoil chomh maith nuair a bhí sé ar an bhunscoil ach níor thaitin siad leis cionn is go raibh barraíocht brú air. “Bhris mé an fhidil trasna mo ghlúine. Bhí fuath agam uirthi.” Measann sé anois go mbíonn méid áirithe brú de dhíth le cinntiú go n-éireoidh leat caighdeán ard a bhaint amach ar uirlis ach bhí spás de dhíobháil air lena shuim sa cheol a mhuscailt ann féin agus thug a athair mór an spás sin dó. “Ní raibh Francie dian orm,” a deir sé.

Tuigeadh dó an neamart a bhí déanta aige san fhidil nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois agus é ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i gContae an Chláir. “Chonaic mé na daoine seo a bhí an aois chéanna liom, agus níos óige, a bhí míle uair níos fearr ná mé agus dúirt mé liom féin nach raibh sé seo maith go leor.” Chinn sé ag an am sin ar luigh isteach ar an uirlis a fhoghlaim i gceart.

D’éirigh le Ciarán gradam TG4, Ceoltóir Óg na Bliana, a bhaint anuraidh. Deir sé gur chuir an bua sin brú áirithe air ach deir sé fosta “go ndeachaigh an brú i bhfeidhm orm agus go dtáinig mé chun cinn rud beag”.

Tá cuid mhór tacaíochta faighte i dtólamh aige óna theaghlach féin. Nuair a chuir mé ceist air an bhfuil míbhuntáistí ag baint le bheith i do bhall de theaghlach atá cáiliúil ó thaobh an cheoil de, dúirt sé: “Thiocfadh leat díriú ar na míbhuntáistí ach sílimse go bhfuil lear buntáistí ann. Cé acu a bhfuil dúil agam ann [sa cheol] nó nach bhfuil, tá mé sáite ann.”

Ceol traidisiúnta Thír Chonaill

Ní hamháin go bhfuil Ciarán sáite sa cheol ó thaobh a theaghlaigh de ach tá sé ar maos i gcultúr láidir an cheoil thraidisiúnta i dTír Chonaill chomh maith. Tá sé go mór faoi thionchar cheoltóirí an chontae, leithéidí James Byrne (d’fhreastail Ciarán ar ranganna dá chuid), Tommy Peoples agus Dermot McLoughlin, agus iad siúd nach maireann, John Doherty, Frank Cassidy agus Micky O’Byrne. “Sin uilig ar éist mé leis go dtí go dtáinig mé chun an choláiste i mBaile Átha Cliath,” a deir sé. Ní cúis iontais é mar sin gur poirt Chonallacha iad formhór na dtraiceanna atá ar an albam úr.

Ciarán féin a léirigh an t-albam, i stiúideo Paul Gurney i Longford. Bhí taifeadadh déanta aige roimhe sin sa bhaile agus, cé nár éirigh leis an iarracht sin, bhí sé cinnte go raibh an t-ábhar aige le halbam maith a chur le chéile. Tá moladh mór aige don stiúideo; deir sé go raibh sé compordach ansin agus gur bhraith sé ar a shaimhín só. Dá bharr sin, agus mar gheall ar an tacaíocht a thug Paul Gurney dó, níor ghlac sé ach dhá lá an t-albam a thaifeadadh.

Is léir go bhfuil patuaire a óige caite uaidh ag Ciarán agus gur ceoltóir díograiseach anois é. Cé go bhfuil sé sásta leis an dlúthdhiosca, “thiocfadh liom é a dhéanamh rud beag níos fearr”, a deir sé. Bhain sé úsáid as focail Sting - “You never finish an album, you abandon it” - leis an rud a bhí i gceist aige a mhíniú dom. Ach, ag an am chéanna, níor mhaith leis a bheith róphroifisiúnta. “Chíonn tú albaim atá proifisiúnta agus thiocfadh leis an ríomhaire an rud céanna a dhéanamh; níl spiorad ar bith ann. Caithfidh tú an léibheal ceart a aimsiú - idir proifisiúnta agus bríomhar.”

Níl ach beirt cheoltóirí eile le cluinstin ar an albam: Dermot McLaughlin (fidil) agus John Blake (giotár). Tá sé neamhchoitianta tionlacan chomh lom sin a bheith le fáil ar dhlúthdhiosca na laethanta seo, ach shocraigh Ciarán air seo d’aon ghnó. “Má tá barraíocht uirlisí ann, ní chluineann tú an duine féin. Tá an ceol aonair níos speisialta, tá níos mó fiúntais ag baint leis.” Tá suim aige féin agus ag Dermot McLoughlin sna ceoltóirí céanna agus deir sé gur chuir John Blake go mór leis na poirt a phioc siad, gur chuir sé snas orthu. Tá Ciarán iontach buíoch de na ceoltóirí sin agus den Chomhairle Ealaíon a thug tacaíocht airgid dó, agus de Raidió na Gaeltachta fosta.

Fear óg oscailte é Ciarán Ó Maonaigh, ach fear é atá dílis dá thraidisiún féin agus a thuigeann an dualgas atá air maidir leis an traidisiún sin. Cé go bhfuil suim aige i dtraidisiúin éagsúla ceoil b’fhearr leis i gcónaí a bheith fíor don traidisiún Conallach. “An ceol traidisiúnta a choinneáil traidisiúnta, gar don tseanstíl, sin an aidhm atá agamsa agus sin an ceol a bhfuil dúil agam ann,” a deir sé. “Caithfidh tú a bheith fírinneach duit féin agus tú ag cur ceoil ar albam.”

Gan amhras ar bith, tá éirithe le Ciarán Ó Maonaigh é sin a dhéanamh ar an albam úr seo, Ceol a’ Ghleanna.

Má tá suim agat éisteacht le cuid den dlúthdhiosca seo téigh chuig www.claddaghrecords.com nó chuig suíomh Chiaráin féin www.comfiddle.com

Is as Leitir Ceanainn i nDún na nGall í Úna Nic Gabhann. Tar éis di céim MA sa Nua-Ghaeilge a chríochnú in 2002, chaith sí tréimhse ag múineadh Gaeilge sa University of Wisconsin, Milwaukee agus chónaigh sí i Meicsiceo ar feadh tamaill chomh maith.

Comórtas

Más mian leatsa cóip d’albam nua Chiaráin Uí Mhaonaigh a bhuachan, cuir freagra na ceiste seo thíos chuig an seoladh alt@beo.ie roimh an 29 Lúnasa. Ceist: Cé as Ciarán Ó Maonaigh? Bíodh an focal ‘Comórtas’ mar theideal ar do theachtaireacht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.