COMÓRTAIS
Buaiteoirí Chomórtas Mhí Feabhra
Íomhá
Ciste Téarmaíochta Focal.ie ar DD

Buaiteoirí

Erik Westergren, An tSualainn

Pádraig Ó Flaitheartaigh, Co Chorcaí

An Duais

Ciste Téarmaíochta Focal.ie ar DD

Tá inneachar an phríomhbhailiúcháin téarmaíochta ar www.focal.ie, an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge ar fáil anois ar dhlúthdhiosca.

Is féidir an bogearra a rith díreach ón dlúthdhiosca nó é a shuiteáil ar do ríomhaire, ionas go mbeidh cóip de bhunachar téarmaíochta www.focal.ie agat le cuardach agus tú ag obair as líne. Beidh cóip nuashonraithe den bhunachar ar fáil go tráthrialta. Tá an bogearra seo dírithe go háirithe ar dhaoine gan nasc seasta idirlín ar ardluas. Sa bhreis ar an mbogearra cuardaigh, tá breiseán ar an dlúthdhiosca don phróiseálaí focal, Microsoft Word. Déanann an breiseán téarmaí Gaeilge agus Béarla a scríobhtar nó a roghnaítear i gcáipéis Word a chuardach go huathoibríoch ar an dlúthdhiosca, rud a fhágann nach gá cóipeáil agus greamú.

An Gúm

Tá BEO an-bhuíoch de An Gúm as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.