COMÓRTAIS
Buaiteoirí Chomórtas Mhí na Samhna & Mhí na Nollag
Íomhá
The Best of Kíla
Íomhá
Amhrán is Fiche don Nollaig

Buaiteoirí Chomórtas Mhí na Samhna

Eibhlín Nic Eachaidh, Co. Mhuineacháin

Breandán Ó Braoin, Baile Átha Claith

Christine Ní Dhonnchadha, Corcaigh

Ceallaigh Nic Coilín, Tír Eoghain

Bríd Cannon, Co. Áth Cliath

Duaiseanna The Best of Kíla – Rogha

Breis agus fiche bliain de bheith ag bualadh ceoil, seo rogha de na rianta is fearr ón mbuíon shuaithinseach seo.

Dhá dhiosca, cúig rian fichead le leagan nua den amhrán ‘Cathain’ i dteannta le Liam Ó Maonlaí.

Buaiteoirí Chomórtas Mhí na Nollag

Daithí de Paor, Co. Chorcaigh

Róisín Ní Leannacháin, Doire

Duaiseanna

Ar Amhrán is Fiche don Nollaig, tá amhráin traidisiúnta na Nollag as Gaeilge, á rá ag triúr amhránaithe aitheanta ó Ghaeltachtaí éagsúla: Méabh Ní Bheaglaoich, Síle Denvir agus Mairéad Ní Mhaonaigh. Tá formáid an CD ROM cosúil leis an dá theideal eile Amhrán is Fiche agus Amhrán is Fiche Eile: bíonn focail an amhráin le feiscint ar an scáileán, le liathróidín ag imeacht roimhe ag léiriú cad iad na focail atá á rá; tá “backing tracks” ann chun go bhféadfadh tú na hamhráin a rá i stíl karaoke; tá aistriúchán Béarla de na focail ar fáil ar an CD; tá áis ann chun na focail a phriontáil amach; agus tá ceachtanna samplacha do mhúinteoirí ag léiriú an tslí a fhéadfaí úsáid a bhaint as na hamhráin sa seomra ranga. Ina dteannta sin, tá nótaí ann faoi gach amhrán agus gluais d’fhocail agus d’fhoirmeacha neamhchoitianta.

Tá Beo.ie an-bhuíoch de Kíla agus Fios Feasa as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.