AR NA SAOLTA SEO
Céard atá i nDán Dúinn i 2012?
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Tá Maidhc Ó Cathail sásta gabháil ag tuar ar chuid de shaol na polaitíochta idirnáisiúnta agus ní haon dea-scéala atá le roinnt aige.

Céard atá i ndán dúinn an bhliain úr seo? Faraor, níl cruinneog chriostail agam a thuarfas a bhfuil i ndán dúinn i 2012, ach rachaidh mé san fhiontar agus déanfaidh mé tuar is tairngreacht faoi imeachtaí na bliana atá romhainn amach cibé ar bith.

Tabharfaidh Uachtarán Obama, Príomh-Aire Cameron agus Uachtarán Sarkozy le fios, go luath san athbhliain, go gcaithfidh “an comhphobal idirnáisiúnta” muintir na Siria a chosaint óna deachtóir brúidiúil, Bashar al-Assad, atá ag marú a phobail féin gan trua gan taise agus atá ar tí ár níos measa a dhéanamh ar “na hagóideoirí síochánta” ansin. Ní thabharfaidh na ceannairí daonnúla le fios, áfach, go raibh a gcuid fórsaí speisialta féin agus go leor sceimhlitheoirí eile nach iad ag marú póilíní, saighdiúirí agus sibhialtaigh na Siria ó thosaigh na hagóidí i mí Márta na bliana seo caite. Cibé ar bith, déanfaidh ECAT ionsaí ar thír eile nach dtaitníonn le hIosrael, agus marófar na céadta míle i gcogadh catharta ina mbainfidh an tromlach Sunnaíoch díoltas amach ar na mionlaigh Alabhaí agus Críostaí. Mar a tharla i ndiaidh “saoradh” na hIaráice, agus atá ag tarlú san Eigipt ó thús na “réabhlóide” ansin, déanfear scrios ar an bpobal Críostaí tar éis a bheith ann le 2,000 bliain anuas. Tamall i ndiaidh “saoradh” na Siria, tuairisceoidh dream ar son chearta an duine go raibh na reibiliúnacha ciontach as sárú ar chearta an duine chomh maith ó thús na léirsithe. Ní luafar, áfach, gur chreid an dream sin gach scéal ainghnímh ón mbuíon chéanna roimh an “idirghabháil dhaonnúil” ar mhaithe leis na daoine sin a chosaint.

Titim Tuartha agus Geall Gnóthaithe

Leanfaidh agus leathfaidh géarchéim an euro go dtí go dteipfidh air am éigin san earrach, b’fhéidir. Chaillfidh an gnáthduine a chuid coigiltis go léir ach déanfaidh léithéidí George Soros na billiúin as an anachain mar gur chuir sé geall ar theip an airgeadra. Ní minic a chailleann Soros geall. Más soinicí thú, b’fhéidir go gceapfá go bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige. Ar aon nós, beidh áthas ar go leor “forchéimnithe” saonta go mbeidh níos mó airgid ag an amhantraí le caitheamh ar dhreamanna ar son chearta an duine atá ag déanamh a seacht ndícheall ar son an chine daonna. Seans nach mbeidh a ndóthain ama acu chun cabhrú le Soros geall eile a bhuacaint, áfach. I mí Feabhra na bliana seo caite, dúirt sé nach leanfadh réimeas na hIaráine bliain eile.

Reáchtálfar na Cluiche Oilimpeacha i Londain idir 27 Iúil agus 12 Lúnasa faoi dhianslándáil gan fasach. In ainneoin na milliún a chaithfidh cáiníocóirí na Breataine a íoc ar an tslándáil ionsáiteach seo, seans go n-éireoidh le buíon sceimhlitheoirí Ioslamacha an tslándáil a shárú agus sléacht a dhéanamh ar íospartaigh neamhchiontacha ar shráideanna Londain. Is minic a tharlaíonn a léithéid nuair atá gnólachtaí Iosraelacha i mbun slándála. Chuile sheans go gcuirfear an milleán ar an Iaráin, nach bhfuil sásta leis an lógó Oilimpeach, nó ar an bPacastáin, an t-aon tír Ioslamach a bhfuil airm núicléacha aici, rud nach dtaitníonn le Avigdor Lieberman, Aire Gnóthaí Eachtracha san aon tír sa Mheánoirthear a bhfuil airm eithneacha aici.

I mí na Samhna, nuair a rachaidh muintir Mheiriceá le vóta a chaitheamh lena gcéad uachtarán eile a thoghadh, ní hamháin go mbeidh rogha acu idir an Daonlathach, Barack Obama (nó Hillary Clinton, b’fhéidir, má éiríonn le “gealt aonair” deireadh a chur le huachtaránacht eile) agus an Poblachtach, Ron Paul, ach beidh iarrthóir eile ann ón tríú páirtí nua a bheas ag seasamh don “lár radacach.” Is ar éigean a luafar, áfach, go bhfuil airgead mór ciste fálaithe ag tacú leis an iarrthóir “radacach” seo, nó gurb iad an dream céanna a thacaigh le gníomhaithe an Earraigh Arabaigh anuraidh atá ag iarraidh “daonlathas” a chur chun cinn sa mbaile i mbliana. Agus na meáin ag moladh go bhfuil sé thar am deireadh a chur le heasaontas clé-deas, toghfar Buddy Roemer (nó Jon Huntsman, b’fhéidir) mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Beidh muintir an domhain ag súil go bhfuil bliain níos fearr i ndán dóibh i 2013.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.