AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Ceannlínte nuachta na bliana
Balor Balor Balor

Caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh. Agus bliain ar leith i saol na tíre a bhí inti, dar leis féin.

Íomhá
Íomhá
Bhuaigh Anne Enright an Man Booker lena "depressing Irish novel"
Íomhá
Bhris Trevor Sargent riail bhunúsach: rinne beart de réir a bhriathair

Balor Bocht an Bómán Bladrach iontach sásta leis féin an mhí seo, a léitheoirí, agus é ag amharc siar ar 2007 – bliain ar leith i saol na tíre seo, agus bliain ar leith ina shaol féin. Éamonn Ó Doornail ar shiúl mar eagarthóir ar Beo Ar Éigean!é ar féarach ar pinsean móragus eeeeeji... agus eagarthóir úr ina áit anois. Caoimhe Line-Dancer atá ar an duine úr sa suíochán te, agus i gceist ag Balor an suíochán sin a dhéanamh rud beag níos teo sula mbeidh mórán míonna den bhliain úr caite. Ach ar dtús, caitheann Balor a shúil nimhe ar an bhliain atá ag druidim chun deiridh, le bheith cruinn, ar na daoine a bhí i mbéal an phobail i rith 2007.

is a chuir leis an mhuintearas idir Éirinn agus an Bhreatain i rith na bliana atá díreach thart? eile ach Laurel agus Hardy na Chontaean Brit dúchasach sin (dar leis féin) Ian Paisley, agus an tseoid sin de dhúchas na hÉireann (dar leis féin) Máirtín McGuinness. Chuirfeadh an bheirt acu May Mac Ránais agus Hiúdaí Ó Dónaill i gcuimhne duit agus iad i mbun lúibínan bheirt acu ag briseadh a dtóineanna ag gáire ag jócannaí a chéile. Gura fada a mhairfidh . (An cairdeas atá i gceist agam!) (Idir Paisley agus McGuinness atá i gceist agam!) a chuir an gaol muintearais idir muid féin agus na Brits siar caoga bliain? eile ach Anne Enright a bhain an Booker Prize i mbliana, a sciob é, dar leis na

Brits. B’é an Brit Ian McEwan a bhí mar rogha na coitiantachta, thall ansin ar scor ar bith, agus 150,000 cóip leabhar díolta cheana féin. An-leabhar, dar leo féin – “a British Classic”! Bhí siad cinnte de; chomh cinnte sin nach raibh focal ar bith faoi Enright agus an cúpla míle cóip de The Gathering a bhí díolta sna siopaí i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, ach corr-thagairt doanother depressing Irish novel”. Ach tháinig fríd, agus chuir olc orthu thall ag an am céanna. Chiap iad arís cúpla ina dhiaidh sin nuair a scríobh alt dar teidealWhy I Dislike the McCannssa London Review of Books. An rud ba mhó faoin alt seo a chuir olc orthu thall gur thóg seachtain ar iriseoirí na Breataine teacht ar an bharúil chéanna. Maith thú a Anne Enrightan Irish Classic!

P45 do ...

Áááááá! Micí bocht Mac Dúill, iar-aire, iar-theachta, iar-thánaiste, iar-thaoiseach-le-bheith-am-éigin-amach-anseo, iar-chrá croí. Bhí éagaoin agus olagón agus caoineachán agus golfairt Raghnallach agus phíosa den Ráth Garbh a mhair seacht agus seacht n-oíche agus ar mheasa an iachtach an deireanach an chéad . Ar eitil róghar don ghrian? raibh an ghrian? Ar shoilsigh amach as a thóin, ar feadh tamaill? Áááááá! Micí bocht!

eile a chaill muid i gcaitheamh na bliana? Ó sea, an Sáirsint Glas! Trrrrrrrevor bocht. Bhris riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann. Sheas lena fhocal, agus chuir míchompord orainn ar fad bharr. “Beart de réir ár mBriathar”, a deirtear agus a scríobhtar agus a ghreantar agus a chantar, ach chreidtearagus thar rud ar bith eile dhéantar riamh. Bhí a imeacht tuillte aige as siocair gur ghriog go leor daoine lena ionracas. A chonách sin air mar húirín!

