CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ceapachán tábhachtach

Beidh deis ag príomhfheidhmeannach nua Fhoras na Gaeilge, Ferdia Mac an Fhailigh, rian dearfach a fháil ar an eagraíocht sna blianta atá romhainn.

Íomhá

Rinne Foras na Gaeilge an ceapachán is tábhachtaí i saol na Gaeilge cúpla seachtain ó shin. Tús úr atá ann don Fhoras, mar thig le príomhfheidhmeannach nua dul i bhfeidhm go cruthaitheach ar eagras agus a fhoireann, agus clár oibre éifeachtach a leagan amach don am atá le teacht.

Beidh go leor daoine sásta gur Ultach atá ceaptha sa phost, mar gur beag aird a tugadh ar an taobh sin tíre go minic san am a chuaigh thart, agus níor tháinig feabhas ar chúrsaí go dtí gur tháinig an Foras ar an fhód.

taithí leitheadach ag Ferdia Mac an Fhailigh ar shaol na Gaeilge ó thuaidh agus ceangal nach beag aige fosta le Gaeltachtaí Dhún na nGall.

neart dúshlán roimh Mhac an Fhailigh, an feidhmeannas agus an bord. Ceann de na príomhrudaí a bheas le déanamh acu ná tacaíocht a chur ar fáil don iliomad eagraíochtaí agus grúpaí ar fud na tíre atá ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn, bíodh siad i saol an ghnó, i bpobail, i scoileanna nó in ionaid eile nach iad. Beidh cuid de na heagraíochtaí agus grúpaí an-éifeachtach agus cuid eile nach mbeidh. Tá sé ríthábhachtach gan neamhaird a thabhairt ar na cinn a bheas mí-éifeachtach ach cuidiú, oiliúint agus treoir a chur ar fáil dóibh agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga.

Níl Foras na Gaeilge leis féin ábalta an teanga a láidriú; is áis tacaíochta agus phleanála é atá ann le cinntiú gur féidir le daoine eile é sin a dhéanamh.

Ar ndóigh, tá gaol ar leith idir an Foras agus na príomheagraíochtaí Gaeilge ar nós Chonradh na Gaeilge, Ghael Linn agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá le plé agus díospóireacht rialta leo siúd agus le dreamanna eile, le cinntiú go bhfuil éifeacht lena saothar agus go bhfuil siad sásta rudaí nua a thriail. Muna mbainfear triail as gníomhaíochtaí úrnua agus muna mbíonn na móreagraíochtaí ag díriú ar chur chun na Gaeilge ar bhealaí nua-aimseartha, ní bheith fuinneamhforbairtí i saol na Gaeilge arbh fhiú trácht orthu.

Bíonn na meáin chumarsáide dian ar Fhoras na Gaeilge uaireanta, agus bíonn cúis mhaith leis an cháineadh uaireanta, ach is ceart tacaíocht a léiriú d’fhear Thír Eoghain agus é ag dul i mbun oibre. Tá sé tábhachtach go dtarraingeodh muidne uilig atá ag plé leis an Ghaeilge le chéile agus muid ag tabhairt faoi na dúshláin mhóra atá romhainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.