AR NA SAOLTA SEO
Cé a bhíonn ag faire ar an bhfear faire?

Is comhshaolaí mór le rá é Maurice Strong a bhfuil na blianta fada caite aige ag obair ar bhonn comhairliúcháin le heagrais mar na Náisiúin Aontaithe. Agus an cineál stíle maireachtála atá aige féin, áfach, ar chóir dó a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine? Pléann Maidhc Ó Cathail an scéal.

Íomhá
Maurice Strong: tá sé i ndiaidh a bheith bainteach le cúrsaí comhshaoil le blianta fada
Íomhá
Íomhá
Is cairde móra iad David Rockerfeller (thuas) agus Maurice Strong
Íomhá
Íomhá
Al Gore
Íomhá
Tongsun Park, an Cóiréach a ciontaíodh as comhcheilg a dhéanamh le linn na scéime Oil-for-Food

Is beag duine sa lá atá inniu ann nach mbíonn buartha faoin gcomhshaol. Agus is maith an rud é sin, go pointe áirithe. D’uireasa comhshaoil fholláin, ba bhoichte an saol. Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu?

Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*...current lifestyles and consumption patterns of the affluent middle class - involving high meat intake, use of fossil fuels, appliances, home and work-place air-conditioning, and suburban housing - are not sustainable.” *B’fhéidir go bhfuil an ceart aige. Ach cé hé Maurice Strong? Agus cén cineál stíle maireachtála atá aige féin?

Rinne CBC – nó BBC Cheanada mar a thugtar air go minic – clár dar teideal “The Life and Times of Maurice Strong” sa bhliain 1994. I rith an chláir, dúirt Strong go raibh cúig nó sé theach aige ar fud an domhain. Níor luaigh sé, áfach, chomh fada le mo bharúil, go raibh rainse 139,000 acra aige sna Stáit Aontaithe chomh maith. Ar aon chuma, níor cheap lucht déanta an chláir, is cosúil, gur ait an rud é milliúnaí taistealach a bheith ag seanmóireacht faoi róthomhaltas an ghnáthdhuine. Mura bhfuil stíl mhaireachtála na meánaicme saibhre inbhuanaithe, is cinnte nach bhfuil stíl mhaireachtála leithéidí Maurice Strong amhlaidh!

Ach cá bhfuair Strong a chuid airgid leis na tithe uile agus an rainse ollmhór a cheannach?

Tionscal fuinnimhRugadh Strong i gCeanada sa bhliain 1929 agus thosaigh sé ag obair sa tionscal fuinnimh agus é fós ina dhéagóir. In ainneoin gur thosaigh sé ag plé le cúrsaí comhshaoil sna seachtóidí, níor éirigh sé riamh as an tionscal is mó a bhfuil lorg carbóin déanta aige. Anuas ar na corparáidí éagsúla fuinnimh ar bhain sé leo,

ceapadh é mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Petro-Canada – comhlacht ola ar leis an stát é – sa bhliain 1976.

I dteannta leis an slam mór airgid a shaothraigh sé as ola, níorbh fhada go raibh Strong mór le daoine cumhachtacha ó shaol na polaitíochta idirnáisiúnta. Nuair nach raibh ann ach fear óg ocht mbliana déag d’aois, cuireadh Strong in aithne do Noah Monod, ar chisteoir na Náisiún Aontaithe é, agus fuair sé a chéad phost leis an eagras sin. D’fhan Maurice óg i dteach Monod i Nua-Eabhrac ar feadh tamaill, fiú. Ní ba thábhachtaí fós, chuir sé aithne ar David Rockerfeller, an baincéir agus státaire clúiteach atá i bhfách go mór leis an domhandú agus ar garmhac leis an bhfear a bhunaigh Standard Oil é.

Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil caidreamh láidir idir Maurice Strong agus muintir Rockefeller ó shin i leith. Ar a laghad, d’admhaigh David Rockefeller don iriseoir Elaine Dewar go raibh “* strong working relationship”* i gceist idir é féin agus Strong. Ach, mar a scríobh Dewar ina leabhar iontach dar teideal Cloak of Green (arb é a théama ná an cineál caidrimh atá i gceist idir grúpaí comhshaoil, rialtais agus corparáidí móra): “David Rockefeller’s grandfather, John D. Rockefeller, had created one of the world’s greatest global businesses by virtue of a myriad of strong working relationships.” Cibé ar bith, chuaigh gairm bheatha Strong ó neart go neart i ndiaidh dó bualadh le David Rockefeller.

Is liosta le háireamh iad na poist thábhachtacha a bhí ag Strong go dtí seo – tá obair déanta aige san earnáil ghnó, le rialtais éagsúla ar fud an domhain agus san earnáil neamhbhrabúis, cuir i gcás. I measc na gceapachán tábhachtach sin, bhí sé ina chathaoirleach ar an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda (Davos); ina leas-uachtarán ar WWF, ar ciste idirnáisiúnta don fiadhúlra é (1978-1981); ina chomhairleoir sinsearach sa tréimhse 1995-2005 d’iar-uachtarán an Bhainc Dhomhanda, James Wolfensohn; agus ina fho-rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe (1985-1987 agus 1989-1992). D’éirigh leis na poist sin ar fad a bhaint amach in ainneoin nár chríochnaigh sé a chuid meanscolaíochta riamh.

I Stócólm sa bhliain 1972, nuair a reáchtáil na Náisiúin Aontaithe an chéad chomhdháil idirnáisiúnta riamh inar díríodh ar chúrsaí comhshaoil, ceapadh Strong mar ard-rúnaí uirthi. Ach chuir a cheapachán iontas ar dhaoine áirithe. “*Given his history in the energy business, in which he seemed never to have shown interest in the environment except as something to be used, why him?” *mar a d’fhiafraigh Dewar.

Cairde cumhachtachaAch, ar ndóigh, bhí cairde cumhachtacha ag Strong. Ag an am, bhí sé ina iontaobhaí ar The Rockefeller Foundation agus chuir an fhondúireacht sin airgead ar fáil lena oifig i Stócólm a reáchtáil. I rith na comhdhála, labhair Strong faoi théamh domhanda agus faoi nithe eile a bhí ina mbagairt don chomhshaol.

Fiche bliain i ndiaidh na comhdhála i Stócólm, reáchtáladh Comhdháil na Náisiún

Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) i Rio de Janeiro agus bhí Strong ina ard-rúnaí uirthise chomh maith. Agus, ar ndóigh, fuair sé maoiniú flaithiúil ón bhfondúireacht chéanna an iarraidh sin freisin.

Bhí ról tábhachtach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ag an gcomhdháil in Rio – nó ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda, mar is fearr aithne air. Ní raibh cúrsaí chomh daonlathach agus a cheapfá, áfach. Ceapann daoine gurb ionann eagraíocht neamhrialtasach agus eagraíocht neamhspleách, agus go bhfuil a leithéid ann d’fhonn guth an phobail a chur chun cinn i gcomhthéacsanna mar an comhdháil in Rio. Ach níorbh amhlaidh, is cosúil. Bhí ionadaithe na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhí i láthair ag an gcomhdháil go mór faoi thionchar Strong, a bhí ag stiúradh gach ruda go cumasach. Dar le Dewar, “They promoted the agenda Strong wanted set.”

Ghlac eagraíocht neamhrialtasach a bhí curtha ar bun ag Strong agus a bhean chéile páirt sa chomhdháil in Rio, fiú amháin. Bunaíodh The Manitou Foundation le $100,000 a fuarthas ó Laurance Rockefeller, deartháir le David. Iarradh ar Manitou cruinniú spioradálta a eagrú le linn na comhdhála. Thairis sin, a fhad is a bhí polaiteoirí an domhain ag plé Agenda 21, bhí drumadóirí de chuid Manitou taobh amuigh á ngríosú chun Ollmháthair na Cruinne a shábháil.

