AR NA SAOLTA SEO
Cé a mharaigh Donaldson?
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil seans an-mhaith nach iad a iarchomrádaithe a mharaigh an spiaire Denis Donaldson.

Íomhá
Denis Donaldson: dúnmharaíodh é ag tús na míosa seo caite
Íomhá
An teach inar maraíodh Donaldson

“Where there is any uncertainty and where there are suspicious people will tend to draw conclusions which suit themselves, but as far as the Government is concerned and an Garda Siochana is concerned we are not leaping to any early conclusions. We want to consider all the evidence and deal with this matter as it should be dealt with, as a brutal and callous murder.” An tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell, 4 Aibreán 2006

Le linn na dTrioblóidí, aon uair a dúnmharaíodh brathadóir poblachtánach díríodh an mhéar i dtreo an IRA láithreach. Ní gan chúis a deineadh seo, mar le linn na mblianta sin mharaigh an IRA os cionn scór brathadóir. Ach tá nithe ag baint le bás tragóideach Denis Donaldson a thugann ar go leor a chreidiúint nach iad a iarchomrádaithe a bhí freagrach as a dhúnmharú. Fiú bête noire na bpoblachtánach, an tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell, níor dhírigh sé a mhéar i dtreo an IRA an babhta seo.

Mar a déarfadh aon bhleachtaire maith, tá dhá cheist a chuirtear agus dúnmharú á fhiosrú, cé aige a raibh an ceannfháth agus cad is féidir a léamh ón fhianaise. Aon duine atá eolach ar an mbealach a dhéanann poblachtánaigh brathadóirí a mharú, tá a fhios aige go ndéantar an brathadóir atá le marú a fhuadach de ghnáth, go gcuirtear mála ar a cheann agus go dtógtar é go háit éigin iargúlta, áit a gceistítear é (agus ar uairibh go ndéantar é a chéasadh), sula gcuirtear é ar a ghlúine, go scaoiltear é taobh thiar dá chluas agus go gcuirtear an corp áit éigin nach n-aimseofar é. Cinnte ní nós leo duine a lámhach istigh ina theach féin.

cosúlachtaí, áfach, idir dúnmharú Denis Donaldson agus dúnmharú eile a tharla sa taobh céanna tíre i 1991. Ar an 25 Bealtaine, ag ceathrú tar éis a dó ar maidin, bhris beirt fhear an doras isteach ar theach cónaithe comhairleora de chuid Shinn Féin, Eddie Fullerton, i mBun Cranncha agus mharaigh siad é. De réir thuarascáil an phaiteolaí stáit, cuireadh sé philéar san uasal Fullerton, sa chloigeann, sa mhuineál, ina lámh dheis, ina cholainn, agus ina cholpa clé. Thabharfadh seo le fios go raibh deis ag an Uasal Fullerton iarracht a dhéanamh é féin a chosaint sular maraíodh é.

Nuair a d’aimsigh na Gardaí corp Donaldson deirtear go raibh piléar sa cheann agus sa lámh; arís, bhí an chuma ar an scéal go ndearna Donaldson iarracht é féin a chosaint. Trí na piléir a mharaigh an tUasal Fullerton a scrúdú, bhí an RUC in ann a rá gur úsáid an UFF an gunna céanna chun ceathrar a mharú i gCarraig Ceasail i 1993. Ach i gclár teilifíse ar TG4 anuraidh cuireadh fianaise chun tosaigh a léirigh gur éalaigh na dúnmharfóirí a mharaigh an tUasal Fullerton i ngluaisteán neamhmharcáilte de chuid an RUC. Thabharfadh seo le fios go raibh lámh ag baill de na seirbhísí slándála i marú an Uasail Fullerton. An bhféadfadh sé gur fíor é seo i gcás Donaldson freisin? Níl aon amhras ach gur mó de chúis a bhí ag láimhseálaithe Donaldson é a mharú ná mar a bhí ag a iarchomrádaithe poblachtánacha.

Maraíodh Denis Donaldson an lá sula raibh an dá Rialtas le ráiteas a eisiúint le chéile faoi cad é an chéad chéim eile a bhí beartaithe acu maidir leis an phróiseas síochána. Tá sé ríthábhachtach mar chuid de straitéis Shinn Féin go gcuirfí an Tionól ar bun ó thuaidh. Muna gcuirfear, ní bheidh siad in ann forbairt a dhéanamh ar na forais trasteorann a bunaíodh mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus is lú seans go n-éireoidh leo a n-aidhm eile a bhaint amach, sin le rá bheith páirteach i rialtas sa deisceart.

