CÚINNE NA nEALAÍON
Ceol agus Cairdeas
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Scaipeann cúinsí an tsaoil sinn i mbealaí éagsúla. Ach níl aon rud níos fusa ná seanchairdeas a mhúscailt in athuair, go háirithe má bhíonn ceangal an cheoil i gceist, mar a mhíníonn Colm Ó Snodaigh.

Íomhá
Fiachna Ó Braonáin (sa lár) agus a bhanna nua ceoil Prenup
Íomhá
Tá Colm níos fearr ó thaobh na ngaothuirlisí anois ná mar a bhí sé agus é ar scoil
Íomhá
Bhí "Top of the Pops" ag cur fáilte roimh The Hot House Flowers

an chabaireacht sa chistin thart. Na cupáin tae ólta. An tástáil fuaime déanta. Tá muid réidh le luí isteach ar an obair. Tá duine de na “Bláthanna Leochaileacha”, Fiachna Ó Braonáin, in éineacht liom mar aon leis an léiritheoir stiúideo, Shea Fitz. Is é m’albam féin atá idir lámha againn, agus tá Fiachna ag déanamh réidh leis an giotár a sheinn ar chúpla rian.

Suíonn sé síos agus socraíonn sé é féin go compordach sa chathaoir. Piocann sé suas a ghiotár, ar uirlis téagartha luachmhar é. Cinntíonn go bhfuil an tsreang leictreach ceangailte idir a uirlis agus na troitheáin ildaite fuaime faoina chosa. Seinneann sé nóta nó dhó lena chinntiú go bhfuil an fhuaim a d’aimsigh sé fós aige. Análaínn sé go bog agus breathnaíonn sé ar Shea.

“Tá mé réidh,” ar sé. “Ar aghaidh linn.”

Brúnn Shea na cnaipí. Cuireann muid tús leis an amhrán agus téann Fiachna i mbun a cheirde – nótaí beachta agus cruinne ar fad á seinn aige. Tá sé faoi gheasa anois agus tá a chuid mothúchán uile ar nós srutha dhiamhaire – iad ag taisteal óna chroí chuig a mhéara, chuig a ghiotár agus amach chuig an ngléas taifeadta. Is cuid den phíosa ceoil iad mothúcháin Fhiachna anois.

Maolaíonn an ceol – mo ghlór á shíneadh chun deiridh. Ardaíonn Fiachna a cheann.

“Conas mar a bhí?”, ar sé.

“Ana-dheas”, arsa mise. “Ana-dheas ar fad.”

“Go hiontach”, arsa Shea.


Trí bliana déag a chaitheas sa rang céanna le Fiachna. Bhí sé féin agus Oisín Ó Maolchatha ar na daoine ab fhearr sa rang ó thaobh chúrsaí acadúla de. Duine de na buachaillí ba shine ab ea Fiachna, a bhí níb fhearr ná aon duine eile sa rang ó thaobh ceoil de freisin. Ba é an múinteoir Pádraig Ó Méalóid – a bhíodh tráth den saol ag léamh na nuachta ar RTÉ – a chuir tús lenár gceol nuair a thosaigh sé ag múineadh na feadóige stáin dúinn. Rang a ceathrar. Doras dearg. Tríocha feadóg ag screadáil go tréan. O When The Saints nó *Fáinne Geal an Lae *á seinn.

Timpeall an ama seo, thosaigh Fiachna ag freastal ar ranganna feadóige gach maidin dé Sathairn i gComhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach. Ba in éineacht le duine eile de na “Bláthanna”, Liam Ó Maonlaí, a d’fhreastal sé ar na ranganna. Tháinig feabhas thar cuimse ar a chuid seinnte le linn dó a bheith ann.Lean muid eile ar scoil linn lenár n-iarrachtaí tútacha ar an bhfeadóg stáin. Ach lean Fiachna leis ag cur snasa ar chleasaíocht na feadóige, idir mhéaraíocht agus análú. Bhí rithim an cheoil go domhain ina fhuil.

Bhí cónaí air in Ardán Waltham ar an gCarraig Dhubh. Tigh mór a bhí ann a bhí lán de sheomraí rúnda. Bhí gairdín mór aige ina raibh pasáistí diamhaire idir na crainn. Ba é sin an chuma ar bhí ar an áit de réir ár súile óga ar aon nós.

Bhí banna againn sa mheánscoil agus ba mhinic a rinne muid cleachtadh sa seomra suí mar bhí pianó álainn ansin. Chuir an seomra féin lenár n-iarrachtaí tútacha ar cheol a dhéanamh mar bhí an fhuaimíocht sa seomra go maith.Ní raibh cónaí ormsa ró-fhada uaidh agus cúpla uair, rothaigh mé trasna chuige le mo ghiotár féin i mála plaisteach dubh ar mo dhroim le dul ag seinn leis. Uair amháin, bhí amhrán de chuid Ty Bach foghlamtha agam. Tar éis dom é a mhúineadh dó, rugamar greim ar an dá ghiotár agus isteach linn chuig an chistin leis an t-amhrán a thaifeadadh ar théipthaifeadán a mháthar. Rock n roll!


Téann muid i méid. Scaipeann an saol sinn óna chéile. Roghnaíonn muid bealaí difriúla lenár saol a chaitheamh. Freagraíonn muid do ghlaonna éagsúla. Bíonn deiseanna againn ag amanna difriúla lenár dtallann a chur ós comhair an phobail. Tar éis dúinn beirt an scoil a fhágáil, níor sheinn muid ceol lena chéile a thuilleadh. An ceangal sin caillte.

Tháinig borradh ollmhór faoi ghrúpa Fhiachna – The Hot House Flowers – agus go tobann bhí “Top of the Pops” ag cur fáilte rompu. Isteach chuig saol na hollscoile agus saol an spóirt a d’imigh mise. Ní ba dhéanaí a tharla sé gur chuir domhan an cheoil fáilte romham.

Dhá bhliain ó shin agus an obair taifeadta ar m’albam féin ag teacht chun deiridh, bhuaileas le Fiachna agus roinneamar cupáin tae, muid beirt ag cabaireacht lena chéile ar feadh an tráthnóna. Thuas-seal-thíos-seal an tsaoil a bhí faoi chaibidil againn agus muid sa Barge, an teach tábhairne ar Shráid Charlemont. Bhí Fiachna ag caint faoina bhanna úr, Prenup, agus mise ag caint faoi m’albamsa. Le linn ár gcomhrá, d’iarr mé air an mbeadh spéis aige seinn ar chúpla amhrán ar m’albam. Go tobann, bhí an ceangal ann arís.

Tá albam Choilm ‘Giving’ le fáil ar www.kila.ie/shop

Tá rian amháin ón albam le cloisteáil ar http://www.myspace.com/kilaofficial

Tá Prenup, banna nua Fhiachna, le cloisteáil ar http://www.myspace.com/prenupmusic

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.