CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Cá bhfuil lucht tacaíochta Bush anois?

Níl an dream a bhí ag tacú go láidir le cuid polasaithe an Uachtaráin George W. Bush san Iaráic chomh glórach céanna na laethanta seo.

Íomhá
An tUachtarán George W. Bush: tacaíocht tite go mór
Íomhá
Maraíodh beagnach 3,100 saighdiúir Meiriceánach san Iaráic ó bhí 2003 ann

Tá sé deacair oibriú amach na laethanta seo, cad é atá mar chaint sa tsráidbhaile.

Thig a bheith beagnach cinnte de nach bhfuil mórán de bhunadh na hÉireann ag déanamh plé ar chúrsaí polaitíochta mar go bhfuil siad tinn tuirseach den trácht ar fada atá sna meáin chumarsáide ar olltoghchán na Bealtaine agus é cúig mhí uainn go fóill!

Tuirseach a deir tú? Sea! Bhí gach seans ag Pat Rabbitte agus Enda Kenny sonc a thabhairt don Taoiseach agus ceisteanna crua a chur air faoi íocaíochtaí Mhanchain, dúnmharaithe Bhaile Cliath agus Luimnigh, scuainí do leapacha ospidéil na tíre agus an t-ár ar na bóithre. Theip ar an bheirt cheannairí é sin a dhéanamh agus tá gach cosúlacht ar an scéal anois go mbeidh Bertie Ahern agus Fianna Fáil ar ais i gcumhacht i ndiaidh thoghchán an tsamhraidh seo. B’fhéidir go mbeidh céile úr leo, bíodh sin Páirtí an Lucht Oibre, na Glasaigh, Sinn Féin nó comhrialtas comhdhéanta díobh go léir.

Ar aon chuma, tá rudaí ag dul go maith sa tír seo, thuaidh agus theas; caithfear amharc i dtreo na Stát Aontaithe do cheann de na príomhábhair chainte faoi láthair: an dóigh a bhfuil tacaíocht George Bush mar uachtarán tite go leibhéal níos ísle ná mar a tharla i gcás Richard Nixon i dtréimhse Watergate nó i gcás Jimmy Carter i ndiaidh ghéarchéim na ngiall i 1980.

Le roinnt blianta anuas, tá go leor díospóireachta ar siúl i measc léitheoirí *Beo! *faoi cheart na Meiriceánach dul isteach san Iaráic le deireadh a chur le riail Saddam. Ba léir go raibh go leor de na léitheoirí sin go láidir in aghaidh an ionraidh mar go raibh siad den tuairim nár thuig Bush cultúr an Mheánoirthir, fiú dá mbeadh fhios aige cá raibh sé ar an léarscáil.

Tá deireadh ag teacht le ré Bush anois agus a chumhacht beagnach caillte aige le bua na nDaothlathach sa Seanad. Cad é atá le rá acu siúd a bhí ag tacú leis an uachtarán i gClár Plé Beo le bliain nó dhó anuas? Ba mhaith linn cloisteáil uathu anois agus beagnach 3,100 saighdiúir Meiriceánach agus 60,000 sibhialtach i ndiaidh anbhás a fháil san Iaráic!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.