CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Caithfear fáilte a chur roimh shaoránaigh nua an Aontais Eorpaigh

Tá sé i gceist ag Rialtas na Breataine agus ag Rialtas na hÉireann bacanna a chur roimh shaoránaigh na dtíortha in oirthear na hEorpa a bheas ag teacht isteach san Aontas Eorpach i mí na Bealtaine, ach is drochpholasaí amach is amach é seo.

Íomhá

An Eoraip Aontaithe. Tíortha na hEorpa le chéile agus gach duine cothrom, gan deighilt ná easaontú ann ó thaobh teorainneacha nó ó thaobh cearta daonna de. Ba é sin fís Adenaur agus ailtirí eile na hEorpa tar éis an dara cogadh domhanda. Ní sin mar atá cúrsaí, áfach, agus tá an chosúlacht ar an scéal nach sin mar a bheas. Tá an Bhreatain, agus anois ár dtír féin, ag rá nach mbeidh sé de cheart ag inimircigh as oirthear na hEorpa liúntais leasa shóisialaigh a fháil ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad i ndiaidh dóibh bogadh go dtí an Bhreatain nó go hÉirinn.

Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.

dea-chomhartha ar bith an cinneadh seo do thodhchaí na hEorpa. Ní hamháin go bhfuil iarracht á déanamh bac a chur ar dhaoine bogadh ó thír go tír ach beidh an socrú i bhfeidhm i gcás daoine as tíortha a raibh cearta acu in Éirinn agus sa Bhreatain go dtí seo. Má bhogann Gearmánach nó Iodálach go hÉirinn as seo amach, cuir i gcás, beidh air fanacht dhá bhliain sula mbeidh liúntais leasa shóisialaigh ar fáil dó. Cén duine a dtiocfadh leis maireachtáil dhá bhliain in aon tír ach amháin an duine a shiúlfadh isteach i bpost a bheadh socraithe roimh ré? Is léir go bhfuil an socrú seo i gcoinne na fealsúnachta a deir gur cheart go mbeadh cead ag saoránaigh an Aontais bogadh thart de réir mar a oireann sé dóibh é sin a dhéanamh.

Gan amhras, caithfidh an Rialtas an caiteachas atá á dhéanamh aige a chosaint, ach ní bheifeá ag súil le cinneadh mar seo i gcás na hÉireann nuair a chuireann tú stair shóisialta na tíre san áireamh. Bhí ar na mílte imeacht ar imirce, de bharr cúinsí eacnamúla a bheith chomh holc sin, ach tugadh aire mhaith dóibh nuair a bhain siad ceann scríbe amach (i Learpholl, mar shampla, mar a mhíníonn Tony Birtill ina alt an mhí seo).

Nach mbeadh sé i bhfad níb fearr dá gcuirfí teorainn leis an mhéid daoine a scaoilfí isteach sa tír ach, ar a laghad, go ndéanfaí iarracht slí éigin a aimsiú chun fáilte a chur rompu siúd in oirthear na hEorpa a bheas mar chomhshaoránaigh againn ó bhí na Bealtaine ar aghaidh?

Is gá go leor athruithe a chur i bhfeidhm i bpolasaithe inimirce na hÉireann. Má leanann cúrsaí mar atá, beidh daoine go fóill ag sleamhnú isteach ar chúl leoraithe nó i bhfolach i mbáid fharantóireachta ó Le Havre nó Cherbourg. Beidh orthu maireachtáil faoi cheilt agus i ndorchadas, agus gan cúnamh de chinéal ar bith á chur ar fáil dóibh.

Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna le réiteach ag na polaiteoirí maidir leis na ceisteanna seo, ach tá muid in amhras ann an bhfuil na slite is éifeachtaí aimsithe acu le dul i ngleic leo. An mbeidh teorainneacha thíortha na hEorpa díreach cosúil leis an teorainn idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo roimh i bhfad?

Tíortha nua an Aontais Eorpaigh

An Eastóin, An Laitvia, An Liotuáin, An tSlóvéin, An tSlóvaic, An Pholainn, Poblacht na Seice, An Chipir, An Ungáir agus Málta

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.