CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cath Ghaelscoil Ráth Tó
Íomhá
I nGaelscoil Ráth Tó
Íomhá
Geata na Roinne
Íomhá
An Roinn Oideachais agus Scileanna
Íomhá
Sos lóin ag roinnt acu

Seachtain roimh Nollaig 2010, agus lá amháin roimh sheoladh stairiúil Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge 2010 – 2030, d’fhógair An Roinn Oideachais agus Scileanna nach mbeadh sí ag bronnadh aitheantais ar Ghaelscoil Ráth Tó don scoilbhliain 2011/2012. Chuir litir na Roinne an méid seo in iúl: “Nótáil led thoil nach bhfuil gá ar bith sainaitheanta ag an Roinn le fairsingiú suntasach ná le scoil nua i Ráth Tó, Co. na Mí.”

Drochscéala amach is amach é seo do phobal Ráth Tó agus do ghluaiseacht na Gaeilge go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, trí chéile. Dar leis an bhfeachtas atá ar bun ag AITHEANTAS (Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Foras Patrúnachta agus Comluadar), sáraíonn an cinneadh seo cearta na dtuismitheoirí, cearta teanga na bpáistí féin, agus téann sé glan in aghaidh bheartais an Rialtais maidir leis an nGaeilge a chothú.

Tháinig Coiste Bunaithe Ghaelscoil Ráth Tó le chéile i Mí Lúnasa 2008 le deis gaelscolaíochta a thabhairt do leanaí phobal Ráth Tó. Thar thréimhse ama, d’éirigh leis an gcoiste 35 gasúr a chlárú do Mheán Fómhair 2010 agus 100 san iomlán do na blianta 2010 – 2013. D’aithin Rannóg Pleanála Chun Cinn na Roinne Oideachais, de réir taighde mionsonraithe, go raibh Ráth Tó i gContae na Mí, ar cheann de na limistéir sin a bhfuil éileamh ardaithe ann do bhunú bunscoileanna le tosú i mbun feidhmíochta i Meán Fómhair 2010. Ina ainneoin an taighde seo, diúltaíodh aitheantas don ghaelscoil do Mheán Fómhair 2010 agus, ar an 17 Nollaig 2010, do Mheán Fómhair 2011!

Fás nó Feo?

Labhraítear go minic faoi thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge do thodhchaí na teanga agus déantar tagairt leanúnach do ‘fás na ngaelscoileanna’. Níl aon amhras ach go bhfuil gaelscoileanna riachtanach agus lárnach i ngluaiseacht athbheochan na Gaeilge. Ach is gá an scéal a scaipeadh go forleathan NACH bhfuil fás tagtha faoi líon na scoileanna ó Mheán Fómhair 2008! Is é buairt AITHEANTAS ná go mbeidh deireadh ré roimh an ngaelscolaíocht, mar earnáil oideachais atá ag fás, muna mbuaitear Cath Ráth Tó.

Tá éileamh, éileamh dochreidte mór, ann d’oideachas lán-Ghaeilge i Ráth Tó. Tá sé riachtanach go leanfar de bheith ag lorg aitheantas rialtais don éileamh atá ann, i Ráth Tó agus in áiteanna eile fud fad na tíre, i measc tuismitheoirí do ghaeloideachais dá bpáistí.

Beidh an grúpa AITHEANTAS ag lorg lántacaíocht phobal na Gaeilge i rith na bliana 2011 in Éirinn agus thar lear, do Ghaelscoil Ráth Tó agus dá feachtas. Le haontas agus le glór phobal na Gaeilge (agus cás cúirte i gcoinne na Roinne Oideachais agus Scileanna) buafar an cath seo, táim cinnte.

Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine/dream/scoil in Éirinn, sa Bhreatain, i gCeanada agus san Astráil atá tar éis cúnamh airgid a chur ar fáil do Ghaelscoil Ráth Tó ó lá a hoscailte i Meán Fómhair 2010.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.