CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ceangal na gCúig gCaol?
Íomhá
Ceann de na beairicí a dúnadh
Íomhá
Le Rúiseach, Óstán (iar-Morrison) Hilton, BÁC

Bhí caint spreagúil á tabhairt ag Donncha Mac Fhionnlaoich, TD agus Aire Stáit na Gaeltachta, ag Scoil Gheimhridh Cholm Chille i nGartán ar na mallaibh. Ba é téama na léachta an Euro agus Geilleagar na hÉireann agus na Gaeltachta ach go háirithe.

Bhí daoine sa lucht éisteachta a bhí i gcoinne phróiseas forbartha na hEorpa ón tús – ’sé sin ón chéad mórdhíospóireacht i 1972 agus ón chéad lá d’Eanáir 1973, nuair a ghlac muid lenár suíochán ag bord an EEC, mar a bhí ag an am; bhí guthanna glórmhara i gcoinne na gcéimeanna uilig ó shin – i gcoinne Chonradh Maastricht, i gcoinne an nasc idir an £ Éireannach agus an £ Sterling a bhriseadh agus i gcoinne thionscnamh an Euro féin. Ní raibh gíog nó míog as éinne i gcoinne an mhéid a dúirt an tAire mar gur léir go bhfuil glacadh forleathan leis, ní hamháin i nGartan ach ar fud na hÉireann nach bhfuil aon chúlú siar nó athrú treo le tarlú i dTionscnamh na hEorpa.

Athruithe ar Thír is ar Thalamh

Tá pobal na hÉireann i bhfiacha leis an Gearmánaigh ar na billiúin Euro; tá comhlachtaí móra na Gearmáine ag ceannach siopaí Shráid Grafton agus tá na Rúisigh, fiú, ag tosú ár gcuid óstán a cheannach (an t-óstán a raibh Tóstal na Gaeilge 2013 san áireamh).

Is ar thaobh tuaithe na tíre is mó atá na hathruithe le feiceáil go soiléir le tamall anois. Tá daichead ’s a cúig staisiún Garda druidte le mí anuas; tá siopaí ag drud ceann i ndiaidh an cheann eile agus tá foirne peile gan imreoirí agus iad ag impí ar na seanimreoirí toggáil amach arís.

Ní thig a rá gur réitiú athrú rialtais an socrú atá de dhíth orainn mar is léir go bhfuil na ceannairí polaitiúla ag obair go dian dícheallach agus, ar aon chuma, tá móramh ollmhór acu san Oireachtas. Níl an freasúra ag fáil mórán lochta ar dhúnghaoisí an rialtais, ach an oiread, mar go dtuigtear dóibh gurbh é an Triar - an Troika atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma. An é anois go bhfuil muintir na hÉireann ag an phointe go bhfuil ceangal na gcúig gcaol orainn agus nach féidir linn éalú uaidh cuma cad a tharlaíonn?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.