COMÓRTAIS
Buaiteoirí chomórtas Mhí na Nollag Beo!

Buaiteoirí chomórtas mhí na Nollag Beo!

  • Ceist: Cén t-achar blianta atá Cló Iar-Chonnacht ar an bhfód anois?

  • Freagra: 25 Bliain

Buaiteoirí:

  • Cladhbh Mac Oireachtaigh, Baile Átha Cliath

  • John Mac An tSaoir, Hertfordshire, Sasana

Duais:

Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir

Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair. Lena bheo ní raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh ná go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd. Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha. Is fada muid ag feitheamh leis an leabhar seo, ach mar a deir siad is minic a bheireas an mhoill an barr léi.

Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar. Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad. Clúdach: Crua, Tagairt: ISBN 978-1-905560-65-3

Tá Beo! an-bhuíoch de Cló Iar-Chonnacht as ucht na duaiseanna a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.