AGALLAMH BEO
Cathal Ó Searcaigh
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tá aitheantas bainte amach ag an fhile Cathal Ó Searcaigh ní hamháin i measc lucht léite na filíochta in Éirinn, ach in go leor tíortha eile chomh maith. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónail faoi chiúinchónaí cois sléibhe i nDún na nGall, faoina shaol mar fhile agus a ghrá do Neipeal.

Íomhá
Cathal Ó Searcaigh
Íomhá

Ní bhíonn mórán ama ag an fhile Cathal Ó Searcaigh dó féin i rith an lae, fiú agus é sa bhaile i Mín na Leagha, an ceantar iargúlta cóngarach do Ghort an Choirce i dTír Chonaill arb as é agus a bhfuil sé fós ag cur faoi ann. Bíonn cuairteoirí ag bualadh isteach go leanúnach go dtí an teach beag de chuid na comhairle contae a bhfuil cónaí air ann agus san oíche is mó a bhíonn sé ag scríobh anois, dá bharr seo.

An lá a chuaigh mé féin ar cuairt chuige bhí an cluiche ceathrú ceannais peile idir Dún na Gall agus Baile Átha Cliath le bheith beo ar an teilifís ón ceathair a chlog ar aghaidh agus, mar sin, d’iarr sé orm bualadh isteach chuige timpeall leath i ndiaidh a dó. Rinne mé amhlaidh ach ní fhaca ceachtar againn an cluiche. Faoin am a bhí ár gcomhrá críochnaithe, bhí an lámh in uachtar faighte ar na Conallaigh i bPáirc an Chrócaigh agus breis is dhá uair an chloig de thaifeadadh déanta agamsa. Tháinig roinnt cuairteoirí eile an treo chomh maith, ina measc an t-aisteoir cáiliúil Stephen Rea atá cairdiúil le Ó Searcaigh anois le roinnt mhaith blianta anuas. Bhuail seisean isteach gan choinne le buíochas a chur in iúl do Chathal as ucht dán a chur ar fáil dó le léamh ag pósadh faoin aer i dTeamhair an deireadh seachtaine roimhe sin.

Tá dánta de chuid Uí Shearcaigh aistrithe go cúig theanga dhéag anois, agus faigheann sé cuireadh go minic a shaothar a léamh ag féilte thar lear. An lá i ndiaidh domhsa bualadh leis, bhí sé ag tabhairt aghaidhe ar an tSualainn, agus beidh sé ag léamh a shaothair ag ócáid mhór sa Royal Festival Hall i Londain ag tús mhí na Samhna.

Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an fhear deisbhéalach seo a rugadh agus a tógadh i Mín na Leagha agus a bhfuil bunús a shaoil caite aige sa cheantar álainn seo, diomaite de thréimhsí gairide in áiteanna mar Londain, Chill Dara agus Luimneach nuair a bhí sé níos óige.

Scoil bhrúidiúil

Fuair Ó Searcaigh a chuid oideachais bunscoile go háitiúil i gCaiseal na gCorr ach b’fhuath leis na blianta a chaith sé sa scoil sin.

“Cha deachaigh Caiseal na gCorr i bhfeidhm orm ar chor ar bith. Bhí fuinneogaí ar an scoil sin ach ní raibh solas ar bith ag teacht fríd na fuinneogaí sin. Scoil iontach brúidiúil ar fad a bhí inti, ón tús go dtí an deireadh.”

Fanfaidh eachtra amháin go buan ina chuimhne: an lá a rinne sé iarracht briseadh ón mhúnla agus ón fhoirmle a bhí ann d’aistí agus rud éigin suimiúil agus cruthaitheach a scríobh.

“Rinne mé iarracht casadh a bhaint as na clichés: ‘D’éirigh mé ar a hocht a chlog ar maidin, chuir mé orm mo chuid paidreacha, dúirt mé mo bhrístí, tháinig mé anuas an bricfeasta, d’ith mé an staighre’ - agus lean mé ar aghaidh mar sin.

“Ach nuair a léigh an príomhoide m’aiste, chonaic mé dreach dalba, diabhlaí ag teacht air. Bhí sé iontach tógtha agus tháinig sé anuas agus chnag sé mé. Ach bhí sin coitianta go leor. Cuimním i gcónaí ar an rud a dúirt sé liom ansin: ‘Sure, níl staighre ar bith i dteach s’agaibhse’!”

