AR NA SAOLTA SEO
Cé leis Meiriceá?
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

feachtais éagsúla i gcoinne an Uachtaráin Bush agus na gcorparáidí móra ag bailiú nirt sna Stáit Aontaithe, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.

Íomhá
Fógra Adbusters
Íomhá
Tá dream áirithe i Meiriceá den tuairim go bhfuil an iomarca cumhachta ag Microsoft
Íomhá
Bill O'Reilly: míshásta leis na feachtais atá ar siúl ag leithéidí Adbusters
Íomhá
Michael Moore, stiúrthóir an scannáin Fahrenheit 9/11
Íomhá
Fidel Castro: imníoch

“Toisc gur dhíol mo thír a anam leis an gcumhacht chorparáideach. Toisc gurb é an tomhaltachas an creideamh nua atá againn. Toisc go bhfuil dearmad déanta againn ar an mbrí atá le saoirse, agus toisc go bhfuil an ‘cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta’ i ndiaidh forlámhas a ghlacadh ar ár gclár náisiúnta, mionnaím go ndéanfaidh mé mo dhualgas agus go nglacfaidh mé seilbh in athuair ar mo thír féin.”

Leis an mionn dúshlánach sin a fhógraítear an chéad chath eile sa gcoimhlint fhíochmhar atá ar bun faoi láthair sna Stáit Aontaithe. Tarlóidh sé ar Lá na Saoirse, an 4 Iúil, nuair a shíneoidh daoine ar fud na Stát an dearbhú sin agus é curtha faoi bhun bratacha bréige ar a bhfuil lógónna na gcorporáidí móra ar nós IBM, Exxon agus McDonald’s curtha in áit na ngnáthréalt a sheasann don 13 stát bunaidh de chuid an aontais.

Is fada eagraíochtaí ar nós Adbusters, an iris agus suíomh gréasáin radacach atá lonnaithe i gCeanada, ag troid i gcoinne an tomhaltachais agus chumhacht na gcomhlachtaí móra. I mbliana, áfach, tá dlús curtha leis an bhfeachtas mar gheall ar ghluaiseacht na síochána, gluaiseacht atá ag bailiú nirt in aghaidh an lae in ainneoin neamhshuim na mórmheán cumarsáide thall. D’éirigh le Adbusters os cionn $60,000 a bhailiú le fógra lánleathanach a fhoilsiú sa *New York Times *ar an 28 Meitheamh ar a raibh bratach “Mheiriceá Chorporáideach” agus an mionn thuas. Tá siadsan ag súil go mbeidh na scórtha míle duine sásta an bhratach bhréige a ardú sna mórshiúlta ar an 4 Iúil, go mbeidh agóidí ar bun ag daoine taobh amuigh den Teach Bán agus go bhfeicfear an bhratach ar foluain i mbailte beaga ar fud na Stát.

Tá an coincheap atá taobh thiar den fheachtas simplí go maith. Deir siad go bhfuil an iomarca cumhachta ag comhlachtaí ar nós Microsoft agus McDonald’s, agus go bhfuil dea-ainm agus dea-cháil Mheiriceá millte ag grúpa beag “neocons”, nó fíorchoimeádaithe, atá á maoiniú ag na hollchorporáidí agus a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar pholasaithe an Tí Bháin. “Tá Meiriceánaigh den uile dhath ag cur na ceiste,” a deir siad ar a suíomh www.unbrandamerica.org, “An liomsa an Meiriceá seo feasta?”

Tá grúpaí ar nós an Victoria Peace Coalition (http://vicpeace.ca) ag moladh dá lucht leanúna baghcat a dhéanamh ar earraí atá déanta sna Stáit Aontaithe mar agóid in aghaidh an smachta atá ag na hollchorparáidí ar an gcóras daonlathach thall. Ní móide go mbeadh formhór mhuintir na Stát sásta a ghabháil chomh fada sin, ach léiríonn sé cé chomh míshásta is atá daoine ag éirí faoin treo ina bhfuil an tír ag gabháil faoi réimeas Bush.

