COMÓRTAIS
Buaiteoirí Comórtas Mhí Mheán Fómhair

Buaiteoirí

Tadhg MacCionnaithe, Baile Átha Cliath

Síle Ní Chéidigh, Co. an Chabháin

Caroline Ní Mhuireadhaigh, Co. an Chabháin

Aifric Ó Brosnacháin, Co. Chiarraí

Conor Clenaghan, Co. Loch Garman

Duaiseanna

Cóip den leabhar ‘Leabhar Laethanta’ le Donla Uí Bhraonáin.

Leabhar a thugann spás ar leith do gach lá den bhliain (365 lá) agus a sholáthraíonn míreanna gearra eolais faoi ghnéithe éagsúla de stair agus de shaíocht na hÉireann in aghaidh gach lae. Fágtar spás beag bán in aghaidh gach lae inar féidir leis an léitheoir a c(h)uid nótaí/meabhrán féin a scríobh.

Cóip den leabhar ‘Splancanna ó shaol eile’ le Alex Hijmans.

Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.

Tá aird an tsaoil mhóir ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta: 2014 – Corn an Domhain sa Sacar i dtír na Brasaíle, 2016 – Na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Rio de Janeiro. Go heacnamaíoch agus go polaitiúil, tá ról níos tábhachtaí ná riamh ag fathach Mheiriceá Theas ar an stáitse idirnáisiúnta.

Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaíl – aithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché. Sa leabhar seo, tugann Alex Hijmans, atá ina chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa tír ó 2007, léaspairtí ar an mBrasaíl nach bhfeictear sna cártaí poist. Léirítear sa saothar seo, go deimhin, mórchuid na gcúiseanna atá leis an achrann sóisialta a thosaigh sa tír sin le déanaí.

Tá BEO an-bhuíoch de COIS LIFE as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.