D’éirigh i bhfad níb fhearr le Ó Searcaigh sa mheánscoil, cé go ndeachaigh sé go dtí an cheardscoil i nGort an Choirce seachas go dtí an scoil ní ba mheasúla ar an Fhál Carrach.

“Na *rejects *ar fad a chuaigh go dtí an cheardscoil den chuid is mó, sin mar a chonacthas an ceardoideachas do dhaoine in Éirinn. Bhí an bhéim ar fad ar an acadúlacht.”

An chéad lá sa scoil, léigh an múinteoir Béarla, Tomás Breathnach, sliocht as leabhar agus d’fhiafraigh sé de na daltaí cad é a mbarúil faoi. Chuir sé seo iontas ar Chathal.

“B’in an chéad uair a cuireadh an cheist sin ormsa. Sa bhunscoil, cha raibh aird ar bith ar bharúlacha na bpáistí. Cha raibh an cineál sin dialoguear siúl ar chor ar bith. Cha raibh ionainn ach soithigh bheaga agus chaithfí na soithigh sin a líonadh le hoiread fíricí is a thiocfaí a chur isteach iontu. Ach, bhí bealach eile aigesean ar fad.”

Bhí béim mhór ar imeachtaí taobh amuigh den rang sa scoil, go háirithe ar dhrámaí agus ar dhíospóireachtaí. D’fhoghlaim Ó Searcaigh le linn a thréimhse sa cheardscoil an dóigh le dul i láthair daoine agus a ghuth a chaitheamh, rud a chuaigh go mór chun sochair dó blianta ina dhiaidh sin nuair a thosaigh sé ag léamh a shaothair go poiblí.

Seal sa choláiste

I ndiaidh dó an mheánscoil a fhágáil, chaith sé bliain ag plé leis an Staidéar Eorpach san NIHE i Luimneach, mar a tugadh ar Ollscoil Luimnigh ag an am. D’fhág sé an coláiste sin ag deireadh na chéad bhliana, áfach, de bharr go raibh sé mar aidhm ag an chúrsa “feidhmeannaigh a chur ar fáil don Eoraip úr agus ní raibh spéis ar bith agamsa a bheith i m’fheidhmeannach.”

Thug sé aghaidh ar Londain ansin, áit ar chaith sé bliain ag léamh leabhar agus ag obair i mbeár, The Ox and the Gate. Éireannaigh ba mhó a bhíodh mar chustaiméirí sa teach tábhairne sin, daoine as na ceantair Ghaeltachta ina measc. Deir Cathal go mbíodh náire ar go leor acu seo, áfach, an Ghaeilge a labhairt os ard de bharr, dar leo, nach raibh áit ar bith do theanga an phortaigh istigh i lár cathair mhór mar Londain. “Bhí siad ag séanadh a ndúchais,” dar leis.

Fuair Ó Searcaigh scoláireacht go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad ansin agus bheartaigh sé staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge agus ar an Bhéarla. Admhaíonn sé, áfach, gur chaill sé formhór na ranganna le linn na bliana a chaith sé i Maigh Nuad agus gur thug sé formhór a chuid ama sa leabharlann ag léamh leabhar. (Is cuimhin liom go maith ollamh de chuid na háite a casadh orm sna hochtóidí a bheith ag tabhairt amach faoi Ó Searcaigh de bharr, dar leis, go raibh sé an-leisciúil.)

Bhí sé tar éis a bheith ag scríobh filíochta ó bhí sé ar scoil. Chuir sé dánta isteach ar chomórtas Ghael-Linn, Slógadh, agus bhí dhá leabhar foilsithe fiú amháin. Tháinig an chéad cheann amach sa bhliain 1975, Miontragóid Cathrach, agus tá náire air faoi ó shin.

“Níl tragóid ar bith in sa leabhar sin ach gur foilsíodh é. Am ar bith a fheicim anois é, goidim é má thig liom.”

