AR NA SAOLTA SEO
Caiteachas agus Cearta
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Caithfear aird a thabhairt ar dhream ar leith agus ar na ceisteanna atá dúisithe acu, deir Breandán Delap. Tá sé in am ag saol na Gaeilge dul i ngleic leis na ceisteanna atá curtha faoi chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeilge dar leis.

Íomhá
An tIar-Fheisire Eorpach, Seán Ó Neachtain
Íomhá
An tIar-Thaoiseach Garret Fitzgerald i lár báire (Johnny Ryan a tharraing)
Íomhá
An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin

Rinne mé tuar san iris seo an t-am seo anuraidh go mbainfí leas as an ghéarchéim gheilleagair le tuairimí agus dúnghaoisí a chur chun tosaigh nach nglacfaí leo cúpla bliain ó shin. Is mar fhreagra ar chás géarchéime agus mar mholtaí ciallmhara agus stuama ‘san aeráid eacnamúil atá ann faoi láthair’ a chuirfí chun tosaigh iad. Ba léir dom ag an am go mbeadh an bhróg ag teannadh ar chúrsaí Gaeilge ach go háirithe. Níl aon amhras ach gur tháinig an tuar fán tairngreacht áirithe sin agus tráchtairí ag baint na sála dá chéile anois leis na focail is tarcaisniúla ina bpluic a chaitheamh i dtreo na teanga, agus ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ach go háirithe.

Ba sa Sunday Independent a bhí an t-alt ba mhaslaí ar an ábhar ó pheann Donal Lynch ar an 21 Meitheamh: “Call a government department and try to get an answer in Gaeilge and hear the stutters of confusion. Yet the number of Government sponsored quangos and taxpayer-funded media in the language continues to grow. From the little-watched TG4 - supported to the hilt by the taxpayer – to the untold sums spent translating everything from the announcements at Dublin Airport to phonebook sized records of European legislation – ‘so as not to marginalise us’, in the words of former MEP, Seán Ó Neachtain – we are haemorrhaging enough money into Irish to buy at least a few electronic-voting booths and even have enough change left over for a few flights for the Fas executives. Business class, of course."

Ar ndóigh ba cheart neamhaird iomlán a dhéanamh d’ionsaithe spídiúla den chineál sin atá bunaithe ar aineolas agus fuath. Bheifeá ag súil lena leithéid ó fhoilseachán nach ndeachaigh ar chúl sceiche ariamh lena dímheas ar an teanga a chur in iúl.

Tráchtairí Tomhaiste?

Is doiligh, áfach, gan aird a thabhairt ar na barúlacha atá nochtaithe ag tráchtairí níos tomhaiste ar an ábhar. I léacht a thug an Dr Eoin O Malley as Ollscoil Chathair Átha Cliath chuig comhdháil i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh faoin teideal Are Our Institutions Fit for Purpose? Political Reform in the Republic of Ireland, chuir sé Acht na dTeangacha Oifigiúla ar aon leibhéal leis na hinnill vótála leictreonacha agus Scéim Bharántas na mBanc. Ar aon dul leis na hinnill vótála gan rath nach raibh aon fhianaise ann go gcuirfidís le líon na ndaoine a chaithfeadh vóta, is beag spreagadh a thabharfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla do dhaoine an Ghaeilge a labhairt, dar leis.

Bhí barúil an Dr O Malley ag teacht sna sála ar cholún a bhí ag an iar-Thaoiseach, Garret Fitzgerald, san Irish Times inar nocht sé an tuairim gur cheart don Chomhaontas Glas tionchar a imirt ar an rialtas le stop a chur le caiteacha peannaideach na n-eagraíochtaí stáit ar chúrsaí teangan. “The Greens might also gain considerable kudos by using their new bargaining power to force Fianna Fáil to abandon the extravagant and anti-environmental Ó Cuív policy of requiring State bodies to publish expensive glossy reports in Irish as well as English, and requiring these bodies to throw out their notepaper so as to substitute it with Irish- language headings. That is the kind of playacting that undermines necessary public support for the language.” (The Irish Times 13 Meitheamh)

