AR NA SAOLTA SEO
Cad is Ciall le Féiniúlacht na hÉireann?
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Agus muid ag ceiliúradh Lá ‘le Pádraig fiosraíonn Breandán Delap cad is brí le bheith i do Éireannach.

Íomhá
Breandán Ó Beacháin
(le Peadar ar Flickr)
Íomhá
An Triaracht in Éirinn
(le William Murphy, Infomatique ar Flickr)
Íomhá
Dealbh Sean-Phádraic in Iarsmalann na Gaillimhe
(le Elizabethe Nuclearmse ar Flickr)
Íomhá
Bing Crosby le Bob Hope sa Road to Bali
(Vicipéid)
Íomhá
Gaelachas, Lúchorpán an Mhacnais
(le Alessandro Farese ar Flickr)
Íomhá
Éirí Amach na Cásca
(Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar Flickr)

Is caitheamh aimsire náisiúnta in Éirinn é an féinbhreithniú. Leoga is geall le oibseisiún náisiúnta é. Bíonn ceisteanna faoinár sainiúlacht ag luí go trom ar ár n-intinn in achan phlé a dhéantar ins an tír seo ar chúrsaí cultúir, staire, polaitíochta, spóirt agus socheolaíochta. Bíonn muid den tuairim i dtólamh go mbíonn an domhan mór ag faire ar achan eachtra fánach a tharlaíonn in Éirinn agus go gcaitear linn in amanta mar cheap magaidh na hEorpa. An bhfuil aon náisiún eile ar chlár na cruinne a bhíonn ciaptha de shíor ag smaoineamh faoina bhféiniúlacht? Bhí cnámh lom na fírinne á insint ag Brendan Behan nuair a mhaígh sé go bíonn síocóis náisiúnta ag an Éireannach san áit ina mbíonn féiniúlacht náisiúnta ag achan chine eile.

Is i dtreise a bheas an tsíocóis chéanna ag dul sna blianta beaga amach romhainn ó tharla go bhfuil an troika curtha de dhroim seoil againn agus go bhfuil muid ar tí comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca. Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo. (Nach ait an rud é go mbeadh orainn leithscéal a ghabháil le baicle saighdiúirí gairmiúla a bhí ag feidhmiú de réir an phrionsabail gur fearr rith maith ná drochsheasamh?) Ag an am chéanna beidh daoine óga as achan chearn den tír ag amharc ar chluichí ceannais na gclub ar Lá ‘le Pádraig i mbliana i dtithe leanna ó Bhondi Beach go Mass Ave agus iad feistithe mar leipreacháin agus piontaí glasa ina nglaic acu. An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan?

Cumas Teanga sa Mheá

Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá ‘le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach?

Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta. Tharla go raibh mé ag caint le doirseoir slándála dubh i nGaillimh ar na mallaibh agus d’fhiafraigh mé de cárbh as dó. ‘Not far from here,’ a d’fhreagair sé. ‘Liberia!’ Ní gá a rá nach tír aonchultúrtha í Éire a thuilleadh.

Sloinnte Polannacha agus Slóvacacha a bhí ar an bheirt ghirseach óg ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe a cailleadh go tubaisteach i gColáiste na nGael i Louvain na Beilge le déanaí. Is dócha go raibh siad i measc an dara ghlúin d’inimirceoirí a tháinig ar an saol in Éirinn. Tá anáil na gcultúr as ar eascair a muintir le sonrú go tréan ar an ghlúin seo agus is chun tairbhe na tíre an éagsúlacht seo a chothú. Mheabhraigh a mbás an tine uafásach sin inar cailleadh deichniúr spailpíní as Acaill i gCathair Cheann Tulaich na hAlban i 1937. Ar chúis éigin is treise an t-uaigneas nuair a chailltear Éireannaigh ar deoraíocht. ‘Gob fliuch is bás in Éirinn’ a deirtear go minic nuair a bhíonn sláinte duine á ól agus is dócha go dtugann sé léargas éigin ar mhianta formhór na nÉireannach atá ar imirce. Óir, dalta laoch an leabhair The Portrait of the Artist as a Young Man, is iomaí Gael a mheasann gurb é an bealach is gaiste chun Teabhair a bhaint amach ná dul go Holyhead.

Dúil Leanbaí in Aitheantas

Cuid lárnach den tsíocóis náisiúnta úd is ea an áibhéil a dhéantar faoin rian a d’fhág na hÉireannaigh a bhí ar deoraíocht ar an domhan. Tá ionann is céad bliain ann ó bunaíodh an stát seo ach go fóill féin tá dúil leanbaí againn in aitheantas a fháil as a bhfuil bainte amach againn. Níl aon amhras ach gur fhág na hÉireannaigh a rian ar cheol an domhain ach shílfeá ó bheith ag amharc ar an tsraith Bringing it all back home gur muid a chum an coincheap an chéad lá ariamh. Ní bheadh aon rath ar The Beatles ná ar The Smiths, is cosúil, ach amháin gurb as Éirinn a tháinig cuid dá sinsir.

