GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Ceamaraí agus cócaireacht
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le ceamaraí digiteacha.

Íomhá

Tá cuid mhaith saghsanna éagsúla ceamaraí digiteacha ar fáil faoi láthair, agus ní bhíonn an difear eatarthu soiléir i gcónaí. Tugtar webcams ar na ceamaraí digiteacha is simplí (agus is saoire, de ghnáth) atá ar fáil. Is ceamaraí beaga iad sin a bhíonn ceangailte le ríomhaire agus a chuireann ar chumas daoine grianghrafanna díobh féin a sheoladh mar cheangaltáin le teachtaireacht ríomhphoist. Ní bhíonn caighdeán na bpictiúr ón saghas seo ceamara rómhaith toisc nach n-úsáideann na gléasanna mórán picseal chun na grianghrafanna a ghlacadh.

Anuas ar an taifeach íseal sin, ní bhíonn mórán giotán á n-úsáid chun na dathanna a stóráil agus bíonn an raon dathanna sna híomhánna teoranta dá bharr. Cé gur míbhuntáistí iad na tréithe sin nuair a bhíonn grianghrafanna ar ardchaighdeán á lorg, is buntáiste é go mbíonn na comhaid ina stóráiltear na híomhánna réasúnta beag agus gur féidir iad a sheoladh thar an idirlíon gan mórán stró ansin.

Laige eile atá ar na webcams go minic ná nach mbíonn splanc acu, agus go mbíonn orthu a bheith ceangailte le ríomhaire de ghnáth. Ar chostas níos mó, is féidir ceamaraí digiteacha soghluaiste a fháil is féidir a úsáid cosúil le gnáthcheamara. Ag brath ar an méid a íoctar, is féidir ceamaraí le lionsaí inathraithe agus go leor cuimhne chun na céadta pictiúr a fháil agus a stóráil. Go minic, stóráiltear na híomhánna sna ceamaraí ar mhicrishliseanna “Flash” atá cosúil leis na cártaí cuimhne a bhíonn ag an Sony Playstation. Is féidir féachaint ar na grianghrafanna ar scáileán beag ar an gceamara féin de ghnáth, agus ansin iad a chóipeáil chuig ríomhaire le cábla ar nós ceann USB.

Bíonn gá le bogearraí cumhachtacha chun próiseáil cheart a dhéanamh ar íomhánna ar ríomhaire, ach de ghnáth bíonn na bogearraí a thagann le gléasanna na gcomhlachtaí mór le rá maith go leor. An buntáiste is mó atá ag na ceamaraí digiteacha thar gnáthcheamaraí ná gur féidir na grianghrafanna atá le coimeád a roghnú, agus gan ach na cinn is fearr a phriontáil.

Ar ndóigh, tá gá le printéir daite maith (scairdphrintéir, mar shampla) mar aon le páipéar maith chun caighdeán proifisiúnta a shroicheadh agus bíonn na costaisí reatha a ghabhann le scairdphrintéirí cuíosach ard. Má tá cuid mhaith grianghrafanna le clóbhualadh, d’fhéadfadh sé a bheith níos saoire cloí le gnáthcheamara, na grianghrafanna a réaladh go proifisiúnta agus ansin na pictiúir atá le cur ar ríomhaire a scannáil le scanóir.

Tá cuid mhaith grianghrafadóirí proifisiúnta ag úsáid gnáthcheamaraí go fóill toisc go bhfuil caighdeán na ngrianghrafanna níos airde agus toisc go bhfuil níos mó iomaíochta sa mhargadh do na ceamaraí sin - agus toisc nach gcailleann siad a luach chomh tapaidh céanna le trealamh leictreonach. Má tá sé i gceist agat cuid mhaith grianghrafanna a ghlacadh le cur ar shuíomh gréasáin nó i ndoiciméad ar ríomhaire, is fiú smaoineamh ar cheamara digiteach a cheannach. Ach má tá ceamara uait do do chuid laethanta saoire b’fhéidir go ndéanfadh ceamara aonúsáide an gnó ina ionad.

Cócaireacht ar an idirlíon

=======

Tá cuid mhaith eolais ar bhialanna na hÉireann ar an suíomh AdLib. Mar aon le liostaí úsáideacha de na bialanna i mbailte faoi leith, tá uimhreacha fóin, cur síos gairid agus go fiú léirmheasanna ar roinnt díobh le fáil ar an suíomh seo. Ach má tá tú ag iarraidh béile breá a chócaráil tú féin, tá áis iontach curtha ar fáil ag Bord Sláinte an Mheán-Iarthair atá bunaithe ar an leabhar cócaireachta 101 Square Meals. Má tá tú ag brath níos díograisí, d’fhéadfá triail a bhaint as roinnt de na rudaí a ndeineann Darina Allen cur síos orthu ar an suíomh StarChefs. Agus má tá tú níos díograisí fós, d’fhéadfá freastal ar cheann de na cúrsaí a bhíonn aici i scoil chócaireachta Ballymaloe!

Tá “GaelSpell”, litreoir Gaeilge a oibríonn le Microsoft Office, curtha ar fáil ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com. Chuir Michael Everson leagan de GaelSpell agus litreoirí Ceilteacha eile ar fáil don Apple Macintosh le déanaí ag http://www.evertype.com/software/spellcheckers.html.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.