Faoi láthair, agus an DUP ag diúltú cumhacht a roinnt le Sinn Féin, is deacair a shamhlú go gceadódh ceannairí ghluaiseacht na poblachta d’aon ní tarlú a thabharfadh leithscéal breise don DUP gan cumhacht a roinnt agus, dá bhrí sin, a chuirfeadh brú breise ar an dá rialtas glacadh le seasamh an Dr. Paisley. Dár ndóigh, d’fhéadfadh sé gur poblachtánach nach bhfuil spéis aige i straitéis Shinn Féin – ag gníomhú dá stuaim féin - a mharaigh Donaldson. Más amhlaidh a bhí, maraíodh é le díoltas a bhaint amach nó le heagla a chur ar aon duine eile i ngluaiseacht na poblachta a bheadh ag smaoineamh bheith ina bhrathadóir do na Sasanaigh. Ach bhí cúis freisin ag láimhseálaithe Donaldson é a chur ina thost.

Ó thús tá iliomad fórsaí éagsúla ag gníomhú sa chúlra taobh thiar den phróiséis siochána, ina measc eilimintí sna fórsaí slándála ar mian leo a chinntiú nach mbeadh Airí Shinn Féin riamh I gcumhacht, go háirithe nach mbeidís I gceannas cúrsaí slándála sna Sé Chontae, mar a d’fhéadfadh tárlú go héasca má chuirtear an tionól ar bun. I 2002 shiúl David Trimble amach as an chomhrialtas I Stormont nuair a d’fhógair na Póilíní go raibh siad taréis “spy-ring” poblachtánach a aimsiú I Stormont. Go gairid ina dhiaidh sin chuir an PSNI cás I leith triúr ball Shinn Féin, ina measc Denis Donaldson. De réir Ard Cheannfort Roy Suiters ón PSNI fuarthas, litreacha a bhain le príomh aire na Breataine, Stát Rúnaí Thuaisceart Éirinn, an Taoiseach, an Ministry of Defence sa Bhreatain, ombudsman na bPóilíní agus an PSNI féin. Mar is eol dúinn anois cuireadh an cás inaghaidh Donaldson agus a chomrádaithe ar ceal sa chúirt, toisc nmar a dúradh sa chúirt nach mbeadh sé “in the public interest” leanúint leis an chás. Tá a fhios againn anois cad go díreach a bhí I gceist leis seo. Nuair a d’fhógair Donaldson ag preas-ócáid go raibh sé mar bhrathadóir san IRA le fiche bliana anuas dúirt sé freisin gur cumadóireacht iomlán a bhí i Stormontgate, nach raibh riamh aon spy-ring poblachtánach ag feidhmiú agus gur cleasaíocht iomlán ag eilimintí sa fórsaí slándála a bhí ann le deireadh a chur leis an chomhrialtas agus Sinn Féin a chur as oifig. Ainneoin go leor iarrachtaí ó na meáin, I ndiaidh na preasócáide sin, dhiúltaigh Donaldson aon eolas eile a thabhairt. Más fíor focail an Uasail Donaldson maidir le Stormontgate, níl aon dabht ach go mbéadh scéal an-spéisiúl le hinsint aige faoi sin agus cá fios faoi dhroch-obair eile de chuid na fórsaí slándála, nó faoi bhrathadóirí eile I ngluaiseacht na poblachta. Níor mhínigh sé riamh ach oiread conas a tugadh ar iompú ina bhrathadóir sa chéad dul síos. Ní dúirt sé ach gur thárla sé “at a sensitive time in my life”. Tá gach cuma air gur deineadh dumháil air.

Buíochas do fhiosrúchaín Stephens tá a fhios againn gur cheadaigh agus in amanna chothaigh eilimintí I Seirbhísí rúnda na Breataine agus i mBhrainse Speisialta an RUC gníomhairí I measc na ndílseoirí agus san IRA le daoine a mharú. Ní hamháin sin dódh oifigí Sir John Stephen féin ag súil go gcuirfeadh seo deireadh lena chuid fiosrúcháin. An sampla eile é dúnmharú Denis Donaldson de dhroch-obair na bhfórsaí slándála? Níl aon dabht ach go raibh níos mó le gnóthú ag a chuid fostóirí Donaldson a chur ina thost, tost buan, ná mar a bhí ag poblachtánaigh. Trí Donaldson a mharú ní hamháin gur stopadh é ó aon scéalta a insint ach chaith sé amhras arís ar cé acu an raibh poblachtánaigh taréis droim láimhe a thabhairt don fhoréigin go fóill

B’fhéidir go bhfuil na Trioblóidí mar a chonachtas iad le 30 bliana thart. Ach ní léir go bhfuil an cogadh salach thart. Bhí ceadúnas ag Denis Donaldson le haghaidh 3 ghunna agus go raibh ar a laghad gunna láimhe amháin aige agus é ina chónaí I nDún na nGall. Ach tuigtear do “Bheo” go bhfuil an gunna seo anois ar iarraidh. Níor fiosraíodh dúnmharú Eddie Fullerton I gceart I 1991. Ná fantar deich mblian eile sula gcuirtear an cheist, cá bhfuil gunna Denis Donaldson?

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is léiritheoir teilfíse é agus saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.