AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Ceart Chun Saoirse Cainte nó Cairt na mBiogóidí
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag súil nach chun donais ná chun nimhe a rachfas saoirse cainte mar gheall ar leasú an Bolt Clause i reachtaíocht na hAstráile.

Íomhá
Pat Eatock, a thionscain an chaingean in aghaidh Bolt
(le Climate Camp ar Flickr)
Íomhá
An Feisire Ken Wyatt, Tigh na nIonadaithe 2011 i lár baill
(le Pete Souza, SAM)
Íomhá
An Feisire George Brandis
(Ard-Aighne na hAstráile ar Vicipéid)
Íomhá
Andrew Bolt, Still a Dickhead
(Ag Smellytongues.wordpress.com)

Bíonn teannas ann i dtólamh i sochaí dhaonlathach idir an ceart ag saoránaigh a rogha rud a rá agus toirmisc a chur ar challaireacht mhaslach. Tá an cheist achrannach chasta seo in airde san Astráil ar na mallaibh mar gheall ar iarratas atá idir chamáin ag an rialtas náisiúnta leasú a dhéanamh ar alt 18C, Cuid 2A, den Acht um Idirdhealú Ciníoch. Faoin alt mar atá sé faoi láthair tá sé mídhleathach aon ghníomh poiblí a dhéanamh atá ‘reasonably likely … to offend, insult, humiliate or intimidate others’, mar gheall ar a gcine, ar a gcneasdath nó ar a mbunús náisiúnta nó eitneach.

D’eascair cinneadh an rialtais an t-alt a athrú as cás cúirte mícháiliúil sa bhliain 2011 in éadan Andrew Bolt, fuathghríosóir na heite deise. Is colúnaí é Bolt leis an Herald-Sun, nuachtán de chuid News Corporation, agus tá clár teilifíse seachtainiúil faoi chúrsaí reatha aige. D’fhoilsigh an nuachtán dhá cholún le Bolt sa bhliain 2009 faoi cheannairí aitheanta an mhuintir dhúchais a bhfuil cneasdath geal (light-skinned) orthu.

Scríobh Bolt sna colúin go raibh na ceannairí seo ag maíomh go raibh siad ina mbundúchasaigh le tairbhí a bhaint as an ionannas. Chuir siad an dlí air agus rialaigh an breitheamh gur sháraigh Bolt alt 18C thuas sna colúin. B’éigean don nuachtán leithscéal a ghabháil leis na ceannairí agus na hollearráidí fíorasacha éagsúla sna colúin a cheartú. Tugtar an ‘Bolt Clause’ ar 18C i gcoitinne as sin amach.

Ceartaiseacht agus Cinsireacht?

Cé nár iarr Bolt ná an nuachtán achomharc ar an mbreithiúnas, mhaígh siad go raibh siad ina n-íospartaigh ag ceartaiseacht pholaitiúil agus go raibh cinsireacht pholaitíochta i gceist. Bhí Tony Abbott ina cheannaire ar an bhfreasúra ag an am agus gheall sé go ndéanfaí aisghairm ar 18C dá mbeadh an bua ag a pháirtí sa chéad olltoghchán eile. Thug na nuachtáin de chuid News Corporation tacaíocht thar na bearta do pháirtí Abbott le linn an fheachtas olltoghchánaíochta anuraidh, ach tar éis a bhua chinn Abbott ar an alt conspóideach a leasú seachas é a aisghairm.

D’eisigh an tArd-Aighne, an Seanadóir George Brandis, foclaíocht an leasaithe i mí an Mhárta agus thug sé ‘exposure draft’ air. Dá rithfí é bhainfí na focail ‘offend, insult agus humiliate’ as 18C, ach chuirfí isteach ‘vilify’ ina n-áit. Ní bhainfí an t-alt nua le ‘focail, fuaimeanna, íomhánna nó scríbhneoireacht… [atá] mar chuid de dhíospóireacht phoiblí ar aon cheist pholaitiúil, shóisialta, chultúrtha, chreidimh, acadúil nó eolaíoch’. Má fhágtar díospóireachtaí a mbaineann leis na hábhair seo as an áireamh, tá sé deacair a shamhlú aon phlé poiblí a chuimsíonn an t-alt nua!

Leasú go bhFreasúra

Cáineadh an leasú molta go géar ag na brúghrúpaí a labhraíonn ar son na gcomhphobal eitneach, ina measc siúd na brúghrúpaí Giúdacha. Bhí imní ar na heagrais dheireanacha seo go mbeadh cead a chinn ag séantóirí na huileloiscthe a dtuairimí frith-Sheimíteacha fuafara a fhoilsiú. Labhair baill áirithe pháirtí Abbott in éadan an leasaithe freisin, lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe, Ken Wyatt, a thug le fios go raibh sé ar intinn aige urlár an tí a thrasnú le vótáil ina choinne.

Chuir Abbott béim ar thábhacht na saoirse cainte i sochaí oscailte chaoinfhulangach fearacht na hAstráile nuair a pléadh an cheist sa pharlaimint. Chuir Brandis an lasóg sa bharrach, áfach, agus é ag freagairt ceiste ón Seanadóir Nova Peris, an chéad bhean bhundúchasach a toghadh don teach uachtar riamh. Dúirt sé go neamhbhalbh léi, “People do have the right to be bigots you know”. Dhírigh an plé poiblí faoin leasú ar bhiogóideacht seachas ar shaoirse cainte as sin amach.

Creidim gur gné lárnach é saoirse cainte i sochaí dhaonlathach agus bím báúil nuair a dhéanann aon rialtas iarracht an ceart seo a leathnú. An méid sin ráite, is tír ilchultúrtha í an Astráil ina maireann na comhphobail eitneacha éagsúla le chéile go sítheach beagnach an t-am go léir. Bheadh sé íorónta dá gcuirfí tús le ré na fuathchainte ciníche mar iarmhairt ar iarracht saoirse cainte a neartú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.