AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Cathain a bheidh an Astráil ina poblacht?
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn. Seans, áfach, gur mall seachas luath a tharlóidh , dar le Bearnaí Ó Doibhlin.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, ag bualadh le cuid de na hionadaithe a d'fhreastail ar Australia 2020 Summit
Íomhá
Banríon Éilís II: tuigeann Kevin Rudd go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile uirthi

háibhéil é a go raibh aird na hAstráile dírithe ar an bpríomhchathair, Canberra, ar an 19 agus an 20 Aibreán i mbliana agus comhdháil náisiúntaar a tugadh Australia 2020 Summitar siúl. Tionscadal pearsanta de chuid Phríomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, ab ea í, agus bhí an t-imeacht ar siúl i dteach na parlaiminte náisiúnta. Mar a thugann an teideal le fios, bhain an plé a rinneadh lena linn leis na cineálacha éagsúla físe i leith thodhchaí na tíre ba mhian leo siúd a ghlac páirt sa chruinniu mullaigh a bheith bainte amach faoin mbliain 2020.

Roghnaigh an rialtas náisiúnta na deich ndúshlán is práinní, dar leo féin, atá le sárú ag muintir na tíre. Thug siad cuireadh do mhíle duine a bheith páirteach agus roinneadh na rannpháirtithe i ngrúpaí (céad duine i ngach ceann acu) agus phléigh gach grúpa dúshlán amháin ar feadh an deireadh seachtaine.

Ionadaithe na n-eagras gnó, acadúil, pobail agus tionscail a bhí sna rannpháirtithe. Bhí ionadaithe na meán cumarsáide i láthair, chomh maith le hAstrálaigh atá chun tosaigh i réimsí éagsúla, mar shampla daoine aitheanta ón tionscal siamsaíochta ó shaol na litríochta.

Chuir an rialtas fáilte roimh ionchur ón bpobal i gcoitinne, agus cuireadh breis is 8,000 aighneacht faoi bhráid an lucht eagraithe. Léiríonn sin go raibh an-suim ag muintir na hAstráile sa mhéid a bhí le bheith idir chamáin.

MoltaíAg eascairt as na díospóireachtaí seo, cuireadh breis agus céad moladh faoi bhráid an rialtais náisiúnta. Gheall Rudd, thar ceann an rialtais, go dtabharfar freagra oifigiúil ar gach moladh roimh dheireadh na bliana. Foilsíodh tuarascáil na comhdhála ba dhéanaí agus scaipeadh go forleathan í.

gur eascair go leor moltaí an-suimiúla as an ócáid, bhí muintir na tíre thar a bheith tógtha le moladh faoi leith: gur chóir don Astráil a bheith ina poblacht roimh 2020.

Mhol na rannpháirtithe sa ghrúpa áirithe a bhí ag plé cúrsaí rialachais gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim leis an sprioc seo a bhaint amach. Sa chéad dul síos, mhol siad gur chóir pobalbhreith tháscach a reáchtáil ina ndéanfaí tuairimí an phobail a mheas i leith an nasc bunreachtúil leis an mBreatain a ghearradh. De réir bhunreacht na hAstráile, monarc na Ríochta Aontaithe ina cheann stáit abhus.

éiríonn leis an bpobalbhreith seo, mhol an grúpa gur chóir tabhairt faoi chomhairliúchán forleitheadach pobaila mhairfeadh ar feadh cúig blianaroimh an dara pobalbhreith, ina roghnófaí an cineál poblachta ba mhian le muintir na tíre a chur ar bun.

Mar chomhtharlú, mar dhea, an-chosúlacht idir an moladh seo agus polasaí Pháirtí an Lucht Oibrean páirtí arb é Kevin Rudd a cheannaire!

Le blianta fada anuas, léirighagus léiríonnna pobalbhreitheanna ar tugadh fúthu i leith na ceiste áirithe seo go bhfuil formhór mhuintir na hAstráile i bhfách leis an aidhm go mbeidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil, seachas eachtrannach ríoga, ina cheann stáit. Mar shampla, sa bhliain 2004 foilsíodh torthaí pobalbhreithe sa Sunday Telegraph inar léirigh 64 faoin gcéad de na freagróirí go

raibh siad den tuairim gur chóir go mbeadh Astrálach ina cheann stáit abhus amach anseo.

