CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cad é atá romhainn?

Níl aon cheist faoi ach gurb é cúrsaí geilleagair 2009 atá á phlé in achan sráidbhaile ó Phortland, Oregon go Port Lairge, go Prague. Níl fhios ag daoine cad é ar cheart a bheith ag súil leis agus Eanáir 2009 bainte amach againn.

Íomhá
An Banc Angla-Éireannach
Íomhá
Tuairteáil scaireanna Fannie Mae agus Freddie Mac
Íomhá
Foireann Lehman Bros. Londain i ndáil chomhairle
Íomhá
Beimid ag gróigeadh is ag tarraingt na móna abhaile

Thig linn a bheith réasúnta cinnte de go gcaillfear lear mór postanna an mhí seo agus go mbeidh ráta dífhostaíochta na hÉireann os cionn 10% roimh dheireadh na bliana. Tá an scéal mórán mar a gcéanna in achan tír agus daoine in isle brí faoi todhchaí a dteaghlach agus a ngaolta.

faitíos ar leith orainn in Éirinn, áfach, mar feictear dúinn nach bhfuil an t-éalú céanna againn agus a bhíodh sna caogaidí agus sna hochtóidí le dul ar eisimirce; níl postanna ar fáil, ach an oiread, sna tíortha a mbíodh muid ag tarraingt orthu mar Shasana, Meiriceá nó Ceanada. Tá daoine ag amharc níos faide as baile go dtí an Astráil, tír ina bhfuil siad ag súil le fás eacnamúil de 4% inti i mbliana.

muinín caillte ag mórán daoine sna forais a mbíodh muinín acu astu; tá daoine ag féachaint ar an Rialtas le ceannasaíocht láidir daingean a thabhairt, ach níl sé soiléir gur féidir seo a fháil. Sa sé mhí faoi cheannasaíocht Bhriain Cowan, tá achan rud imithe ina aghaidh, go háirithe mí-iompar lucht airgeadais macasamhail Anglo Irish Bank. Tá daoine ag rá, fiú dá mbeadh cúpla Euro acu le cur i dtaisce, cá gcuirfidís é, mar nach féidir a bheith cinnte an rachaidh ceann de na bancanna Éireannacha go tóin poill mar a tharla do Fannie May, Freddie Mac agus Lehman!

Tá an scéal i bhfad níos measa do dhaoine a raibh sé beartaithe acu dul ar pinsean go luath. Tá daoine a bhí ag brath ar phinsean príobháideach i dtrioblóid mhór. Go hiondúil, bhíodh an t-airgead a sábháladh ceangailte isteach leis an stocmhargadh, atá titithe níos mó ná 50% le bliain. Tá orthu a gcuid pleananna pinsin a chur ar leataobh (má thugtar an deis dóibh) agus fanacht ag obair seal eile de bhlianta.

Tá daoine ag déileáil leis na dúshláin seo ina mbealaí féin, ach is cinnte nach mbeidh airgead a chaitheamh chomh flúirseach agus a bhíodh. Ní thar sáile a chaithfear na laethe saoire chomh minic is a bhíodh; ní bheidh an carr 09 béal dorais linn; ceannófar nuachtáin amháin ar an Domhnach seachas na ceithre cinn; beidh muidne faoin tír ag fás ár gcuid prátaí féin agus ag smaoiteamh ar an mhóin a iompar ón phortach; ní bheidh an béile againn sa bhialann uair sa mhí níos mó agus ní bheidh na bréagáin is nua-aimseartha ag ár gcuid páistí. Rachaidh níos mó daoine ar ais ag urnaí agus ag an Aifreann!

Níl ceann ar bith de na hábhair thuasluaite chun muid a dhaoradh chun báis agus ní bheidh sa bhrú, ach athrú ón chaighdeán beatha an-ard go ceann a bheas compordach fós i gcomparáid le go leor de mhuintir eile an domhain.

An príomhdhúshlán atá romhainn, a chinntiú go dtabharfar aire don té atá ar an ghannchuid, bíodh sé óg nó sean. Tháinig muintir na hÉireann fríd níos measa ná an cruachás atá romhainn; tiocfaidh muid fríd seo fhad is go mbeidh ár gceannasaíocht pholaitiúil cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.