CÚINNE NA nEALAÍON
Chakraí
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Is gaire cabhair ná an doras, más fíor an scéal féinleighis seo le Colm Ó Snodaigh. Análú agus guthú leis agus tú i mbun machnaimh, is maith é dar leis.

Íomhá
Machnaimh Tien Tai leis an Buddhist Tripitaka Center
Íomhá
Crann leighis, Tobar an Ailt, Sligeach
Íomhá
Lus na gCnámh - comfraí agus cál faiche

Suím síos. Cinntím go bhfuilim compordach, go bhfuil mo fón póca bainte, go bhfuil ciúnas sa tigh. Dúnaim mo dhá shúil. Súim ath">anáil isteach go mall trí na pollairí. Braithim mo scamhóga ag líonadh agus mo east, ribcage">chliabhrach ag at. Agus mo bhrollach lán fanaim soicind beag agus scaoilim an t-aer amach go deas réidh ar an mbéal. Deinim seo cúpla uair go bhfaighim rithim anála. Ansin cuirim guth leis an easanáil. ÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁ. Mothaím mo bhrollach ag creathadh beainín. Leanaim le seo ar feadh cúig nóiméad nó mar sin. Ansin anaim an rud céanna leis na gutaí eile.


Ba é Fiachna Ó Braonáin ó na Bláthanna Leochaileacha a thug spléachadh dom ar mhacnamh don chéad uair. (http://www.hothouseflowers.com/news.asp) http://www.myspace.com/fiachnaobraonain))

Thug sé iasacht leabhair dom Inside Transcendental Meditation, nuair a bhíomar ar an méanscoil. Blianta níos déanaí agus spéis fós agam san ábhar, d’fhreastlaíos ar chúrsa leis an modh a fhoghlaim ag ionad TM, cois canálach, i Raghnallach, i ndeisceart Bhleá Cliath.

Tar éis roinnt blianta áfach, agus mé ag cleachtadh an mhodha ar bonn measartha rialta, thosaigh mé ag éirí giodamach, míshocair le linn mo mhacnaimh. Bhíos beagánín cráite. Ba é seo m’am príobháideach ciúnais! Cad a dhéanfainn gan é? Bhí léite agam, timpeall an ama chéanna, faoi mhanaigh i lár na Fraince a bhunaigh saol a mainistreach ar amhránaíocht. Bhí mo dheartháir Rossa díreach fillte freisin ó chúrsa guthaíochta in ionad Roy Hart (sa bhFrainc leis) inar deineadh canadh an lá ar fad. Níor fhág sé fuíoll molta ar an gcúrsa. (http://en.wikipedia.org/wiki/Roy_Hart) (http://www.roy-hart.com/) Agus na smaointe seo i mo cheann, chinneas gur cheart dom mo thréimhse mhacnaimh a bhunú ar chanadh in áit a bheith ar bonn ciúnais. (http://www.youtube.com/watch?v=U9WndBBdq4M&feature=related)

Muna mbíonn luibh, bíonn leigheas

Bhí cónaí orm, ag an am, i lár na cathrach ar Shráid na Mainistreach agus gach maidin agus Rachel (a roinneadh an t-árasán liom) éalaithe léi chun oibre, shuínn síos sa seomra suí agus thosaínn ag canadh. (http://en.wikipedia.org/wiki/Abbey_Street) Chuireas eagar ar dtús ar an gcleas – chaitheas méid áirithe ama ar gach guta agus ansin dhírigh mé ar pé amhrán nó ornáidíocht ar theastaigh uaim a fhoghlaim nó a chleachtadh.

Chaitheas cúpla seachtain leis an gcleachtadh seo agus bhraitheas go rabhas ag cuidiú go mór le mo ghuth. Bhíos chomh sásta sin liom féin gur scaoileas an structúr le fán agus ligeas don lá nó dom’ fhonn féin mé a threorú. Chanainn ÁÁÁ ar feadh fiche nóiméad, cuir i gcás, más sin mar a bhraitheas gur cheart a dhéanamh. Uaireannta eile is ar éigin go dtagadh gíog asaim – corrchrónán lag.