Foilsíodh an dara cnuasach dá chuid, Tuirlingt, i 1978 nuair a bhí Ó Searcaigh ina mhac léinn i Maigh Nuad ach níl sé róshásta leis an leabhar seo ach oiread. Braitheann sé gur tháinig forbairt mhór air mar scríbhneoir idir sin agus 1983 nuair a foilsíodh Súile Shuibhne. Seachas a bheith ag léamh filí an Bhéarla amháin, leithéidí na bhfilí Beat, Ted Hughes agus Tom Gunne, thosaigh sé ag cur spéise i dtraidisiún na Gaeilge chomh maith.

Chan fhacthas domh go raibh an saibhreas céanna i nGaeilge ach de réir a chéile tuigeadh domh go gcaithfinn pilleadh ar ais arís, leis an *cliché *sin a úsáid, ar thobar an dúchais agus athshealbhú a dhéanamh ar mo dhúchas féin.”

Luigh sé isteach ar shaothar fhilí Chúige Uladh, Art Mac Cumhaigh, Séamas Dall Mac Cuarta agus Peadar Ó Doirnín, a léamh, mar aon leis na hamhráin ghrá, agus tuigeadh dó go bhféadfadh sé “frásaí a ghoid as na hamhráin sin agus iad a chur in oiriúint don rud a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh.”

Láithreoir teilifíse

Le linn na tréimhse sin chomh maith, bhí sé ag obair mar láithreoir an chláir teilifise a léirigh an ceoltóir Tony McMahon do RTÉ, “Aisling Gheal”. Clár ealaíon a bhí i gceist a raibh tábhacht nach beag ag baint leis, dar le Ó Searcaigh.

“Tuigeadh do Tony go raibh go leor ealaíontóirí amuigh ansin, amhránaithe ar an tsean-nós go háirithe, nár tugadh deis riamh daofa a bheith ar an teilifís agus nach mbeadh taifead ar bith daofa ann. Bhí an deis seo aige scannánaíocht a dhéanamh orthu.”

Cuimhníonn sé go háirithe ar na cláracha a rinneadh ar an amhránaí sean-nóis Darach Ó Catháin agus ar an fhile agus an t-amhránaí Caitlín Maude, an t-aon taifead teilifíse de cheachtar den bheirt sin a mhaireann sa lá atá inniu ann.

Bhí an deis aige fanacht in RTÉ agus tuilleadh oibre a dhéanamh ar an teilifís ach chinn sé ar dhíriú isteach ar an scríbhneoireacht. Fuair sé spárantacht ón Chomhairle Ealaíon agus thosaigh sé ag léamh a shaothair go poiblí ó am go chéile chomh maith. Ba é an cnuasach Súile Shuibhne toradh roinnt blianta oibre.

D’fhoilsigh sé cnuasach amháin eile, Suibhne, le Coiscéim ach ansin chinn sé ar bhogadh go dtí foilsitheoirí nua, Cló Iar-Chonnachta, a bhunaigh Micheál Ó Conghaile i lár na n-ochtóidí.

“Taitníonn Micheál go mór liom. Tá sé iontach séimh agus iontach ionraice sa dóigh a mbíonn sé ag déileáil le scríbhneoirí. Liomsa go háirithe. Is maith liom an ghairmiúlacht a bhaineann le Cló Iar-Chonnachta. Téann Micheál chuig aontaí leabhar thart ar an tsaol; bíonn sé in Frankfurt, bíonn sé i Nua-Eabhrac, rud nár tharla riamh i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge.”

Tá cuimhne mhaith aige ar an oíche i 1987 ar seoladh an chéad leabhar dá chuid a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta, An Bealach ‘na Bhaile. Ba í Bernadette McAliskey a rinne an seoladh agus tháinig John Beag Ó Flaithearta agus a bhanna as Conamara le ceol a sheinm ag an ócáid. Bhí baicle daoine as Toraigh i láthair a tháinig go tír mór go speisialta le John Beag a chloisteáil. Tharla raic go luath san oíche, áfach. Bhí fear i láthair a raibh baint aige leis an eagraíocht Cearta Gael agus rinne sé gearán láidir le John Beag de bharr go raibh cuid dá chuid amhrán i mBéarla. Chuir seo olc ar an amhránaí agus dhiúltaigh sé leanúint ar aghaidh.

