Caint an tsráidbhaile
Seosamh Watson Seosamh Watson Seosamh Watson

Is fada sráidbhailte na Gaeltachta ina gcrann taca ag teanga na Gaeilge. Anois, san aon léim amháin, tá caint agus nuacht na nGael i ndiaidh dul i mbéal pobail sráidbhaile eile, is é sin, ‘sráidbhaile an domhain’, mar is minic a thugtar air. Is fada taithí againn gurb iad pobail an Bhéarla agus teangacha domhanda eile amháin a bhíonn ag caint lena chéile trína leithéidí d’ollmheáin fhíse agus leictreonacha ach, le blianta beaga anuas, is suntasach mar atá fáil na mionteangacha ar acmhainní an idirlín imithe i méid agus anois tá an meáisín míorúilteach céanna i ndiaidh sinne, Gaeilgeoirí, a chur faoina chomaoin arís.

Íomhá
Seosamh Watson

Ós rud é gur thosaigh Oideas Gael corradh agus 15 bliana ó shin ar láthair fhisiciúil Ghaeltachta ag cothú cumarsáide i measc muintir dhomhanda na Gaeilge is rí-oiriúnach mar scéal é go bhfuil an eagraíocht sin i dtús cadhnaíochta le cabhair ó láthair neamhfhisiciúil ag cur saol fada, leitheadach Gaeilge ár linne, idir chainteoirí agus fhoghlaimeoirí, i dteagmháil le chéile ar bhealach nár tharla ná nach bhféadfadh tarlú cheana. Fáiltím ó chroí roimh an choiscéim chinniúnach seo agus guím gach rath ar fhoireann agus ar léitheoirí na hirise tábhachtaí seo.

Seosamh WatsonCathaoirleach Oideas Gael, agus Ollamh le Nua-Ghaeilge agus Déan Dhámh an Léinn Cheiltigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.