AR NA SAOLTA SEO
Cén rialtas atá i ndán dúinn?
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Beidh neart cor agus cur is cúiteamh go leor ann i ndiaidh an chéad olltoghchán eile sula gcuirfear rialtas nua le chéile. Scrúdaíonn Breandán Delap na roghanna éagsúla atá ann.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Ceannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh, Michael McDowell
Íomhá
Íomhá
Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Trevor Sargent

Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach

D’éirigh le Fianna Fáil 81 suíochán a ghnóthú sa toghchán deireanach – trí shuíochán faoi bhun móraimh iomláin. Gnóthaigh siad na dáilcheantair imeallacha le dornán beag vótaí. Ní móide go mbeidh an rath céanna orthu an iarraidh seo agus glactar leis go gcaillfidh siad idir deich suíochán agus cúig shuíochán déag. É sin ráite, d’fhéadfaidís fós a bheith an-lárnach sa chéad rialtas eile. Má chailleann siad cúig shuíochán déag, chuile sheans go nglacfaidh siad féin agus na páirtithe eile leis gurb é toil na ndaoine é go rachaidís isteach sa fhreasúra. Síltear go coitianta nach bhfuil leath de shuíochán an Pháirtí Dhaonlathaigh sábháilte agus go dtiocfadh le líon a gcuid suíochán titim ó ocht gcinn go ceithre cinn. Is dócha gur cinneadh chun feabhais é ceapachán Michael McDowell mar cheannaire sa mhéid is go bhfuil sé ag díriú ar an eite dheis – áit nach bhfuil róphlódaithe i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair. Seans, áfach, go bhfuil an crann caite. Bíonn claonadh ag an phobal vóta a chaitheamh in aghaidh rialtais reatha go háirithe ceann atá ann rófhada. Má tharlaíonn sé sin, ní bheidh an uimhríocht ag FF agus an PD chun dul i mbun rialtais arís.

Corrlach Paddy Power: 5/2

Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre

I dtoghchán na bliana 1997 toghadh 55 Teachta de chuid Fhine Gael. Thit an líon sin go 31 suíochán sa toghchán deireanach. Bhí rian den slad a rinneadh ar na Tóraithe i dtoghchán na Breataine i 1997 ina gcliseadh sa bhliain 2002. Mar bharr ar an donas, chaill siad go leor dá gcuid urlabhraithe ba shinsearaí agus ba chumasaí. Meastar go dtiocfaidh méadú ar líon Theachtaí Fhine Gael go dtí thart ar 43. Le gur féidir leo a bheith mar phríomhthionóntaí sa chéad rialtas eile, áfach, níor mhór go mbeadh íosmhéid de leathchéad suíochán acu. Tá an tuairimíocht ann go dtógfaidh sé níos mó ná toghchán amháin orthu an sprioc sin a aimsiú, arís dála an Pháirtí Choimheádaigh sa Bhreatain.

Níl mórán athrú tagtha ar thacaíocht an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna agus iad faoi ionsaí ag Fine Gael san earnáil liobrálach mheánaicmeach agus ag Sinn Féin ón eite chlé. Is dócha go dtiocfaidh méadú beag ar ionadaíocht an pháirtí sa 30ú Dáil, ach de thairbhe iad a bheith ag iomrascáil le Fine Gael i go leor dáilcheantar imeallach, ní dócha go sáróidh líon suíochán an LO 25 nó 26. Fiú dá mbeadh rith an ráis leo, seans go mbeadh an comhaontú idir iad agus FG tuairim agus deich suíochán faoi bhun an mhéid is lú atá de dhíth le rialtas a chur i dtoll a chéile. Is dócha ná a mhalairt go mbeadh siad 15 suíochán gann ó mhóramh iomlán. Le go mbeadh FG agus an LO rannpháirteach i gcomhrialtas, mar sin, chuile sheans go mbeadh tacaíocht de dhíth orthu, ní hamháin ó na Glasaigh ach ón Pháirtí Daonlathach chomh maith.

