COMÓRTAIS
Buaiteoirí Chomórtas Mhí an Aibreán
Íomhá
Mistéir an Tobair
Íomhá
Na Laochra is

Na Buaiteoirí

Séamas Gormley, An Nua-Shéalainn

Nóilín Ailis, Co. Dhún na nGall.

An Duais

Ceann den leabhar seo a leanas:

Mistéir an Tobair - Diane Lavery.

Oisín ar a laethanta saoire ón scoil agus is breá leis dul amach ar fán sna sléibhte agus sna gleannta mórthimpeall. Tagann ar sheanléarscáil a mhúsclaíonn an fhiosracht ann. Ansin castar duine diamhrach, Mánas Mór, air agus leagann seisean cúram tromchúiseach ar Oisín. Is gairid go raibh sáite in eachtraí scáfara agus é ar a mhíle dícheall na Clocha agus an Chailís a aimsiú sula mbeidh ródhéanach . . .

Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an ósnádúrthacht ag rith tríd, scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.

Na Laochra is Laoise Chléirigh.

Iascairí i mbaol, an Taibhse Dána ar ais i mbun díobhála. a thiocfaidh i gcabhair orthu? Leagann na Síog trí chion oibre scáfar ar Ruán agus Éadaoin. theipeann orthu in aon cheann acu beidh an tír uile faoi smacht na Taibhse arís. Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil. Scéal iontach eachtraíochta agus é inste go cumasach ag an údar. Tugann sárléaráidí Steve Simpson an t-iomlán chun beochta.

BEO an-bhuíoch den Gúm as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.