An Cheist a Chíoradh

Is é mo bharúil gur tuairimí macánta iad seo a bhfuil leas an phobail agus na tíre á spreagadh. Go deimhin, éilíonn a leithéid freagra siosmaideach ó phobal na Gaeilge. Is mithid dúinn mar phobal teanga ceist an chaiteachais ar an teanga le linn am an ghátair a chíoradh go cúramach seachas a bheith de shíor ag ionsaí an té atá ag tabhairt an teachtaire. B’fhearr i bhfad a leithéid a bheith mar théama ag na scoileanna samhraidh líonmhara agus na tionóil acadúla ná cuid de na téamaí aduaine a phléifear i ndorchlaí intleachtúla sna míonna beaga amach romhainn. Ar ndóigh níor tharla an díospóireacht intleachtúil seo nuair a bhí an reachtaíocht teanga á dréachtadh ná á achtú. Gíog ná míog níor chualathas ó aos acadúil na Gaeilge ag an am. Is de phráinn é go dtarlódh plé cuimsitheach anois, áfach.

Tá an baol ann, in éagmais a leithéid de chíoradh, go gcuirfidh ceisteanna airgid smál ar sheoladh na straitéise 20 bliain atá á ullmhú faoi láthair ag an rialtas don teanga chomh maith lena bplean tarrthála don Ghaeltacht. Plean oibre cuimsitheach é seo a bheas mar mhúnla do chur chun cinn na Gaeilge sa scór bliain atá le teacht mar aon le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht. Tá moill curtha ar fhoilsiú na straitéise agus tá teipthe ar a n-údar trí spriocam a bhaint amach go dtí seo – deireadh na bliana 2008, an Cháisc agus tús an tSamhraidh. Ach cheana féin tá an straitéis cheilte seo á lua mar an gníomh is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát. Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.) Níl amhras ar bith ormsa ach dá bhfoilseofaí é ar maidin, nach mbeadh ach aon ní amháin den straitéis ag dó na geirbe do na meáin chumarsáide agus go deimhin do sciar mhaith de phobal na hÉireann: cé mhéid a chosnóidh sé?

Cearta Seasta

I gcroílár na díospóireachta seo caithfear plé a dhéanamh ar an luach a chuirtear ar chearta teangan. An dtig géilleadh do phrionsabail de réir mar a athraíonn cúrsaí geilleagair? B’fhíor don Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, nuair a thug sé le fios i mbliana nár cheart breathnú ar an tacaíocht atá de dhíth ar an Ghaeilge mar ábhar roghnach breise: “Is buanchearta iad cearta teanga; ní lamháltais ná pribhléidí iad a thugtar le linn aimsir na flúirse. Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é.” Nó le casadh úr a chur ar an sean-nath: “Language rights are rights forever, not just for Christmas!”

Ní hionann sin is a rá nár cheart a bheith stuama faoin chostas a bhaineann le seirbhísí

dátheangacha a sholáthar a choinneáil faoi smacht. Ach is finscéal é go gcaithfear gach aon tuarascáil is cáipéis a eisíonn eagraíocht stáit a fhoilsiú i nGaeilge. Ach fós féin is finscéal é a dhéantar aithris air go tráthrialta. Thig tuilleadh feidhme a bhaint as seirbhísí idirlín agus ábhar dátheangach don phobal a fhoilsiú go leictreonach in áit a fhoilsiú i bhfoirm chlóite. Anuas ar sin, thiocfadh le heagrais stáit daoine a earcú a bhfuil cumas i nGaeilge agus i mBéarla acu seachas cumas in aon teanga amháin agus a bheadh ábalta tabhairt faoin obair aistriúcháin go hinmheánach. Tá a leithéid de chur chuige molta ag an Choimisinéir Teanga ina thuarascáil reatha, go deimhin. Léirigh an tAire Ó Cuív, i litir chuig The Irish Times, go raibh dul amú iomlán ar Gharret Fitzgerald nuair a scríobh sé go gcaithfear tuarascálacha snasta ildaite a fhoilsiú i nGaeilge. Mhínigh sé fosta nach bhfuil riachtanas ar eagras stáit staisnéireacht úr dátheangach a ordú agus an seancheann a chur sa bhosca brúscair go dtí go mbíonn a stoc reatha ídithe. Ach bíodh is go bhfuil go leor faisnéis bhréagach á scaipeadh maidir le riachtanais an Achta, níor mhór a admháil go bhfuil teip cumarsáide ann fosta. Is faoin Aire féin atá sé an bhearna idir an fhírinne agus an finscéal a chúngú.

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal i gConamara.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.