Corrlach Paddy Power: 4/1

Rialtas Bogha Cheatha

Maíonn Frank Flannery go dtig le Fine Gael 30 suíochán úr a ghnóthú san olltoghchán má éiríonn leo 29% de sciar an vóta a bhaint amach. Is ar éigean go mbainfidh siad é sin amach ó tharla iad a bheith ag fáil idir 22-24% den vóta go seasmhach i bpobalbhreitheanna éagsúla. Beidh siad féin agus an Lucht Oibre ag brath, mar sin, ar pháirtí amháin eile ar a laghad más mian leo rialtas a chur le chéile. Meastar go coitianta gurb iad an Comhaontas Glas rogha an dá pháirtí eile mar

pháirtnéirí rialtais. Ainneoin ceisteanna comhshaoil a bheith go mór idir chamáin ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ainneoin baicle bheag chumasach de Theachtaí a bheith acu faoi láthair, níl an chosúlacht ar an scéal go ndéanfaidh siad an oiread sin dul chun cinn. D’éirigh go holc leis an Chomhaontas Ghlas sna toghcháin Eorpacha ach, mar sin féin, éireoidh leis an pháirtí vóta frithbhunaíochta a mhealladh. Coinneoidh siad a bhfuil de shuíocháin acu ach ní rachaidh siad mórán os cionn sé nó seacht suíochán.

Ainneoin an dúshláin atá tugtha aige do Fhine Gael, níor mhór cuimhneamh gur de chúlra Fhine Gaelach é ceannaire an PD, Michael McDowell. Níl an oiread sin de dhifríocht idir polasaithe an dá pháirtí agus nuair a thiocfadh an crú ar an tairne bheadh sé solúbtha go leor. Bheadh deacracht ag Pat Rabbitte lena leithéid de shocrú, áfach, agus d’fhéadfadh go mbeadh air dul i ngleic le ceannairc inmheánach ina choinne. Ach b’fhéidir fosta nach mbeadh an dara suí sa bhuaile aige agus gurbh fhusa i bhfad dó dúshlán a thabhairt do cheannairc agus é ina Thánaiste!

Corrlach Paddy Power: FG/LO/Na Glasaigh 9/4; FG/LO/PD 14/1

Fianna Fáil agus an Lucht Oibre

naimhdeas binbeach idir Pat Rabbitte agus Fianna Fáil ach b’amhlaidh an cás sa Ghearmáin idir na Daonlathaigh Shóisialta agus na Daonlathaigh Chríostaí. Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin, ní bheadh sé dodhéanta acu comhghéilleadh áirithe a dhéanamh ar a bpolasaithe ar an bhonn gurb é an leas coitianta agus náisiúnta é go mbunófaí rialtas buanseasmhach. Is é mo thuairim gurb é an pháirtnéireacht sin an t-aon cheann atá inchreidteinbhainte amach, go fiú ó thaobh na huimhríochta de. Agus níl amhras ar bith ann ach go mbeadh ar a gcumas móramh Dála a ghnóthú. Dris chosáin é Pat Rabbitte, áfach. Cuimhneoidh sé gur beag buíochas a fuair Dick Spring óna lucht aitheantais féin i 1992 as dul i bpáirt le FF nuair ba léir ag an am sin gur dhiúltaigh an toghlach d’Fhianna Fáil. Beidh ar cheannaire an LO na toscaí sin a chur san áireamh agus na roghanna éagsúla á meá aige.