“Bhí muintir Thoraí ar mire. Bhí siadsan réidh leis an fhear seo a cheangal agus a chaitheamh amach san fharraige ar an taobh eile de Thoraigh.”

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Leabhar taistil le Philip Marsden faoin Airméin dar teideal The Crossing Place.

Cén ceol is fearr leat?

Is maith liomsa achan chineál ceoil, ó Stockhausen go dtí na Sex Pistols. Déarfainn gur na *cello suites *le Bach is fearr liom, go háirithe taifeadadh de chuid Rosterkovich a mbíonn ag éisteacht leis de shíor.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Caravan, scannán a bhaineann le Neipeal agus an Tibéid. Tháinig sé amach dhá bhliain ó shin.

Cá dtéann tú ar saoire?

Neipeal ach téim go leor áiteacha eile.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Deich n-uaire ar a laghad, déarfainn.

Cén bhialann is fearr leat

Monty’s of Katmandu i mBaile Átha Cliath agus Teach Mhaggie Dan i nGort an Choirce.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

An Dali Lama.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú ag éirí aníos?

George Best duine de na daoine, mar tá spéis mhór agam sa sacar. Alan Ginsberg agus Jack Kerouauc.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Daoine atá diúltach. Ní maith liom a bheith ina gcomhluadar.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Tá clár ama agam. San oíche a scríobhaim seachas sa lá. Bíonn cuid mhór ama tógtha suas ag obair rúnaíochta, mar is cineál tionscal teallaigh mé anois.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Níl a fhios agam.

Chaith Cathal trí bliana mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chúil Raithín agus in Ollscoil na Banríona idir 1992-95 agus ansin sé mhí i mbun an phoist chéanna i nGaillimh i 1996, an bhliain chéanna a ceapadh é mar bhall d’Aos Dána. Faigheann sé suim airgid ón stát anois gach bliain (breis is €11,000 faoi láthair), rud a thugann saoirse dó a bheith ag scríobh.

Faigheann sé cuirí go leanúnach a shaothar a léamh ar fud na hÉireann agus thar lear agus seo foinse thábhachtach eile ioncaim dó. Tá sé buíoch de Chló Iar-Chonnachta as ucht aistriúcháin a fháil déanta dá shaothar mar gur chruthaigh seo deiseanna nua dó a bheith ag léamh ar an iasacht. Cúpla lá sular labhair mé leis, fuair sé litir ó fhile agus foilsitheoir sa tSlóivéin a bhfuil spéis aige cuid dá shaothar a aistriú go Slóivínis agus tá sé tar éis a bheith ag plé le Rómánach agus le hOstarach a bhfuil Gaeilge acu atá ag aistriú cuid dá dhánta isteach ina dteangacha dúchais féin.

Neipeal

dáimh mhór ag Cathal le Neipeal. Chuaigh sé ansin ar dtús roinnt blianta ó shin le clár teilifíse, “Cuairt na Cruinne”, a dhéanamh le Dermot Somers agus ansin d’fhill sé an bhliain dár gcionn ina aonar.

“Thug sé cuireadh domhsa dul go Neipeal agus tabhairt faoi shliabh idir Neipeal agus an Tibéid. Caithfidh mé a rá go ndeachaigh Neipeal i bhfeidhm go mór orm - ní dreapadh an tsléibhe, ach na daoine. Mhothaigh mé agus beann leo, agus ba léir domh go raibh mé ar mo shuaimhneas ina measc.”

D’fhás cairdeas láidir idir é féin agus fear a casadh air in Katmandu, Prem, agus chabhraigh sé leis an fhear óg seo bean a roghnú, fiú amháin.

“Caithim dúlaíocht an gheimhridh i Neipeal: Nollaig, Eanáir agus Feabhra. Bhí mé amuigh ansin anuraidh nuair a pósadh Prem. Rinneadh cleamhnas dó ach bhí triúr ban ar an ghearrliosta agus b’éigean domhsa a theacht leis agus socrú a dhéanamh cé ab fhóirsteanaí dó.”