DeisAisteach le , sa bhliain 1999 nuair a bhí deis ag muintir na hAstráile athrú a dhéanamh ar an mbunreachtathrú a chuirfeadh ar chumas an rialtais náisiúnta Astrálach a cheapadh mar cheann stáitchaith os cionn 54 faoin gcéad de mhuintir na tíre vóta in éadan rún an reifrinn.

Theip ar an rún seo de bharr go raibh scoilt i gceist sa ghluaiseacht phoblachtach sa tír. (Scoilt idir poblachtaighdochreidte!)

Tháinig an scoilt seo chun cinn mar go raibh easaontas ann faoin dóigh a gceapfaí an t-uachtarán. Mheas formhór na bpoblachtach gur chóir go ndéanfadh an rialtas an t-uachtarán a roghnú, is é sin, go ndéanfadh an pharlaimint náisiúnta cinneadhde vóta tromlaigh dhá thrianmaidir leis an a cheapfaí don uachtaránacht. Ach bhí mionlach nach beag de na poblachtaigh den tuairim go mbeadh níos oiriúnaí dtoghfadh na vótálaithe an t-uachtarán, mar a tharlaíonn in Éirinn.

Thug an mionlach seopoblacht na bpolaiteoiríar an moladh a cuireadh os comhair an phobail sa reifreann. Mhaígh siad go mbeadh an iomarca cumhachta ag na polaiteoirí nglacfaí leis an gcur chuige seo, agus bhrí sin, vótáladh ina éadan.

Is poblachtach é Kevin Rudd agus san óráid a thug ag deireadh na comhdhála dúirt gur chéim mhór chun tosaigh a bhí sa mholadh a rinneadh i leith bhunú na poblachta. Is féidir a bheith cinnte, dar leis, go mbeidh an Astráil ina poblacht sula dtiocfaidh an t-aonú haois is fiche chun críche. Ach is duine coimeádach foighneach é chomh maith.

Agus é ag tabhairt na hóráide thuasluaite, dúirt nach mbeidh aon deifir ar a rialtas an cheist thábhachtach seo a chur faoi bhráid mhuintir na hAstráile arís. Caithfear gnó níos práinní atá ar chlár oibre an rialtais a chur i gcrích, dar leisean, sula gcuirfear feachtas nua ar bun le poblacht a bhaint amach.

Tacaíocht dhépháirteachTá a fhios aige nár éirigh le reifreann riamh i stair na tíre seo gan tacaíocht dhépháirteach a bheith i gceist. Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta. a fhios ag Rudd

chomh maith go bhfuil deighilt fós ann idir grúpaí sa ghluaiseacht phoblachtach maidir leis an bpróiseas a úsáidfear agus uachtarán á cheapadhagus nach n-éireoidh le reifreann mura bhfuil guth aontaithe ag na poblachtaigh go léir.

Tuigeann Rudd freisin go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe, ach nach bhfuil an meas céanna acu ar an duine a thiocfaidh i gcomharbacht uirthi: a mac. go leor daoine sa tír, fíorphoblachtaigh san áireamh, a mheasann gur chóir fanacht go dtí deireadh réimeas Éilís II sula ngairfear reifreann eile ar cheist na poblachta.

É sin ráite, níl aon amhras ach go bhfuil an príomhghrúpa atá i mbun feachtais ar son na poblachta, Australian Republican Movement (ARM), ag bailiú nirt faoi láthair. D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d’éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.

móiminteam i bhfabhar na poblachta le sonrú i measc mhuintir na hAstráile i láthair na huaire, agus meastar go forleathan nach bhfuil aon cheist faoi ach go mbunófar poblacht abhus luath mall. Ach an chosúlacht ar an scéal go mbeidh ar mhuintir na tíre fanacht go dtí dara téarma an rialtais reatha, ar a laghad, sula mbeidh deis acu vótáil arís ar cheist na poblachta. As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh bliana sular thug féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh ar scor i 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.