Ba é an clár a bhí á bhrú ag Manitou ná rialachas domhanda i leith cúrsaí comhshaoil. Dar le Dewar, bhí leithéidí Strong ag cur rialachas domhanda chun cinn mar réiteach ar ghéarchéimeanna comhshaoil mar athrú aeráide. Éilíonn fadhbanna domhanda réiteach domhanda, mar a deirtear. Ina agallamh leis an iriseoir Ceanadach, níor shéan Strong gur theastaigh uaidh, go pearsanta, go gcuirfí rialachas domhanda i bhfeidhm. Ní hamháin go bhfuil sé riachtanach, dar leis, ach tá sé dosheachanta faoin am seo.

Cáin charbóinMolann Strong gur chóir cáin charbóin a chur i bhfeidhm chun déileáil le hathrú

aeráide. Tá sé ar bhord stiúrtha an eagrais Chicago Climate Exchange, arb éard atá ann ná “the world’s first global marketplace for integrating voluntary legally binding emissions reductions with emissions trading and offsets.” Faoi láthair, ar ndóigh, níl sé éigeantach frithchúiteamh a dhéanamh ar astucháin charbóin. Dá gcuirfí cáin charbóin i bhfeidhm ar bhonn domhanda, bheadh sé deacair ar an ngnáthdhuine. Ach d’fhéadfadh Strong agus a chara dílis Al Gore – ar leis Generation Investment Management, ball de Chicago Climate Exchange – go leor airgid a shaothrú as a bheith ag trádáil na n-astuchán carbóin.

An bhfuil bunús leis an tuairim go réiteodh rialachas domhanda fadhbanna domhanda? Dá mbeadh níos mó cumhachta ag na Náisiúin Aontaithe, cé d’fhairfeadh ar an bhfear faire? Cibé áit a mbíonn an chumhacht, bíonn caimiléireacht i gceist chomh maith.

Ní heisceacht ar bith é na Náisiúin Aontaithe, nó Strong é féin, b’fhéidir. D’éirigh Strong as a phost leis na Náisiúin Aontaithe sa bhliain 2005 le linn d’imscrúdú a bheith ar siúl maidir lena chaidreamh leis an gCóiréach Tongsun Park. Ciontaíodh Park as comhcheilg a bheith déanta aige le linn scéime de chuid na Náisiún Aontaithe ar ar tugadh Oil-for-Food a bhí ar siúl san Iaráic. Fuarthas amach go bhfuair Strong seic – arbh fhiú $1 milliún é – ó Park mar chuid de bheart gnó, ach shéan Strong go raibh a fhios aige cé as ar tháinig an t-airgead.

Agus céard faoin gcomhshaol? An féidir linn muinín a bheith againn as leithéidí Strong?

Cibé faoi scannail airgeadais, ní bheifeá ag súil go mbeadh Strong – ar a dtugtar “Mr. Environment” mar gheall ar a cháil mar chomhshaolaí mór le rá – bainteach le scannal comhshaoil chomh maith. Ach ní mar a shíltear a bítear.

uiscíoch ollmhór faoina rainse in Baca Grande, Colorado, agus rinne comhlacht dá chuid iarracht an t-uisce a sholáthar i bpíblíne do chathair Denver – beart a shaothródh na billiúin do Strong agus dá chuid comhpháirtithe dá gcuirfí i gcrích é. Ar deireadh thiar, áfach, d’éirigh le muintir na háite stop a chur

leis an bplean tar éis dóibh a mhaíomh go bhfágfaí gleann álainn San Luis ina fhásach dá leanfaí ar aghaidh leis. Ach nach aisteach an rud é go raibh orthu dul in adharca le “Mr. Environment” chun an timpeallacht áitiúil a chosaint!

Ó tharla na trioblóidí leis na Náisiúin Aontaithe, tá cónaí ar Maurice Strong sa tSín. Céard atá ar bun aige ansin? Bhuel, deir daoine áirithe go bhfuil sé ina chomhairleoir comhshaoil ag Rialtas na Síne (agus is cinnte go dteastaíonn comhairle go géar ón rialtas sin!). Deir daoine eile, áfach, go bhfuil sé ag iarraidh an carr saor Síneach – an Chery – a easpórtáil. Agus, nuair a smaoiníonn tú ar an ngairmréim neamhghnách a bhí aige go dtí seo, is dócha go bhfuil an dá rud ar siúl aige!Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.