AR NA SAOLTA SEO
Cad a dhéanfaimid feasta gan bhreosla?
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

D’fhreastail Pádraig Mac Éamoinn ar chomhdháil shuimiúil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite inar pléadh na himpleachtaí a bhainfidh le hola agus gás an domhain a bheith ídithe ar fad.

Íomhá
geilleagar na Síne ag fás go mór agus níos breosla de dhíth ar an tír de bharr sin
Íomhá
An tUasal Richard Douthwaite
Íomhá
Íomhá

San eagrán deireanach de Beo! scríobh faoibhuaic na holai gcomhthéacs na ngluaisteán hidrigine, agus ba mhaith liom filleadh ar an ábhar sin arís anois. I lár mhí Dheireadh Fómhair, tháinig breis is 60 duine le chéile i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath chunPraghas an Fhuinnimh agus Todhchaí na hÉireanna shamhlú agus a phlé. caoga bliain ón am seo ( b’fhéidir i bhfad roimhe sin) beidh an chuid is den ola (agus den ghás) imithe, agus cad é mar a bheidh cúrsaí inár dtír féin nuair a tharlóidh sin? Grúpa deonach darb ainm Feasta, Foundation for the Economics of Sustainability, a d’eagraigh an chomhdháil seo.

Deich mbliana ó shin, bhí an smaoineamh go mbeadh ganntanas ola ann go luath an-chonspóideach fós. Níl a leithéid conspóideach níos an cheist a chuirtear anois *cathain *a thriomóidh na tobair. an caitheamh domhanda breosla ag méadú gach bliain (de bharr, mar shampla, go bhfuil an tSín agus an Ind ag forbairt a ngeilleagar), agus luath mall beidh an caitheamh bliantúil seo níos an méid olanuaa aimseofar i rith na bliana. De réir roinnt de na saineolaithe (go mórmhór na geolaithe), an pointe seo (“buaic na hola”) sroichte cheana féin ag teacht roimh 2007, agus de réir dreama eile (go mórmhór na heacnamaithe) beidh 15 20 bliain eile sula sroichfear an pointe seo.

B’fhéidir go mbeifear ábalta teicneolaíocht nua a úsáid chun níos ola a bhaint amach as na holacheantair atá aimsithe anoisach de bharr chastacht an phróisis beidh praghas na hola seo níos airde. Agus níos agus níos daoine ag teacht ar an tuiscint seo: is dóigh eile a fháilgo práinneach. Allmhairíonn an tír seo 90% cuid fuinnimh. féidir fiú amháin le Gáscheantar na Coiribe (atá sna nuachtáin faoi láthair) ach leath an gháis a bheidh uainn a sholátharbeidh muid fós gan chosaint ó fhadhbanna thar lear.

Labhraíonn an tUasal Richard Douthwaite, eacnamaí agus saineolaí i gcúrsaí inbhuaine, faoimhéadú na táirgiúlachta daonna trí fhuinneamh saorin aois na tionsclaíochta. Ach taobh eile ar an bhonn: nuair a imeoidh an fuinneamh saor, tarlóidh athruithe ollmhóra sa gheilleagar. Éireoidh na modhanna iompair atá againn faoi láthair, mar shampla, i bhfad níos daoire. Mar sin, beidh béim níos ar anlogántacht” – mar gheall ar chostais iompair bheidh earraí a dhéanfar i monarchana ar an taobh eile den domhan, agus a sheolfar anseo, níos saoire a macasamhail a tháirgfear in Éirinn. Chomh maith leis sin, éireoidh an turas laethúil i ngluaisteán ó Phort Laoise ón Mhuileann gCearr ó Chill Mhantáin go dtí an oifig i mBaile Átha Cliath ródhaor, agus lena chois sin, beidh tionscal na heitlíochta (agus Ryanair san áireamh) ábalta feidhmiú mar atá faoi láthair.

Bhí taighde cuimsitheach déanta ag lucht eagraithe na comhdhála ar cheithre thoradh a d’fhéadfadh bheith ann sa todhchaí, ag brath ar cathain a tharlóidh buaic na hola agus ar conas a dhéileálfaidh an rialtas léi. Léirigh siad ceithre staid éagsúla le cuidiú bogearra speisialta: dhá cheann le buaic na hola sa bhliain 2007, agus dhá cheann eile tharlaíonn i 2030. I ngach cás, scrúdaigh siad an toradh is fearrach d’fhéadfadh rudaí bheith i bhfad níos measa. Agus chun gach cás a chur i láthair, shamhlaigh siad na ceannlínte a bheadh sna nuachtáin sa bhliain 2015.

Ar dtús, féachfaimid ar dhá chás níos dóchasaí, a bheidh i gceist mura dtarlaíonn buaic na hola go dtí 2030.

Gach rud mar is gnách

Féachfaidh na rialtais leis an fhás geilleagrach a choimeád, agus dhéanfaidh siad mórán chun úsáid an fhuinnimh ár spleáchas ar an ola a ísliú. Déanfar mórán infheistíochta i bhforbairt olacheantar nua (ach beidh praghas na hola seo ag méadú go seasta, mar go n-éireoidh eastóscadh na hola nua níos deacra agus níos costasaí). Ach timpeall na bliana 2030, bheifear ábalta leanúint ar aghaidh leis an ganntanas breosla, agus bheifear ábalta tobthitim dhomhanda, iomlán agus buan, a sheachaint.

