CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Caimiléireacht i ngach réimse de shochaí na hÉireann

Tá an mí-ionracas le fáil go forleathan i sochaí na hÉireann agus an pobal ag cailleadh muiníne as an Eaglais Chaitliceach, na gardaí agus na polaiteoirí, i measc dreamanna eile.

Cad é atá ar siúl in Éirinn faoi láthair?

fianaise ag teacht chun cinn an t-am ar fad na laethanta seo a léiríonn go bhfuil caimiléireacht fhadbhunaithe i gceist i go leor réimsí de chuid na sochaí. Tá proiséas ar siúl a chuirfeadh i gcuimhne duit líne sin Sheáin Uí Ríordáin, “Thit sneachta geanmnaíochta ar mo chroí”. An é go bhfuil an sneachta geanmnaíochta ag titim ar mhuintir na hÉireann faoi láthair?

Tá an Eaglais Chaitliceach ar cheann de na fórsaí is cumhachtaí sa tír seo agus a tionchar á mhothú i ngach réimse den tsochaí, ón bhunscolaíocht go dtí an pobal is imeallaí sa tír. Tá fadhb na n-ionsaithe gnéasacha ar pháistí ar eolas ag na heaspaig le blianta agus fós tá drogall orthu é seo a admháil. Tá rogha shimplí acu sa scéal uafásach seo - moladh do gach duine a rinne gearán leo dul chuig an Gharda Síochána agus an gearán sin a dhéanamh go foirmeálta. Ba cheart dóibh geallúint chomh maith go gcuirfeadh siad gach blúirín eolais atá acu faoi aon chás faoi bhráid na nGardaí mar thacaíocht dóibh ina bhfiosrúcháin. Lena chois sin, ba cheart don Eaglais luí isteach ar mhaoin a dhíol le ciste cúitimh a chur ar fáil do na daoine a bhfuil dochar déanta dóibh.

Is í Dáil Éireann croílár an chórais daonlathais in Éirinn. Ach fós, gach uile sheachtain beagnach, tá líomháintí á ndéanamh i gcoinne Teachta Dála éigin agus amhras á chaitheamh ar a ionracas. Tá na binsí fiosraithe ag tógáil ama agus airgid chun a gcuid oibre a chur i gcrích agus fós tá amhras ar an phobal an ngearrfar pionós ar éinne dá mbarr. Níor cheart go mbeadh áit ar bith le dul i bhfolach ag polaiteoir mí-ionraic, ach fós tá a fhios againn go bhfuil cead tugtha dá leithéid leanúint ar aghaidh ag feidhmiú.

Is é an Garda Síochána an chosaint dheireanach atá ag an phobal ar an choireacht agus ar an chaimiléireacht. Tá siadsan i gcruachás anois chomh maith, agus grinniniúchadh á dhéanamh ag Binse Fiosraithe Morris ar a n-iompar. Tá muinín á cailleadh ag an phobal astu agus is gá don Aire McDowell gníomhú go práinneach chun dul i ngleic leis an fhadhb seo.

Tá na bancanna ciontach as a bheith ag cuidiú le lucht rachmais a gcud airgid a chur i bhfolach i gcuntais eischósta.

Tá an Roinn Sláinte faoi scamall de bharr na slí ar phléigh siad leis na mná ar tugadh fuil shalaithe dóibh.

Tá go leor míshásta leis an Roinn Oideachais mar gheall ar an éagothroime atá sa chóras oideachais, a fhágann go bhfuil páistí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu á dteagasc i scoileanna breátha galánta agus páistí eile á múineadh i mbothanna bréana a bhfuil an braon anuas iontu.

Cén fáth nach féidir le tír bheag mar seo a cuid gnóthaí a eagrú go hionraic agus go cothrom?

An é go bhfuil leithéidí John Waters (The Irish Times) ceart nuair a deir sé nach bhfuil éirithe linn imeacht, fiú fós, ó thionchar an choilíneachais, ar chaith muid na céadta bliain faoi, agus go gcaithfidh muid fós a bheith ag cleasaíocht agus a bheith mímhacánta mar a bhí orainn a bheith leis na tiarnaí talún fadó!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.