Corrlach Paddy Power: 7/2

FF (ag fáil tacaíochta ó Shinn Féin agus Teachtaí neamhspleácha dá bpór féin)

Is ar éigean go mbeadh Sinn Féin sásta tacú ón taobh amuigh le rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil. Seans maith leis go mbeadh drogall ar FF aon chomhthuiscint a bheith acu le Sinn Féin. Is beag baol atá ann go gcaillfidh Sinn Féin aon cheann den chúig shuíochán atá acu faoi láthair. Go deimhin, níl líon na suíochán atá acu ag teacht leis an sciar den vóta atá á fháil acu, cé go mbíonn deacrachtaí acu vótaí aistrithe a ghnóthú. Go teoiriciúil, d’fhéadfadh FF rialtas mionlaigh a chur i gcionn a chéile le beannacht Shinn Féin agus iarbhaill dá bpáirtí féin, leithéidí Paddy McHugh,

James Breen, Jackie Healy-Rae agus Mildred Fox. Ach, arís, níl cinnteacht ar bith ann go bhfuil suíochán na dTeachtaí neamhspleácha sin sábháilte an t-am seo. Bheadh brú fosta ar FF aird a thabhairt ar ghuth an phobail agus glacadh leis gurb é an freasúra atá i ndán dóibh. Braitheann sé sin, is dócha, ar an mhéid suíochán a chaillfidh siad. Chaill Tony Blair leathchéad suíochán san olltoghchán deireanach sa Bhreatain ach bhí sé sin inghlactha mar go raibh a pháirtí ar an phointe is airde den scála roimhe sin. I gcás FF, ghlacfaí le caillteanas deich suíochán ach chuile sheans go n-éireodh Bertie Ahern ón cheannaireacht dá gcaillfidís cúig shuíochán déag. Má tharlaíonn sé sin, seans go mbeadh drogall ar an cheannaire úr a bheith mar Thaoiseach láithreach faoi mar a bhí ar Bertie féin nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Albert Reynolds. B’fhéidir go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr printíseacht a chur isteach agus bail a chur ar bhuneagar an pháirtí ar an tuiscint go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i mbun freasúra.

Corrlach Paddy Power: FF/SF: 11/1. Rialtas mionlaigh FF: 10/1

FG, LO agus Teachtaí Neamhspleácha

Mura mbeadh líon suíochán Fhine Gael agus an Lucht Oibre comhnasctha ach dornán beag faoi bhonn na sprice, d’fhéadfaidís dul i bpáirt le Teachtaí de chuid na heite clé ar nós Seamus Healy, Catherine Murphy, Finian McGrath, Joe Higgins agus Tony Gregory. Bheadh deacracht, ar ndóigh, ag an LO dul i bpáirt le cadhan aonair ar nós Higgins, iarbhall den pháirtí. Ní bheadh flosc chun comhrialtais ar Higgins é féin ná ar a leathbhádóir, Clare Daly, má thoghtar í. Seans fosta go mbeadh éiric ró-ard á cuartú ag na Teachtaí neamhspleácha eile más acu a bheadh cóimheá na cumhachta. Bheadh siad ag súil, ar an rud is lú, go n-ainmneofaí duine acu mar Cheann Chomhairle – Tony Gregory, b’fhéidir.

Níl aon phraghas tugtha ag na geallghlacadóirí Paddy Power don Chomhrialtas seo.

FF, na Glasaigh, agus an PD

Gheofá airgead maith, shílfeá, ó na geallghlacadóirí don phacáiste ait seo ach seans nach rogha bhuile amach is amach atá ann. Is cinnte nach mbeadh mórán i bpáirt ag na trí pháirtí. Tá sé ráite ag ceannaire na nGlasach, Trevor Sargent, mar shampla, nach mbeadh sé sásta a bheith sa rialtas céanna leis an Aire Stáit, Frank Fahey. Is léir go bhfuil an-bhá ag an dá pháirtí rialtais le lucht tógála agus forbartha ach bheadh na Glasaigh ag éileamh go gcuirfí srianta dochta pleanála i bhfeidhm. Ní bheadh sé dodhéanta teacht ar chomhaontú, áfach, agus ní bheadh drogall ar bith ar an Taoiseach ísliú céime a thabhairt do Fahey – nach bhfuil ag barr an ranga faoi láthair ar aon nós.

Corrlach Paddy Power: FF/Glasaigh 10/1; Níl aon phraghas tugtha do FF/Glas/PD.

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.