Ar bhealach, ligeas do mo chorp mo ghuth a threorú agus caithfidh mé a rá go raibh na torthaí ana-spéisiúil. Cúpla uair, shleamhnaíos isteach in áit an-aithnid. Tá sé deacair fós orm cur síos a dhéanamh ar conas a bhraitheas. Iomlán aireach b’fhéidir – gach ní á chloisint agam – bhí gach ní á bhrath agam. Corruair agus mé ag canadh ÍÍÍ nó ÚÚÚ agus na nótaí ag líonadh mo bhlaoisc, phléasc eas, nó sruth deora asaim. Nílim fós in ann na heasanna úd a mhíniú, ach bhraitheas go rabhadar ag creimeadh ní éigin ionam a bhí stroimpithe leis na blianta. Níor cheistíos an canadh ná an tionchar a bhí aige orm. Thuigeas go raibh leigheas diamhaireach éigin ar bun agus leanas leis an ‘structúr’ nua neamheagraithe.

Fáthmheas agus Féinleigheas

Deintear ana-chuid cainte faoi ‘chakras’ i saol an leighis ailtéarnaighnóid diamhaireacha a bhfuil fuinneamh, dathanna, mothúcháin, codanna lárnacha de chóras endocrine na colainne agus fuaimeanna na ngutaí luaite leo. Is cuid de chóras leighis na hIndia na chakraí céanna agus le leathadh fhealsúnacht an oirthir chugainn sna seascaidí, tháinig fás faoi líon na ndaoine a chuir a muinín i bhfealsúnacht agus i gcórais leighis na hIndia.

Thosaíos ag cur spéise sna chakraí céanna nuair a bhí othras boilg orm, agus mé sna luathfhicheadaí. Bhíos tar éis éirí bréan des na taibléadaí a thugadh an dochtúr dom. Thuigeas gur mé féin ba chúis leis an othras, ach níor thuigeas cén fáth agus níos tábhachtaí fós, ní rabhas ábalta teacht ar leigheas. Thosaíos, mar sin, ag cuardach cóir leighis lasmuigh de ghnáth-theanga an dochtúra.

Sa tochailt sin, tháinig mé ar mo leigheas féin – meascán mór de nithe difriúla atá róchasta le míniú anseo. Athruithe im’ iompar ba mhó a bhí i gceist, ach braithim gur chuidigh mo cheolmhacnamh chomh maith. An é gur chuidigh an canadh gutaí le sruthanna fhuinnimh na chakraí a chneasú? Níl a fhios agam óir is leigheas seachas cruthú eolaíochta a bhí á lorg agam agus má bhí orm ÁÁÁ agus ÚÚÚ a chanadh ar feadh tréimhse áirithe gach maidin leis an leigheas a fháil, bhíos níos mó ná sásta sin a dhéanamh.

Ar ais ar mo sheanchantain

Tá sé tamaill ó fuaireas an deis leis an gcanadh seo a dhéanamh ar bonn laethúil – bím i gcónaí ag canadh, ach braithim an domhainchanadh macnaimh uaim. Léamh eile ar an scéal ná go mb’fhéidir nach bhfuil gá agam dó faoi láthair.

Mé suite go compórdach anois, mo fón póca bainte, an ríomhaire múchta. Dúnaim mo dhá shúil. Súim anáil mhall isteach ar phollairí mo shróna. Braithim mo scamhóga ag líonadh agus mo chliabhrach ag ardú agus ag at. Scaoilim an t-aer amach go mall réidh ar mo bhéal. Cuirim nóta leis - ÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁÁ.

(Mar fhocal scoir http://en.wikipedia.org/wiki/Chakra)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.