CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cá seasann neodracht na hÉireann?

Tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh go ndéanfaí neodracht na hÉireann a chaomhnú.

Cé gur dúradh go poiblí go raibh seasamh neodrach ag Éirinn sa dara Cogadh Domhanda, tá fianaise láidir ann gur tugadh tacaíocht do na comhghuaillí a sheas an fód i gcoinne na Gearmáine sa chogadh sin. Ó shin, tá ceist na neodrachta ina cnámh spairne sa tír, go háirithe cá seasann muid ó thaobh NATO agus fórsaí armtha an Chomhphobail Eorpaigh.

gaol láidir forbartha idir Éirinn agus Meiriceá le blianta anuas. Is iad na comhlachtaí atá lonnaithe i Meiriceá a chuireann an chuid is mó den fhostaíocht ríomhaireachta ar fáil sa tír seo. Ba í ceannasaíocht Bill Clinton, agus foighne George Mitchell go háirithe, a bhog an próiseas síochána ar aghaidh go rathúil i dTuaisceart Éireann. Níl aon cheist faoi, ach an oiread, go raibh fearg agus an-bhrón ar mhuintir na tíre seo tar éis eachtraí uafásacha an aonú lá déag de mhí Mheán Fómhair agus gur thacaigh tromlach an phobail le cinneadh an Taoisigh nuair a d’fhógair sé lá náisiúnta comhbhróin an Aoine dár gcionn.

Ní raibh an tacaíocht chomh láidir céanna nuair a thug sé le fios ar an 21 Meán Fómhair go raibh cead á thabhairt ag an Rialtas d’fhórsaí Mheiriceá ár gcuid aerfort a úsáid agus iad i mbun troda i gcoinne na sceimhlitheoireachta.

Cé go bhfuil sé soiléir go bhfuil pobal na tíre seo glan in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus gur chuir eachtraí na míosa seo caite déistin orthu, an leor an méid sin féin lenár neodracht a chaitheamh ar leataobh?

Is oileán beag í Éire ar imeall na hEorpa. Níl arm láidir go leor againn le muid féin a chosaint ar ionsaí ó naimhde ar bith; is beag éifeacht a bheadh ag ár gcabhlach ná ag ár n-aerfhórsa ach oiread dá mba rud é gur ionsaíodh muid.

Tá seasamh Eorpach agus domhanda againn, go háirithe sna Náisiúin Aontaithe. Tá ról fiúntach á chomhlíonadh againn le fada i gcothú na síochána ar fud an domhain agus meas orainn mar dhaoine atá cothrom agus nach dtaobhaíonn le dream amháin i gcoinne dreama eile.

Má thagann cogadh domhanda mar thoradh ar an mhéid atá tar éis titim amach le cúpla seachtain anuas, nach mbeidh tíortha ag teastáil le bheith mar ghníomhairí síochána le réiteach a chuardach - moltóir cothrom, neamhspléach, gan aon bhagáiste míleata.

Nárbh fhiú dúinn seasamh siar ón mhíleatacas agus an cúram síochána seo a ghlacadh orainn féin?

Níl polasaithe idirnáisiúnta Mheiriceá gan locht agus tá míthuiscintí go forleathan ar gach taobh de na hachrainn dhomhanda, ach is féidir linne iarracht a dhéanamh cairdeas a bhunú sa domhan.

Bíonn idirbheartaíocht agus idirghabháil de dhíth i gcónaí, mar a fuair muid féin amach i dTuaisceart Éireann. Nach é seo an ról is oiriúnaí dúinne sa saol corrach atá romhainn?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.