COMÓRTAIS
Buaiteoirí chomórtas mhí Dheireadh Fómhar Beo!
Íomhá
Ó CHÓSTA GO CÓSTA LE FRANK REIDY
Íomhá
NA LUCHA AG RINCE LE MÍCHEÁL Ó RUAIRC

Buaiteoirí

Tomás Ó Muireadhaigh, Rath Méaltain, Co. Dhún na nGall

Rhya Uí Dhochartaigh, Bun Dobhráin, Co. Dhún na nGall

Duaiseanna

Cuireadh an Ceannfort airm Frank Reidy go dtí oirthear na hAfraice sa mbliain 1994. Bhí sé ina bhall de mhóriarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe. Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.

Seolann an t-údar timpeall chósta thoir na Céinia i ndabha, bád dúchais an cheantair. Tugann sé cuairt ar sheanmháthair Bharack Obama, agus ríomhann sé stair chasta, thragóideach na tíre. Tugann sé faoi safari i bpáirc náisiúnta an Maasai Mara. Tugann sé cuairt ar Uganda go bhfeice sé an chabhair a thugann Rialtas na hÉireann don tír sin. Agus filleann sé ar Ruanda go bhfeice sé mar atá ag éirí leo sna blianta tar éis an chinedhíothaithe. Leabhar taistil, leabhar staire, leabhar eolais, leabhar polaitíochta – leabhar nach mór do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige san Afraic sa lá atá inniu ann é a bheith ina sheilbh.

Tagairt:ISBN 9781905560400

lch:158

Costas:Clúdach bog €15.00

Is leabhar gearrscéalta do mhic léinn Ardteiste é seo. Tá an Crannchur Náisiúnta buaite ag Tomás Ó Sé, cúl tugtha aige don seansaol agus tá sé i measc na mbodach mór. Ach nuair a bheas a shaibhreas caite aige, an mbeidh sé fágtha ar an trá fholamh? Nó céard faoi Phádraigín? Brú na hArdteiste, gan spás aici di féin agus obair an tí go léir á déanamh aici. Ní iontas ar bith di a bheith in ísle brí. An bhfaighidh sí cothrom na féinne nó an rachaidh rudaí chun olcais? Agus an buachaill óg ... ag súil le bronntanas iontach lá Nollag, ach i mbliana, ní bronntanas a fhaigheann sé ach fírinne - fírinne ghruama, fhuar a mhúchann spiorad draíochtúil na Nollag ...Briseadh croí, uaigneas, dóchas, maithiúnas, díoltas, sonas agus tuilleadh ... Chomh maith le ceithre scéal is fiche atá suimiúil agus taitneamhach iontu féin, tá treoracha úsáideacha sa leabhar seo don mhac léinn maidir le scríobh agus le pleanáil scéalta.

Rannóg:Gearrscéalta do Dhéagóirí

Tagairt:ISBN 978 1 905560 42 4

Costas:Clúdach Bog €8.00Tá Beo! an-bhuíoch de Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.