Agus caidé faoi Christmas Ó Díomasaigh? Beacán Cac Ó Díomasaigh a dtugtar air istigh sa Roinn sin. “Cén fáth?”, a deir . Bhuel, ar nós an bheacáin, coinnítear sa dorchadas é agus cothaítear é le cuid mhór seanchaca. Fuair cac go leor ó Bhertie i gcaitheamh na bliana, chorraigh cuid mhór caca é féin agus b’éigean do Bhertie cuid mhór caca a ghlanadh ina dhiaidh.

(nóta ón eagarthóir úr: An dtig linn cúrsaí caca a fhágáil ar leataobh, mura miste?)

Sea! Sea! Ceart go leor! bhfaighinn nóta mar sin ón Doornail riamh. Dia go deo leis na seanlaethanta! Ach ar aghaidh linn.

Bainisteoirí bómantaNíl iontas ar bith nach bhfuair mise post an eagarthóra thuigim cúrsaí bainistíochta, go háirithe bainistíocht i gcúrsaí spóirt.Stan bocht”, a bhí ar a , achStan saibhirba chóir dom a . Fear nach raibh barúil ina cheann aige faoi roghnú imreoirí iad a chur in áit cheart ar an pháirc imeartha, agus fuair €700,000 mar bhronntanas scoir. Seacht gcéad míle, ar eagla nár léigh sibh i gceart é! Agus caidé faoi Eddie Ó Súil Amháin Ar An Pháirc Agus Súil Eile Ar An Laptop? Ba chuma sa tsioc leis faoi bharúil daoine. Bhí conradh ceithre bliana eile aige ina phóca tóna sular bhuail an cac an gaothrán (Ooooops! buartha, a eagarthóra!). Gach uair a cuireadh ceist air cad tuige nár éirigh go maith leis an fhoireann náisiúnta rugbaí, is é a dúirt Níl a fhios agam.” Ceithre bliana eile den chac sin? ( sorrrrrrry orm!)

Agus chualathas na focail dhamanta sin ar measa iad an ciúnas damanta: “nul pointsarís agus arís eile an oíche sin i Helsinki. Ach an raibh an locht ar Dervish ar John Waters? , ar an scaifte a thug vótaí dóibh anseo in Éirinn le hiad a ligean amach as an tír. a dúirt go raibh Éire dubh dóite de bheith an baint na Eurofíse?

Pat Rabbitte (ar clé) agus Éamonn Gilmore (ar deis)

Céad slán le Coinín Pháirtí an Lucht Oibre agus céad fáilte roimh a chlón, Gilmore Pháirtí an Lucht Oibre. Níl cinnte nach é an Coinín atá fós ann agus é i ndiaidh dul faoi nip’n tuck de shórt inteacht. an cúlra céanna acu, an glór céanna acu, na hóráidí céanna acu, na spéaclaí céanna acu, na hargóintí dobhránta dallintinneacha céanna acué féin atá ann, cinnte! An bhfaca aon duine riamh an bheirt acu in aon seomra amháin???

Bliain an BIFFO a bhí ann fosta gan dabht. Ungadh é agus ainmníodh é agus oirníodh é mar an chéad taoiseach eile. Bliain mhaith a bhí ann d’Eoghan Harris fostaan Seanadóir Eoghan Harrisagus do Twink. Cén fáth go gceanglaím an bheirt sin le chéile i m’aigne? Cuimhnigh anois a Bhaloir! I bhfad siar! Ard Fheis Fhine Gael! Ó sea! Ach níl cead againn labhairt faoi sin níos . Gormley agus an Loisceoir Mór? Fágfaimid an scéal sin don bhliain úr. Agus fágfaimid go leor eile don bhliain úr fosta.

Nollaig mhór mhaith ó Bhalor an Bhéil Bhinn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.