AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ceist chliste faoin mafia Éireannach
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Chuir na scéalta i leabhar nua Frank McCourt, Teacher Man, eachtra ghreannmhar a thit amach ina sheomra ranga féin i gcuimhne dó Tom Deignan.

Íomhá
An t-údar Éireannach Frank McCourt
Íomhá

A Dhia. Bhí mé ag súil le go leor ceisteanna corra nuair a chuaigh mé leis an mhúinteoireacht ardscoile, ach seo ceann nach raibh mé ag súil léi.

Ach, mar a cuireadh i gcuimhne dom agus leabhar nua Frank McCourt, Teacher Man, á léamh agam le gairid, is é ceann de phríomhrialacha an iarmhúinteora seo, ar buaiteoir Dhuais Pulitzer é, faoin mhúinteoireacht ná gur gá duit bheith ag dréim le rudaí nár cheart bheith ag dréim leo.

Ar ndóigh, bhí McCourt ag múineadh i ngairmscoil gharbh breis is tríocha bliain ó shin, nuair a bhí daltaí Gael-Mheiriceánacha le fáil chomh forleathan céanna is atá páistí dubha, Spáinneacha agus Áiseacha sa lá atá inniu ann.

Ach tá rud amháin an-soiléir dom tar éis leabhar McCourt a léamh, mise a chaitheann gach lá ag múineadh an Bhéarla chomh maith i ngairmscoil gharbh, is é sin, dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna.

Chuir cuid daltaí McCourt ceist air an ndearna sé “obair cheart, ní ag múineadh, ach, tá a fhios agat, obair cheart”? Bhuel, fiafraíodh díom féin mar gheall ar an *mafia *Éireannach.

Bhí tús á chur agam le lá eile de chíor thuathail faoi smacht. Tháinig na daltaí isteach agus thosaigh siad a thógáil amach a gcuid leabhar nótaí agus a gcuid peann go mall – go han-mhall. Bhí i bhfad níos mó suime acu bheith ag labhairt lena gcairde, de bhrí gur seo an t-aon tréimhse den lá a thagadh an grúpa áirithe seo le chéile.

Nach orm a bhí an t-ádh.

Agus muid réidh le tús a chur leis an cheacht, tháinig dalta amháin ag luibhdíneacht chugam agus chuir ceist orm mar gheall ar an mafia Éireannach.

Bhí sé fiosrach. Bhí an páistí ceithre bliana déag seo tar éis fás aníos i gcathair agus i gcultúr nach raibh páirt fheiceálach a thuilleadh ag na hÉireannaigh. Is daoine dubha iad 60% de dhaltaí mo scoilse agus is Spáinnigh iad an 40% eile. Níl dadaí eile ar eolas ag na páistí seo. Cé gur mná Gael-Mheiriceánacha ab ea céatadán ard de na múinteoirí i scoileanna Nua-Eabhrac roimhe seo, in aigne dhaltaí an lae inniu is Giúdaigh iad na múinteoirí geala ar fad, ach amháin má deir siad a mhalairt.

Mar sin, nuair a d’inis mé dóibh nach Giúdach a bhí ionam, dúirt siad: “Mr D, cad é atá ionat?” Deirim de ghnáth, agus cuma dháiríre ar m’aghaidh, gur duine dubh mé, agus fanaim leo scairteadh amach ag gáire sula ndeirim: “Is Caitliceach Éireannach mé.”

Ní thugann formhór na ndaltaí mórán airde ar an fhreagra sin. Mar a tharla i gcás McCourt, cuireann cuid acu ceist orm an mbeidh mé ar an drabhlás Lá Fhéile Pádraig. Rinne ógánach dána amháin jig spasmach agus d’fhiafraigh díom an ndearna mé “that Riverdance s**t” ag mo bhainis.

Ach anois, seo ceist chliste, ghrinn á cur faoin *mafia *Éireannach.

Sin rud eile a bhfuil McCourt an múinteoir tar éis scríobh mar gheall air. Cuirfidh páistí ceist faoi do shaol. Labharfaidh siad faoi rud ar bith chun moill a chur ar an teagasc. I Teacher Man, deir McCourt gur tháinig seisean i dtír ar an chleas seo. D’inis sé réimse leathan scéalta do na páistí faoina shaol in Éirinn, i dtosach le siamsaíocht a chur ar fáil dóibh, ach ina dhiaidh sin chun ceachtanna a mhúineadh dóibh go slítheánta faoi reacaireacht agus struchtúr scéalta.

Agus is uirlis luachmhar a leithéid de chur chuige go fóill. Agus tú ag obair mar mhúinteoir, ní bhíonn an dara rogha agat ach smaoineamh as do sheasamh. Gan choinne, b’fhéidir go mbeadh ort do phlean ceachta a athrú ar fad.

Mar a deir McCourt: “In the high school class room you are a drill sergeant, a rabbi, a shoulder to cry on, a disciplinarian, a singer, a low-level scholar, a clerk, a referee, a clown, a counselor, a dress-code enforcer, a conductor, an apologist, a philosopher, a collaborator, a dress-code enforcer, a conductor, an apologist, a philosopher, a collaborator, a tap dancer, a politician, a therapist, a fool, a traffic cop, a priest, a mother-father-sister-uncle-aunt, a bookkeeper, a critic, a psychologist, the last straw.”

Bhuel, ar an lá áirithe seo b’éigean domsa bheith i mo bhleachtaire. Ba chuma liom má bhí an páiste seo ag iarraidh m’aird a tharraingt ón teagasc.

Níor theastaigh uaim ach fáil amach cén dóigh ar chuala sé faoin mafia Éireannach. An raibh sé tar éis suí trí cheacht staire le déanaí faoi Chíréibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac? An bhfuair sé Gangs of New York ar cíos ón siopa físeán ag súil le Ja Rule agus Jay Z agus 50 Cent a fheiceáil, agus ina áit sin go bhfaca sé na boic gheala seo agus blas aisteach ar a gcuid cainte, ag caitheamh daigéar ar a chéile?

Sea, tá sé dian bheith ag iarraidh 30 páiste a choinneáil ag obair agus a choinneáil ciúin, agus teagmháil a dhéanamh leo ar bhealach ar bith. Bíonn tú spíonta ina dhiaidh, mar a thugann McCourt le fios. Ach bíonn amanna faoi leith ann, nuair a fhaigheann na páistí an ceann is fearr ort, agus is fiú cur suas leis na deacrachtaí go léir ar mhaithe leis na hamanna sin.

Mar sin, staraí Nua-Eabhrac an ama atá romhainn, cén áit a raibh tú ag léamh faoin *mafia *Éireannach?

Ar seisean: “Nah, I seen a movie bein’ made around the block with Jack Nicholson and they said it was about the Irish mafia and s**t.”

Tchím. Ach, bhuel.. Ceacht eile foghlamtha.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans *(Barron’s), in 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.