Shílfeá fosta nach raibh aon lámh ag cine ar bith eile i dtógáil Nua-Eabhrac. Sin í an chúis go mbraitheann muid go bhfuil teanntás éigin againn ar Bharack Obama ainneoin gur léir do chách gurb as an Chéinia dá oidhreacht.

Bronnadh saoirse na hInse ar Mhuhammad Ali ar an tuisint go bhféadfadh gur tháinig a shinsheanathar ón bhaile. Tá staraithe go leor in amhras faoi seo agus ní raibh aon ghlacadh ag Ali le caint den chineál sin nuair a bhí sé i mbarr a shláinte. Anuas ar sin, bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil i nGaillimh dornán blianta ó shin in onóir Che Guevara siocair go bhfuil seans ann go raibh ceangail aduain éigin ag a shin-seanmháthair leis an chathair. Idir an dá linn, tá an dealbh de Shean-Phádraic Ó Conaire ag bailiú deannaigh in Iarsmalann na cathrach.

Cur i gCéill na Cáilíochta

D’éirigh thar barr le Charlton Athletic i gCorn an Domhain i 1990 ach ba bheag duine a bhí sásta a admháil go raibh méid áirthe cur i gcéill i gceist i gcás cáilíochtaí Éireannacha cuid de na himreoirí. Go deimhin b’éigean do dhuine nó beirt den fhoireann bleachtairí príobháideacha a fhostú chun teacht ar aon cheangal leis an tír seo. (Theip ar iarrachtaí Vinny Jones a chruthú gur Éireannach a bhí ann!) Mar a mhaígh Jack é féin ba leor peileadóir a fheiceáil ag ól pionta Guinness le go gcáileodh sé le himirt do fhoireann na Poblachta.

Thug meáin chumarsáide na tíre seo an-suntas d’eagarfhocal a bhí ins an nuachtán The Guardian anuraidh a rinne cur síos ar athimirt chraobh iomána na hÉireann: “As Premier League soccer is again soiled with prima donna antics.....the hand-eye co-ordination and the courage and commitment of Cork and Clare were a shining example of sportsmanship.

Cad tuige gur tugadh oiread sin suntais don eagarfhocal seo? ’Sí freagra na ceiste ná go raibh ríméad orainn deimhniú oifigiúil a fháil ónar gcomharsain béal dorais ar an rud atá soiléir do chách - gur cluiche maith í an iománaíocht! Mar a dúirt an té a dúirt: “Arise Knocknagoshel, and take your place among the nations of the earth!

Más Dona Galltacht is Measa Gaeltacht is Lucht Gaeilge

Dá olcas an tír frí chéile, is measa i bhfad cíocras phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta stampa aitheantais a fháil ón taobh amuigh go bhfuil tábhacht ag baint lena n-oidhreacht. Bíonn TG4 breac le cláracha faisnéise a mhaíonn faoin tionchar a d’imir an teanga ar an saol mór. Facthas le deireanaí, mar shampla, gur ó amhráin sean-nóis a tháinig stíl chrónáin Bing Crosby. Níl aon cheist ach go bhfuil sé seo fíor mar gur Ollamh éigin as California a dúirt!

Ar an dóigh chéanna, bhí an-ráchairt ar an leabhar How the Irish Invented Slang le Daniel Cassidy a mhaígh gurb ón Ghaeilge a tháinig formhór an bhéarlagair chomhaimseartha ar nós swell (sóúil), snazzy (snasach), jazz (go deas), scam (is cam é), sucker (sách úr), buddy (bodach), dude (dúid) srl. Ar ndóigh ní raibh bunús teangeolaíochta dá laghad le seo seachas b’fhéidir gurb ón Ghaeilge a tháinig baloney - an focal is fóirsteanaí chun cur síos a dhéanamh ar a leithéid de theoiric!

Níl in amaidí den chineál sin ach maíomh i ngarraí na gcomharsan. Níl ach beagán sa bhreis ar sé mhilliún duine ina gcónaí ar an oileán seo. Ní thig a shéanadh go bhfuil a rian fágtha ag an oileáinín iathghlas ar an saol mór. Mar sin de, níl aon chall dúinn leithscéal a ghabháil as ár bhféiniúlacht ar Lá ‘le Pádraig. Tá neart le ceiliúradh againn, dar liom, gan dul i mbun cumadóireachta. Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil ardán domhanda againn le ceiliúradh a dhéanamh ar ár bhféiniúlacht. Tar éis an tsaoil, ní bhronnfar feochadán as Albain, ná rós as Sasana ná cainneann as an Bhreatain Bheag ar Uachtarán Mheiriceá i Washington i gcaitheamh na mblianta. Agus ná déanaimís dearmad gur ailtire de bhunadh na hÉireann, James Hoban, a dhear an Teach Bán.... ach ní mian liom a thuilleadh a rá faoi ar eagla go spreagfadh sé clár faisnéise eile!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.