AR NA SAOLTA SEO
Chomhaltas Ceoltóirí Éireann
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Má bhí lúb ar lár i bplean CCÉ, is cosúil go raibh suim trí mhilliun €uro ar tí titim isteach ina gciste fós féin. Deir an tAire Ó Cuív nach raibh próiseas maoinithe Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chomh trédhearcach agus ba cheart dó a bheith. Aontaíonn Breandán Delap leis.

Íomhá
Comhaltas Ceoltóirí Éireann
Íomhá
An tSeanadóir Labhrás Ó Murchú
Íomhá
Údarás na Gaeltachta
Íomhá
An tAire Ó Cuív

An mhí seo caite léirighnach raibh oiread is cáipéiscomhfhreagrasmeamramtuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna. Ábhar iontais ab ea é sin i bhfianaise oiread cainte a bhí déanta ag an Aire Éamon Ó Cuív ar an ábhar. An mhí seo, áfach, is mian liom tabhairt faoi easnamh i bhfad níos tromchúisí i gcomhaid na Roinne sin.

Ba bheag dea-scéala a fuair eagraíochtaí na seirbhíse poiblí i gcáinaisnéis na bliana 2009. Go deimhin déanadh oiread sin de chiorrú ar bhuiséad an Údarás Comhionannais (43%) gur bhraith Príomhfheidhmeanach na heagraíochta, Niall Crowley agus seisear ball den bhord, nach raibh an darna suí sa bhuaile acu, ach éirí as a gcúram. Níorbh aon eisceacht í earnáil na Gaeilge ach an oiread. Déanadh slad ar Údarás na Gaeltachta, mar shampla, agus baineadh ionann is €3m dá mbuiséad bliantúil. Maítear go bhfuil an maoiniú a dhéanann siad ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i mbaol dá dheasca. Ach bhí eagraíocht amháin a bhí sásta go maith lena bhfáltas – Comhaltas Ceoltóirí Éireann – a fuair €3m sa bhuiséad ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Táthar ann a deir nár cheart go mbeadh Comhaltas ag fáil maoiniú ó Chiste na Gaeilge ar chor ar bith mar gur eagraíocht ealaíne iad, go príomha, a bhfuil cur chun cinn an cheoil Ghaelaigh mar phríomhchuspóir acu. Ní hionann sin le rá, áfach, nach bhfuil a gcuid déanta acu ar son na teanga agus níl dabht ar bith ach go dtapaíonn an eagraíocht, agus a n-Ard Stiúrthóir, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, gach deis leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Is maith an eiseamláir é an Seanadóir Ó Murchú ó thaobh uasmhéid úsáide a bhaint as an teanga go poiblí agus is trua nach leanfadh baill Oireachtais eile a dhea-shampla.

tiomántas na heagraíochta i leith na teanga leagtha síos ina gcáipéis ‘An Comhaltas agus an Ghaeilge.’ Maítear ann go gcuireann siad “seirbhísí ar fáil do 2m duine gach bliain agus ‘pseudo elitism’ i leith na Gaeilge á sheachaint” acu. Níl aon sainmhíniú tugtha sa cháipéis ar cad is ‘pseudo elitism’ ann (nó cén dóigh lena sheachaint) agus b’fhéidir gurbh fhiú an €3m é sin ann féin!

Bíodh sin mar atá, shílfeá go gcaithfidh sé go raibh cás láidir curtha le chéile acu i mbliana leis an oiread sin airgid a shú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag am nuair atá na cianógaí gann. Bhí iontas an tsaoil orm arís eile leis an toradh a fuair mo chomhleacaí, Áine Lally le Nuacht TG4, nuair a d’fhiosraigh sí an scéal tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise. Ní raibh i seilbh na Roinne ach iarratas aonarach a rinne Comhaltas i leith maoiniú a fháil do Bhrú Ború, ceann de phríomhfhorais cheoil na heagraíochta atá lonnaithe i gCaiseal na Mumhan. “Do bheadh sé an-spreagúil dóibh dá mbeadh deontas bliantúil le fáil acu, abair €50,000 ón Roinn. Is cinnte go gcabhródh sé seo go mór chun stádas Brú Ború a chothú agus forbairt bhreise a dhéanamh air a bheadh ar leas na Gaeilge san timpeallacht,” a scríobh Ard-Stiúrthóir Chomhaltais, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú ina iarratas chuig an Aire Ó Cuív ar an 12 Eanáir 2008. Chuir an tAire Ó Cuív an t-iarratas faoi bhráid Príomhoifigeach Rannóg Polasaí na Gaeilge leis an iarratas a mheas "agus moladh a chur faoi mo bhráid."

