AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Cairde naimhde?
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

caidreamh i bhfad níos fearr ag an Timor Thoir leis an Indinéis anois ach níl aon réiteach faighte fós ar an aighneas atá ar siúl le tamall idir í féin agus an Astráil. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
Íomhá
Uachtarán Timor Thoir, Xanana Gusmao

beagán le cois dhá bhliain ó bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach agus deireadh tagtha freisin leis an tréimhse 500 bliain a raibh an tír faoi chúram dream éicint eile - an Phortaingéil ar feadh i bhfad, an Indinéis ó 1975 agus na Náisiúin Aontaithe ó 1999. cúrsaí slándála anois faoi chúram fhórsaí míleata agus phóilíní na tíre. breis is bliain ó maraíodh aon duine ar an teorainn leis an Indinéis agus deir fórsaí na hIndinéise go bhfuil deireadh leis na mílístí a bhí ag tarraingt achrainn ansin. Ach amhras fós ar dhaoine. As an 250,000 duine a theith i 1999 go dtí Timor Thiar nuair a bhí an sléacht ar siúl san oirthear ag na mílístí, le tacaíocht ó arm na hIndinéise, tuairim is 10% acu nár fhill abhaile fós mar nach gceapann siad go bhfuil sábháilte.

Ina ainneoin sin, feabhas mór tagtha ar an gcaidreamh idir Timor Thoir agus an Indinéis. Bhí sin le feiceáil go soiléir ag an gceiliúradh neamhspleáchais le gairid nuair a thug banna as an Indinéis coirm cheoil saor in aisce a mheall na sluaite. Ba dheacair a leithéid sin a shamhlú i 1999. Ach níl gach rud fós mar ba chóir. Níl aon teorainn oifigiúil leagtha síos idir an thír go fóill. daoine ann a cheapann go bhféadfadh a bheith ina chogadh dearg bharr sin, mbeadh aon scliúchas ann.

Ach feabhas ar an gcaidreamh leis an Indinéis, is é a mhalairt atá ag tarlú le ceann eile cuid comharsan - an Astráil. ina achrann go hoscailte idir an thír faoin teorainn mara atá eatarthu agus an chaoi lena réiteach. Shínigh an Astráil agus an Indinéis conradh i 1989 a leag síos teorainn mara ach níl Timor Thoir sásta glacadh leis an socrú sin mar go raibh bunaithe ar ionradh mídhleathach ar a dtír agus nár thug aitheantas dóibh.

Dúirt an Astráil go raibh siad sásta an fhadhb a phlé ach níl siad sásta cainteanna a bheith ann ach gach mhí. Timor Thoir ag iarraidh cainteanna gach agus go mbeadh teorainn ama idir trí bliana agus cúig bliana leis na cainteanna sin. Níl an Astráil sásta leis sin. Dhiúltaigh an Astráil glacadh feasta leis an gCúirt Idirnáisiúnta Bhreithiúnais agus an Binse Idirnáisiúnta ar an gCoinbhinsiún maidir le Dlí na Mara dhá mhí sular bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach. Is cosúil nach timpiste a bhí ansin ach cuid de straitéis na hAstráile a thugann an lámh in uachtar dóibh go ceann blianta fada cuma cén toradh a bheas ar an scéal.

Faoi láthair an Astráil ag fáil $1,000,000 (€600,000) in aghaidh an lae ó cheantair ola agus gáis a deir Timor Thoir gur chóir a bheith acu féin. feachtas poiblíochta tosaithe ag Timor Thoir le gairid atá ag iarraidh athrú meoin a chur ar Rialtas na hAstráile agus iad a náiriú os comhair an tsaoil. an t-uachtarán, Xanana Gusmao, ag go hoscailte anois go bhfuil an Astráil ag caitheamh leo mar bheadh namhaid ann agus leantar ar aghaidh mar seo go bhféadfadh go dteipfeadh ar an stát nua, an tír is boichte san Áis agus ceann de na tíortha is boichte ar domhan.

Is fiú $17 billiún an ceantar atá ina chnámh spairne. géarghá ag Timor Thoir leis an airgead i dtír a bhfuil 70% de na daoine dífhostaithe agus ioncam níos $1.50 sa an duine acu. Cuirfear dlús leis an bhfeachtas seo níos deireanaí sa mbliain nuair a thabharfas Kirsty Gusmao, bean an uachtaráin (is Astrálach í féin), cuairt ar an Astráil lena mhíniú do phobal na tíre go bhfuil éagóir á himirt ag an rialtas. Chuir olc ar Timor Thoir freisin gur iarr an Astráil orthu éirí as an bhfeachtas poiblíochta sin. Deir Timor Thoir nach bhfuil aon rogha acu.

Beidh píosa sula mbeidh deireadh leis an achrann seo.

Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.