AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ceardchumainn vs Gobharnóir: Cé Aige a mBeidh an Bua?
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Deirtear nach mbíonn tréan buan. Tá Brian Ó Broin ag faire ar eachtraíocht Scot Walker, rialtóir Wisconsin, a bhí chomh tréan in achar seachtaine is gur tionscnaíodh éirí amach i gcoinne a reachta.

Íomhá
Scott Walker, Rialtóir Wisconsin 2010
le WisPolitics.com ar Vicipéid
Íomhá
An Capitol i Madison, Wisconsin
le Don ar Vicipéid
Íomhá
Pere Marquette
le Wilhelm Lamprecht 1838-1906 ar Vicipéid
Íomhá
Lucht an SEIU ag cruinniú i Madison 17 Feabhra 2011
ar Flickr
Íomhá
Na múinteoirí i Madison
le Mark Riechers ar Flickr
Íomhá
Oibrithe Wisconsin in aghaidh Walker
leis an SEIU ar Flickr

Cá bhfuil na seanadóirí? Sin í an cheist is mó atá ag déanamh scime do phobal Wisconsin i láthair na huaire. Nó, le bheith blaisín níos cruinne, cá bhfuil an ceathrar déag seanadóirí den Pháirtí Daonlathach, atá ar iarraidh ón 17ú Feabhra amach? Dar le ball sinsearach den pháirtí sa stát, is féidir a bheith cinnte go bhfuilid ‘áit éigin sa leathsféar thiar’, ach thairis sin, níl sé sásta níos mó eolas a thabhairt.

Agus tá fearg ar an rialtóir, Scott Mac an tSiùlaich, nach bhfuil in oifig ach sé seachtainí. Muna dtiocfaidh siad ar ais, a deir sé, cuirfidh sé iachall ar sheirbhís póilíneachta an stáit breith orthu agus iad a tharraingt ar ais dá ndeoin nó dá n-ainneoin.

Cén fáth an diamhracht go léir faoi na seanadóirí teifeacha? Téann sé ar ais sé mhí nó mar sin, nuair a bhí Meiriceá agus an Páirtí Daonlathach in ísle brí mar gheall ar thitim an gheilleagair. Más cuimhin leat m’alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an Tea Party, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.

D’éirigh go seoigh leis an ngluaiseacht i stáit áirithe seachas a chéile, go háirithe sna stáit a buaileadh go dona sa chúlú geilleagair. Go deimhin, chaill na Daonlathaigh oiread sin gur tugadh smacht iomlán 25 stát don pháirtí Poblachtach, an páirtí atá lucht an Tea Party ag iarraidh a ghabháil.

Sin díreach a tharla in Wisconsin, a thug 19 suíochán as 33 sa seanad don pháirtí poblachtach, 60 suíochán as 99 sa teach íochtar don pháirtí céanna, agus suíochán an ghobharnóra mar sméar mullaigh.

I bhFad ar Dheis

Ní hiontas mór an méid sin. Is minic lucht na heite deise i gceannas sa stát sin, ach dála na hÉireann, is polaiteoirí ‘den lár’ iad, a bheadh chomh sásta céanna plé le ceardchumainn agus a bheidís ag deighleáil le comhlachais tráchtála.

Ach níor ghnáththoghchán an ceann deireannach in aon chor. Toghadh go leor a raibh tuairimí láidre acu i dtaobh cúrsaí clé-deas, agus ba é Scott Mac an tSiùlaich, an rialtóir nua, an duine ba threise díobh. Críostaí Soiscéalach, a fuair oideachas Caitliceach in Ollscoil Marquette in Milwaukee sular éirigh sé as gan chéim, mhol sé pá na n-oibrithe stáit a ghearradh siar go mór, cáin ar chomhlachtaí agus ar dhaoine saibhre a ghearradh siar leis, seirbhísí poiblí a ghearradh siar go mór, agus beartasar son na beatha’ a chur chun cinn.

Níorbh fhada tofa é gur éirigh leis an beartas seo a chur i bhfeidhm. Dúirt sé go láidir agus go poiblí nach ligfeadh sé do líne traenachard-luas’ dul tríd an stát, agus d’fhógair Roinn Iompar na Cónaidhme dá réir go n-aistarraingeodh siad $800 milliún as an scéim, rud a chuir deireadh tobann leis.

