CÚINNE NA nEALAÍON
Ceiliúradh ar áilleacht bhoinn na hÉireann
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Le ceiliúradh a dhéanamh ar bhoinn airgid na hÉireann, nach mbeidh á n-úsáid againn níos mó roimh i bhfad, rinne an t-ealaíontóir Annette Crump rilífeanna bunaithe ar an dearadh atá le feiceáil ar na boinn chopair.

Íomhá
Íomhá

As Baile Átha Cliath ó dhúchas í Annette ach tá sí tá ina cónaí i Londain faoi láthair, áit a bhfuil sí ag obair mar theagascóir i gcúrsaí criadóireachta. Thosaigh sí a comhlacht féin, CRUMPLEHORN Art Studios, roinnt blianta ó shin agus tá sí dóchasach go n-éireoidh leo dul ó neart go neart de réir a chéile.

Ba í an dealbhóir Gabrielle Hayes a rinne na boinn nua a dhearadh nuair a cuireadh tús leis an chóras deachúlach i 1971. Choinnigh sí an chláirseach ar thaobh amháin, rud a bhí le feiceáil ar na seanbhoinn. Tá an dearadh ar na taobhanna eile bunaithe ar shonraí as maisiúcháin sna seanlámhscríbhinní Gaelacha.

“Ba mhaith liom aird daoine a tharraingt ar an áilleacht agus ar an tsamhlaíocht atá taobh thiar de na boinn seo,” a dúirt Annette le Beo! le déanaí. “Ba mhaith liom go ndéanfadh an saothar ceiliúradh ar an dearadh Ceilteach agus ar an dúchas Éireannach. Tá súil agam go dtugann mo leagan féin de na boinn ómós d’fhís Gabrielle Hayes. Ba mhaith liom go mbainfeadh daoine taitneamh agus pléisiúr astu. B’fhéidir go gcuirfidh na píosaí daoine ag smaoineamh ar an saibhreas agus ar an áilleacht a bhaineann leis na boinn a bhíonn ina luí inár bpócaí.”

Beidh na píosaí ealaíne seo ar díol ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh. Is féidir iad a fháil i gcré agus i gcré-umha, le fráma nó gan fráma. Cosnóidh siad idir £40 agus £1,400.

Tuilleadh eolais: www.crumplehorn.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.