Seachas sin faic na nGrást. Go deimhin d’admhaigh an Roinn féin san iarratas ó Nuacht TG4 nach bhfuil “aon chomhfhreagras nó iarratas le haghaidh breis maoiniú a tháinig ón gComhaltas sular fógraíodh buiséad 2009 ag an Roinn.” Is féidir a rá mar sin gur chuir Ard-Stiúrthóir Chomhaltais iarratas faoi bhráid na Roinne ag lorg €50,000 agus go bhfuair sé €3m ina áit. Is ionann sin agus seasca oiread an mhéid a bhí á lorg aige. Fad is a bhí gíoscán fiacla ar siúl ag leithéidí an Údarás Comhionannais agus Údarás na Gaeltachta faoin €2.5m agus €3m fá seach a chaill siad i mBuiséad 2009, bhí an pota óir bainte ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann! Nach aisteach sin in am nuair atá na pingineacha gann? Nach aisteach fosta nach bhfuair eagraíocht a bhí ag lorg airgid (Údarás na Gaeltachta) an €3m a rabhthas ag súil leis fad is go bhfuair eagraíocht eile (Comhaltas Ceoltóirí Éireann) €3m nár iarr siad!

Is iomaí ceist a eascraíonn as seo. Cad chuige an t-airgead agus cén fáth nár déanadh iarratas i scríbhinn ar a shon? An bhfuil bealach ar fáil don Seanadóir Ó Murchú le hidirbheartaíocht a dhéanamh lena chuid comhleacaithe i bhFianna Fáil seachas dul tríd na gnáthrúibricí? Cén dóigh a bheidh a fhios ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuiltear ag fáil luach a gcuid airgid ón mhéid a tugadh do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann nuair nár leagadh aon phlean foirmeáilte os a gcomhair roimh Cáinaisnéis 2009? Cén chumhacht draíochtúil atá ag an Ard-Stiúrthóir nuair a d’éirigh leis 60 oiread airgead ná mar a bhí á lorg aige a chrú as an Roinn fad is a bhí faobhar á chur ar an chorrán? Is cinnte go mbeadh suim faoi leith ag Údarás na Gaeltachta i bhfreagra na ceiste sin.

Ach níl an scéal chomh simplí is a mheasfá. Mar fhreagra ar na ceisteanna a tháinig chun solais, mhínigh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, in agallamh fiche bomaite le Nuacht TG4 - ar craoladh na príomhphointí as i lár mí Eanáir - gur thar tréimhse de bhlianta a déanadh an t-iarratas seo agus gur dócha gur tríd an Roinn Airgeadais nó an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta a rinneadh é. Dúirt sé fosta gur go gairid roimh an bhuiséad a déanadh an socrú €3m a chur ar fáil agus gur airgead caiptil le hionaid ceoil a fhorbairt atá i gceist le cuid mhaith de. Tá sé i gceist an t-airgead caipitil sin a aistriú ar ais go dtí an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta go luath le tabhairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Ach ní féidir a shéanadh gur mar airgead reatha a cuireadh i láthair é i mbuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i meastúchán na cainaisnéise (féach lch. 61 de Leabhar na Meastúchán ar shuíomh gréasáin na Roinne Airgeadais.)

D’adhmhaigh an tAire Ó Cuív, áfach, nach raibh aon chinnteacht ann go bhfaighfeadh Comhaltas iomlán an airgid sin ag an tráth seo agus nach n-íocfadh roinn stáit ar bith amach airgead le heagraíocht gan plean faoin dóigh a mbeadh sé le caitheamh. Dúirt sé go gcinntíonn córas an Acht um Shaoráil Faisnéise nach bhféadfadh aon rud míchuí a bheith ar siúl ag ranna stáit maidir le dáileadh airgid.

Deir sé nach raibh aon bhaint dubh, bán ná riabhach ag an ardú airgid a fuair Comhaltas leis an ísliú airgid a tugadh d’Údarás na Gaeltachta. Séanann sé leis go raibh aon bhaint ag ballraíocht Ard-Stiúrthóir na heagraíochta - an Seanadóir Labhrás Ó Murchú - i bpáirtí Parlaiminteach Fianna Fáil leis an mhaoiniú bhreise a tugadh dóibh. Ní mór dúinn glacadh le focal an Aire faoi sin.

Thug an Roinn Ealaíon, Spórt agus Turasóireachta breis is €12m do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann le dornán blianta anuas leis na hionaid ceoil seo a fhorbairt. Ní léir, áfach, cad tuige ar aistríodh cúram maoinithe airgead caipitil na heagraíochta ón Roinn Ealaíon go Roinn na Gaeltachta agus ar ais arís. D’admhaigh an tAire Ó Cuív in agallamh le Nuacht TG4 nach raibh an próiseas chomh trédhearcach agus a ba cheart dó a bheith. Bhí an ceart aige!

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal, Co na Gaillimhe.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.