AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Cáin ar an Ghaeilge
Balor Balor Balor

Balor bocht! mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.

Íomhá
Íomhá
Gus Mac Fir, Íochtarán an Bhéarla

Balor bocht! mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.

Cáinaisnéis aisteach a bhí ann, cibé bealach a amharcann muid air ( uirthi is cóir dom a , b’fhéidir, siocair go bhfuil cáinaisnéis baininscneach agus go mbeidh eagarthóir úr Beo Ar Éigean! ag ceartú mo chuid scríbhneoireachta!) Ach i ndáiríre bhí an cháinaisnéis dian ar mhuintir na Gaeilge, agus orthu siúd amháin. “ nach bhfuil a leithéid tuillte acu,” a dúirt seanadóir anaithnid i Seanad Éireann i ndiaidh na cáinaisnéise. “Aontaím go hiomlán le mo chomhghleacaí, an Seanadóir David Norris,” a dúirt seanadóir anaithnid eile a bhfuil Shane air agus a bhfuil ceithre litir ag tosú le R ina shloinne.

Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan i gCúige Connacht i gCúige Laighean, agus nach bhfuil bhúir asail den Eargail! iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach mhéad coláiste a bheidh i gceist; tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.

Deich faoin chéad de cháin bhreise ar lucht labhartha na Gaeilge, agus cúig faoin chéad sa bhreis ar an cháin sin le gearradh ar mhuintir na Mumhan a labhraíonn an Ghaoluinn! “Char labhair mise ach Gaeilge bhlasta Uladh le mo bheo agus cha dtig libh a dhath ar bith a dhéanamh dtaobh de,” a mhaígh Maidhc Dainín Ó , agus é i mbun agallaimh leis na hiniúchóirí cánach a bhí ar cuairt aige i gCorca Dhuibhne.” “As Béal Feirste mise, bíodh a fhios agaibh,” a dúirt Áine Cheallaigh ón Rinn le hiriseoir ón Dungarvan Democrat. Lean léi: “Agus fosta, cuimhne agam go fóill ar chúpla focal de Ghaeilge Uladh ó laethanta m’óige, like caidé agus maith thú hey, agus mar sin de.” “I never spoke a single word of Irish in my life,” a mhaígh Máirtín Jamsie Ó Fatharta le hiriseoir ón Galway Advertiser, agus lean leis: “Duine ar bith a mhaíonn a mhalairt he is talking through his Erse.”

Fiche is a cúig faoin chéad de cháin bhreise le gearradh orthu siúd atá ag foghlaim na Gaeilge! Bhí an tÍochtarán Íosa Mhic Giolla Mháire ina measc siúd a cháin an cháin seo. Bhí i mbun cainte le comhfhreagraí polaitíochta an Sunday Times agus mar seo a leanas a labhair : “ fiche is a cúig faoin chéad de cháin ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge rud beag dian orthu siúd nach bhfuil mórán de mhaoin an tsaoil acu. Ar an láimh eile de, is cóir do gach duine tarraingt le chéile ar son leas na tíre agus leas an phobail agus leas na Gaeilge Gaelaí, go háirithe sna Gaeltachtaí Gaelacha, áit a labhraítear an Ghaeilge is Gaelaí bhfuil ar fáil sa saol Gaelach. Is cuimhin liom nuair a thuig nach raibh ag fáil fíor-Ghaeilge mar ba chóir ó chroílár na Gaeltachta ó mo mhúinteoir Ray Mac Meánaois, agus nuair a fuair réidh le Ray, agus nuair a thosaigh ag foghlaim na Gaeilge Gaelaí mar ba chóir ón Ghaeltacht Ghaelach...” Leanfar leis an agallamh áirithe sin in eagrán na seachtaine seo chugainn.

Tríocha faoin chéad de cháin bhreise le gearradh orthu siúd a mhúineann an Ghaeilge! Bhí Éamonn Ó Doornail ina measc siúd a cháin an cháin fhíochmhar seo. Agus é i mbun agallaimh le heagarthóir anaithnid úr Beo Ar Éigean! dúirt : “ éagórach amach is amach agus míchothrom amach is amach. mise ag múineadh na Gaeilge san earnáil phríobháideach le deich mbliana anuas anois agus níl thar ocht milliún euro curtha ar leataobh agam. náireach amach is amach agus éagothrom amach is amach. mise an t-aon duine atá sa riocht seo, agus a bheas ag fulaingt níos i ndiaidh na cáinaisnéise seo. ___ ann agus ___ ann fosta.” (ainmneacha bainte amach ag an eagarthóir)

Daichead faoin chéad de cháin bhreise le gearradh ar iriseoirí na Gaeilge atá lonnaithe sna Chontae agus a bhfuil dlúthbhaint acu le hIarthar Chorcaí agus a chaitheann spéaclaí. Dúirt Robert McMillen: “Buíochas mór le Dia go bhfuair na lionsaí boga sin isteach tamall ó shin.” Mhaígh Pól Ó Muirí: “Chaith seachtain in Iarthar Dhún na nGall uair raibh agus bhí in Iarthar Bhéal Feirste amháin ar mo rothar, ach cha raibh riamh in Iarthar Chorcaí. Fiú an sin a ndeachaigh ó Chorcaigh go Cill Airne choinnigh mo shúile druidte an bealach ar fad.” Níl teacht ar Chonchubhair Ó Liatháin. Bhí ráfla ag dul thart go bhfacthas é sna coillte taobh thuas de Ghúgán Barra, é ag rith thart lomnocht, á sciúrsáil féin le neantóga.

Caoga faoin chéad de cháin bhreise ar léitheoirí Beo Ar Éigean! an cháin seo cáinte go láidir ag eagarthóir agus ag iareagarthóir Beo Ar Éigean! is iad siúd is a léann na hailt. an cháin cáinte fosta ag na heagraíochtaí a chuireann fógraí isteach, agus ag scór de Ghaeil Mheiriceá a léann an iris go rialta. Mhaígh gach scríbhneoir de chuid na hirise nár léigh siad alt gcuid féin, de chuid scríbhneora ar bith eile ar Beo Ar Éigean! riamh.

Seasca faoin chéad de cháin bhreise ar dhuine ar bith a fhreastalaíonn ar Oireachtas na Gaeilge agus a chuireann isteach ar chomórtas nach bhfuil seans laghad aige aici an comórtas sin a bhaint! an cháin seo cáinte ag beirt. eagarthóir úr Beo Ar Éigean! i mbun cainteanna lena gcuid dlíodóirí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.