Ionsaí

Léiriú eile ar an deighilt bhinibeach idir an dá Mheiriceá - Meiriceá an fhreasúra agus Meiriceá na neocons - is ea an t-ionsaí a rinne an tráchtaire Bill O’Reilly ar lucht Adbusters le linn a chláir seisean ar Fox News. “Síleann an grúpa amaideach sin gur drocháit é Meiriceá, díreach mar a shíleann an lucht agóide thar lear,” a dúirt sé. “Agus síleann lucht caite buamaí abhus ar nós Michael Moore gur drocháit é Meiriceá go cinnte, agus tá sin ráite aige roinnt uaireanta. Mar sin, níl aon cheist faoi ach go bhfuil na hagóidí frith-Mheiriceánacha bunaithe ar dhearcadh an-simplí ar fad. Bithiúnaigh iad muintir SAM, agus is dream suáilceach iad na daoine a chuireann inár gcoinne.”

Faoi mar a tharla anseo in Éirinn le linn chuairt Bush le déanaí, déanann O’Reilly talamh slán de gurb ionann cur i gcoinne Bush agus a bheith ‘frith-Mheiriceánach’. Tugann na tírghráthóirí Meiriceánacha a ardóidh bratach ‘Mheiriceá Chorparáideach’ ar an 4 Iúil a n-eitheach don argóint fhalsa sin, ach leanfar leis na hionsaithe sotalacha agus seafóideacha de réir mar a ghéarós an feachtas toghchánaíochta.

Buille eile in aghaidh réimeas Bush is ea an tóir rábach atá ar scannán conspóideach Michael Moore, Fahrenheit 9/11. Sa chéad trí lá dó sna pictiúrlanna thall díoladh luach $21.8 milliún de thicéid. Ciallaíonn sé sin gurb é an chéad scannán faisnéise ariamh a tháinig ar bharr an liosta díolachán ticéad sna Stáit an deireadh seachtaine a eisíodh é. Cheana féin is é an scannán faisnéise is mó díol ariamh sna Stáit. Drochscéal ceart é sin d’fheachtas Bush.

Agus Bush ag tumadh sna pobalmheasanna, áfach, is é an cheist atá ann ná an ndéanfaidh sé aon bheart díchéillí an samhradh seo agus é ag iarraidh an taoide a chasadh arís. Cuimhnigh gur shroich sé an leibhéal sástachta is airde sna pobalmheasanna díreach i ndiaidh 9/11, agus gur ardaigh sé arís nuair a cuireadh tús leis an gcogadh san Iaráic. Cuimhnigh freisin gurb é stát Florida an stát cinniúnach a shocraigh cé a bheadh ina uachtarán an babhta deiridh. Cuimhnigh go bhfuil an oiread sin de bhunadh Chúba ina gcónaí i bhFlorida, go bhfuil an dearg-ghráin acu ar Fidel Castro, is go bhféadfadh siadsan tionchar cinniúnach a imirt ar an toghchán - go deimhin thacaigh 80 faoin gcéad de shliocht Chúba i bhFlorida le Bush an uair dheiridh. Céard faoi ionsaí beag a dhéanamh ar an sean-namhaid sa Muir Chairib, mar sin, agus madaí an chogaidh a chur ag tafann arís ar fud na Stát Aontaithe?

Teoiric amaideach agus dhochreidte, a deir tú? Ní cheapann Castro é sin. Ar an 1 Iúil tháinig reachtaíocht nua i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe a chuirfeas srianta nua ar an taisteal idir na Stáit agus Cúba. Tá imní ar Castro nach stopfaidh réimeas Bush ansin. “Ná bainigí triail as eachtraí mire ar nós ionsaithe pointeáilte,” a dúirt ceannaire Chúba ag deireadh na míosa seo caite. “Ní bheadh an bua libh go deo sa gcogadh sin.”

Is as Baile Átha Cliath do Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit ina bhfuil sé ag obair mar shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir. Tá sealanna caite aige ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4, agus mar chomhfhreagraí réigiúnach agus eagarthóir Gaeilge leis an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.