Cad a bheidh le léamh sna nuachtáin sa bhliain 2015?

Praghas an leictreachais: ardú 40% ó 2005” “Seirbhís eitleáin nua ó Phort Láirge go dtí an Iaráic” “Ba thithe aonair faoin tuath 50% de na foirgnimh nua a tógadh anuraidh” “Is do níos daoine bheith ag obair in dhá i dtrí phost chun bheith in ann maireachtáil

Idirthréimhse Eagnaí

Léireoidh na rialtais ceannasaíocht agus cuirfidh siad béim ar úsáid fuinnimh a ísliú agus foinsí nua fuinnimh a fhorbairt. Mar sin, roimh an bhliain 2015, beidh táillí plódaithe tráchta i bhfeidhm sna cathracha, agus cuirfear stop le mórscéimeanna tógála bóithre agus aerfort.

B’fhéidir go mbeidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin sa bhliain 2015:

Ardú 80% i bpraghas an pheitril agus an leictreachais ó 2005” “Iarnróid nua á dtógáil i lárlánaí na mótarbhealach” “ dul chun cinn á dhéanamh againn: anuraidh, tháinig 30% den fhuinneamh in Éirinn ó fhoinsí inbhuanaithe” “Aire Fuinnimh Inbhuanaithe ceaptha ag an Taoiseach” “Aerlonga ar ais mar mhodhanna iompair i spéartha na hÉireann

Ach cad a tharlóidh an ceart ag na geolaithe, agus buaic na hola ann cheana féin i ngar dúinn, agus am an phlé thart?

Seo mar a bheidh cúrsaí tharlaíonn an bhuaic in 2007:

Logánú gan Rogha

Samhlaítear anseo go dtarlóidh géarchéim nua ola in 2007 agus go méadóidh na praghasanna tuilleadh. Tiocfaidh scaoll ar rialtais na hEorpa agus méadóidh siad na rátaí úis chun smacht a choinneáil ar an bhoilsciú. An meathlú a bheas mar thoradh ar an pholasaí seo, agus tarlóidh tobthitim iomlán sa gheilleagar domhanda roimh 2015. Beidh ar an chuid is de na gnólachtaí a ndoirse a dhúnadh (beidh seans ag gnólachtaí áitiúla teacht slán), agus éireoidh an saol i bhfad níos logánta.

Beidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin i 2015:

Méadú mór sa líon daoine atá ag táirgeadh a gcuid bia féinTeaghlaigh in easnamh cothromais tar éis thitim na bpraghsanna Capaill oibre níos daoire tarracóirí anois

Ach mbeadh freagairt éirimiúil agus thapa ó na rialtais Eorpacha tar éis na géarchéime in 2007? Bhuel, sin an cás deireanach: Roinnt Chothrom. Cuirfear i bhfeidhm scéim chiondála domhanda do na gáis cheaptha teasa

ach le fírinne is é an breosla iontaise a bheas á chiondáil. Agus de réir mar a éireoidh an breosla níos gainne, ísleofar na cuótaí ciondála, agus beagán ar bheagán, éireoidh an geilleagar níos .

Sa chas seo, léifimid scéalta mar a leanas:

Longa seoil tráchtála ar ais” “Pacáistiú plaisteach: ródhaor anois” “Suirbhé nua: bia áitiúil fiú ón ghairdín is a ithimid anois” “Laghdú mór sa líon gluaisteán ar na bóithre

Ag an chomhdháil, labhraíodh faoin tábhacht a bhain le fuinneamh a chaomhnú agus é a úsáid ar shlí níos éifeachtaí. Bhí caint faoi scéim nua Eorpach chun lipéadéifeachtachta fuinnimh a chur ar thithe nua, mar atá á chur ar chuisneoirí le 10 mbliana anuas anois (agus úsáideann an gnáthchuisneoir anois ach 10% den leictreachas a bhí uaidh 10 mbliana ó shin nuair a cuireadh an scéim sin i bhfeidhm). Labhraíodh faoi na buntáistí móra atá ag Éirinn mar shuíomh don fhuinneamh gaoithe. Agus labhraíodh go háirithe faoin easpa polasaí fuinnimh náisiúnta sa tír seo, agus go bhfuil a leithéid de dhíth orainn chun go mbeidh seans éigin ann gurtuirlingt bhog”, seachas titim fhoréigneach, a bheas againn nuair a thosóidh an breosla ag éirí gann.

Mar a dúirt an tUasal Douthwaite: “ muid anois ag cor cinniúnach stairiúil i gcúrsaí daonna.” Is cinnte nach bhfuil an méid sin tugtha faoi deara ag mórán de na polaiteoirí fós.

Oibríonn Pádraig Mac Éamoinn in earnáil na heitilíochta. ar ais ina chónaí i mBaile Átha Cliath anois tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.