Bhí Prem in Éirinn trí huaire go dtí seo agus labhair sé Gaeilge ar Raidió na Gaeltachta fiú amháin! Tá sé ag déanamh staidéir ar chúrsaí gnó anois agus chuidigh Cathal leis teach a thógáil. Bíonn siad beirt ag caint ar an ghuthán gach cúpla lá agus beidh Cathal ag tabhairt aghaidhe ar Neipeal arís an geimhreadh seo, in ainneoin go bhfuil cogadh fuilteach á throid le tamall anuas idir treallchogaithe cumannacha agus fórsaí an rialtais.

Cuireann Cathal béim láidir ar a homaighnéasachas ina shaothar agus deir sé go raibh a leithéid i gceist ina chuid filíochta i gcónaí ach nár tugadh faoi deara é sna blianta tosaigh.

“Ní raibh sé doiligh a theacht amach. Bhí orm a bheith cúramach de bharr gaol láidir a bhí agam le duine inteacht áitiúil. Bhí orm eisean agus mé féin a chosaint. Bhí a fhios ag cairde de mo chuid ach ní raibh a fhios ag an phobal i gcoitinne. Nuair a tháinig críoch leis an chaidreamh sin, bhí deis agam labhairt amach.

“Tá an t-ádh orm a bheith beo san am ina bhfuil mé beo mar go bhfuil glacadh le daoine aeracha agus tá siad le feiceáil mar role models. Roimhe seo, ní fheicfeá duine aerach ar an teilifís, ní chluinfeá duine aerach ag caint ar an raidió. Síleadh do dhaoine agus iad ag éirí aníos roimhe seo nach raibh duine ar bith aerach ach iad féin.”

Chuir mé i gcuimhne do Chathal an ócáid, cúpla bliain ó shin, nuair a d’fhág roinnt daoine léamh filíochta dá chuid a bhí ar siúl i nGleann Cholm Cille de bharr go raibh sé ag caint an iomarca, dar leo, faoi ghnéas. Deir sé go ndéanann sé iarracht uaireanta geit a bhaint as daoine agus é ag léamh go poiblí.

“Tá an dearcadh ann gur teanga bheannaithe an Ghaeilge, gur teanga mhaighdeanúil í agus nach bhfuil cead ag scríbhneoir ar bith casadh úr a bhaint aisti ar an dóigh sin. Amannta, castar daoine orm agus deir siad, ‘An dtig leat scríobh faoi chúrsaí gnéis i nGaeilge?’ Tá an dearcadh sin acu. Tá sé iontach soineanta. Tá teanga na Gaeilge iontach gáirsiúil agus graosta ach tá teanga ar bith mar sin. Tá sin mar ghné thábhachtach de theanga ar bith.”

Tá go leor ar na bacáin ag Ó Searcaigh faoi láthair. Beidh dhá leabhar nua á bhfoilsiú ag Cló Iar-Chonnachta roimh dheireadh na bliana a bhfuil baint aige leo: leabhar taistil faoi Neipeal agus leabhar de ghrianghrafanna dá cheantar dúchais a ghlac grianghrafadóir Ollannach. Is é Ó Searcaigh a scríobh téacs an leabhair agus tá dánta dá chuid le fáil ann chomh maith.

Cé go bhfuil sé ag siúl amach le fear i Neipeal, níl aon fhonn ar Ó Searcaigh socrú síos. Measann sé, áfach, go bhfuil dearcadh níos sláintiúla aige i leith caidreamh na laethanta seo ná mar a bhí roimhe seo.

“Ní shílim gur mhaith liom a bheith i mo chónaí le duine ar feadh tréimhse fada. Tá duine áirithe atá iontach tábhachtach i mo shaol i Neipeal. Ach is maith liom an tsaoirse. Uair amháin theastaigh uaimse a bheith i mo chónaí le duine áirithe. Agus bhí an oiread sin spéise agam sa duine seo nár theastaigh uaim go mbeadh teagmháil ar bith aige le duine ar bith eile. Tá sin iontach dainséarach. Theastaigh uaim balla a chur thart ar an duine seo sa dóigh is nach dtiocfadh leis bogadh. Agus, ar ndóighe, nuair a dhéanann tú rud mar sin, seargann an duine. Ní thiocfadh leis a anáil a tharraingt i ndáiríre. D’fhoghlaim mé ceacht io seilbh a fháil ar rudaí.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.