AR NA SAOLTA SEO
Chutzpah na nIosraelach
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Deirfiúr don mhéarnáil bhán is ea an béal bán. Tá Maidhc Ó Cathail ag léamh ar an dream is mó a bhíos ag síneadh na méire ar cheap milleáin eile roimh cogaidh.

Íomhá
Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire na nIosraelach (ar Vicipéid)
Íomhá
Príomh-Aire na hIodáile Silvio Berlusconi ag an Teach Bán (ar Vicipéid)

Chutzpah: that quality enshrined in a man who, having killed his mother and father, throws himself on the mercy of the court because he is an orphan.Thapaigh Benjamin Netanyahu an deis, agus é ag fáiltiú roimh Silvio Berlusconi go hIosrael ar na mallaibh, leis an Iaráin a dhamnú uair amháin eile. Mar is dual don phríomhaire Iosraelach, labhair sé faoi mar a bheadh sé ina choinsias ar an gcine daonna: “Humanity stands before one of its most difficult tests since World War II. The radical Islamic regime threats [sic] the well-being of the state of Israel, the region, and all of humanity.”

Agus faoi mar a bheadh sé ina thoscaire Iosraelach, d’fhreagair phríomhaire na hIodáile:

My job is to make sure that world leaders do not commit the same error of the past, the error of indifference that brought about the greatest tragedy in history.”

I gclár faisnéise den chéad scoth dar teideal Defamation a rinne an scannánóir Iosraelach Yoav Shamir faoin bhfrith-Ghiúdachas, léiríonn an tOllamh Norman Finkelstein an straitéis seo, .i. an leas a bhaineann lucht an chogaidh as fulaingt na nGiúdach san am atá caite. Dar le Finkelstein,

The irony is that the Nazi holocaust has now become the main ideological weapon for launching wars of aggression. Every time you want to launch a war of aggression, drag in the Nazi holocaust.”

Le bheith níos cruinne, gach uair a dteastaíonn ó lucht Iosrael go rachadh tíortha eile i mbun cogaidh ar a son, bainfidh siad leas as an Uileloscadh. Ach oiread le go leor Síónach eile, rinne Netanyahu amhlaidh roimh an ionradh ar an Iaráic. In eagarfhocal dar teideal “The Case for Toppling Saddam” sa Wall Street Journal ar an 20 Meán Fómhair, 2002, mheabhraigh sé nach ndearna na tíortha daonlathacha rud ar bith le Hitler a stopadh in am.

An Iaráin

Agus díreach mar atá ag tarlú arís eile, maidir leis an Iaráin inniu, bhí Netanyahu ag iarraidh muintir Mheiriceá a scanrú i 2002 mar gheall ar bhagairt eithneach na hIaráice nárbh ann dó. Bhí Saddam Hussein, dar leis, “feverishly trying to acquire nuclear weapons.” Cé nach raibh aon fhianaise aige, thug sé le tuiscint go bhféadfaí ábhar eithneach a bheith curtha i bhfolach áit ar bith ar fud na tíre móire sin. Dá bhrí sin, dúirt sé nach raibh an dara rogha ag SAM ach deireadh a chur le rialtas Saddam.

Le os cionn milliún daoine maraithe agus beagnach cúig mhilliún díláithrithe san Iaráic mar gheall ar na hairm ollscriosúla nárbh ann dóibh, cheapfá go mbeadh doilíos éigin ar Netanyahu. Beag an baol! Eisean atá ar thús cadhnaíochta ag iarraidh cogadh a bheadh níos tubaistí fós a spreagadh in aghaidh na hIaráine.

An bhfuil focal níos fearr ná “chutzpah” – focal Giúdaise a chiallaíonn “dánacht gan náire” – le hiompar Netanyahu agus a chomhbhádóirí a chur in iúl? In ionad a admháil gurb é Iosrael an t-aon tír amháin sa Mheánoirthear a bhfuil airm eithneacha aige, díríonn lucht Iosrael aird an domhain ar bhagairtí nach ann dóibh óna gcuid céilí comhraic sa taobh sin domhain. In áit leithscéal a ghabháil faoina gcuid coireanna in aghaidh na bPailistíneach, cuireann Iosrael é féin i láthair mar chosantóir na sibhialtachta i goinne fhorrántacht Ioslamach. Agus in ionad na bréaga go léir a d’inis siad i dtaobh na hIaráice a admháil, tá lucht Iosrael gnóthach ag cumadh tuilleadh bréag faoin Iaráin.

Níor inis príomhaire Iosrael bréag, áfach, nuair a dúirt sé: “Humanity stands before one of its most difficult tests since World War II.” Ach ní hé an réimeas radacach Ioslamach atá ina bhagairt ar leas an chine daonna...

Foilsíodh leagan den alt seo i bpríomhnuachtán Béarla na hIaráine, an Tehran Times: http://www.tehrantimes.com/PDF/10810/10810-5.pdf

Naisc: http://ga.wikipedia.org/wiki/AnDaraCogadhDomhandaAlt an WSJ http://www.netanyahu.org/casfortopsad.htmlFaire! Seachain! Gortú méarnála. Crua http://en.wikipedia.org/wiki/File:Ayman2.jpghttp://en.wikipedia.org/wiki/Whitephosphorus(weapon)#2008.2F9Israel.E2.80.93Gazaconflicthttp://www.normanfinkelstein.com/http://www.youtube.com/watch?v=gchf4VgtK4http://www.youtube.com/watch?v=MKgph9PV3SA&feature=channelhttp://www.youtube.com/watch?v=nMkfYuF1cgQhttp://english.aljazeera.net/news/middleeast/2009/01/2009110181945232797.htmlhttp://vodpod.com/watch/1448206-israeli-soldiers-admit-war-crimes-revealing-audio-interview-with-major-avital-leibovichhttp://www.youtube.com/watch?v=MqZ5zqUgxFU&feature=relatedAn Iaráin http://whatreallyhappened.com/WRHARTICLES/IranvIsrael.php

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.