Múineadh ar na Múinteoirí

Ach ní raibh ansin ach an tús. Gan é ach cúpla seachtain san oifig, d’fhógair sé go ngearrfaí siar go mór ar thuarastal múinteoirí, agus go mbainfí an cead de na ceardchumainn idirbheartaíocht chomhargála a dhéanamh thar a gceann. Baineadh stangadh as pobal Wisconsin. D’aontaigh roinnt acu go raibh géarchéim gheilleagair rompu, ach - múinteoirí?

“Cén fáth nach ndéanfaí sin?” a fhiafróidh múinteoirí na hÉireann, ar ndóigh, a chaill airgead agus cumhacht go leor i gComhaontú Pháirc an Chrócaigh, ach an difríocht is mó idir an dá bheart ná go ndearna rialtas agus ceardchumainn na hÉireann margadh lena chéile. Faoi bheart ghobharnóir Wisconsin, dhéanfaí é gan idirbheartaíocht ar bith. Agus, le dhá theach chomhdháil an stáit faoi smacht na bPoblachtánach, ní rabhthas ann a chuirfeadh ina aghaidh.

Mar sin, cuireadh reachtaíocht an bheartais os comhair an tí íochtair coicís ó shin, mar ar reachtaíodh é gan díospóireacht ar bith. Ní raibh le déanamh ach an bille céanna a rith tríd an seanad, síniú an ghobharnóra a chur leis, agus bheadh deireadh go deo le ceardchumainn na múinteoirí.

Ach is minic a cailleadh long lámh le cuan. I lár na seachtaine seo caite, bhuail mo guthán, agus cé bhí ann ach seanchara ar múinteoir é in Wisconsin. “A Bhriain”, ar sé, “n’fheadar ar chuala tú faoin ngéarchéim. Tá an ceardchumann ag eagrú. Táimid ag glaoch ar gach éinne a bhfuil aithne againn air fud fad an stáit agus na tíre. Polaiteoirí, iriseoirí, léachtóirí, . . . agus táimid ag dul go Madison.” Is é Madison ardchathair an stáit.

Slógadh

M’anam ach ní raibh sé ag magadh. Dhá lá dár gcionn bhí 20,000 múinteoirí ar shráideanna Mhadison, agus dhá lá ina dhiaidh sin bhí 70,000, ainneoin síon agus sneachta. Ach cén tionchar a bheadh ag seo ar an seanad?

Tionchar ar bith, ba chosúil. Bhí Poblachtánaithe an tSeanaid meáite ar an mbille a rith, ainneoin an agóid ba mhó ar shráideanna na hardchathrach le ceathracha bliana. B’ansin a rinneadh an tseift a chuir seanlaethanta Chumann Ghaelach Choláiste na hOllscoile, Gaillimh i gcuimhne dom. Gan choinne, d’imigh gach seanadóir Daonlathach as radharc, agus glaodh ar córam. Go tobann, agus ródhéanach, b’fhacthas do na Poblachtánaithe go raibh botún déanta acu. Tá 20 seanadóirí ag teastáil don chóram, agus ní raibh ach 19 seanadóirí acu. Ní fhéadfaí an bille a rith gan idirbheartaíocht a dhéanamh leis na Daonlathaigh, a bhí anois taobh amuigh den stát agus ag tabhairt le fios nach dtiocfaidís ar ais go dtí go ndéanfaí an bille a athphlé.

impleachtaí móra i gceist. Tá Poblachtánaithe i stáit eile, dála Ohio, Indiana, agus Nua-Gheirsí, ag breathnú ar Wisconsin go géar, féachaint an bhféadfaidís an beart céanna a dhéanamh ina stáit féin.

Babhta go bás atá ar siúl go deimhin. Má ritear an bille, cniogfear na ceardchumainn. Ach más gá don ghobharnóir comhréiteach a dhéanamh, breathnóidh sé lag agus caillfidh sé meas an phobail, gan ach sé seachtainí caite aige in oifig. Drochrogha go cinnte.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.