AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Brú ar Ardeaspag Sydney
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Bhí ar Ardeaspag Caitliceach Sydney éirí as a chuid cúraimí le déanaí tar éis d’fhear cur ina leith go ndearna sé ionsaí gnéasach air breis is daichead bliain ó shin. Cúlra an scéil ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
An tArdeaspag George Pell
Íomhá
An tArdeaspag George Pell

Ní scéal nua é mí-úsáid ghnéasach a bheith á cur i leith sagairt. Tá na céadta cás den tsórt sin feicthe in Éirinn, ar fud na hEorpa, i Meiriceá Thuaidh agus san Astráil le blianta beaga anuas. Ach tá cor sa gcás is deireanaí san Astráil. Tá sé curtha i leith George Pell, Ardeaspag Caitliceach Sydney agus an cléireach is sinsearaí sa tír go ndearna sé ionsaí gnéasach ar bhuachaill dhá bhliain déag d’aois i 1961 nuair a bhí Pell ina ábhar sagairt.

Tá na líomhaintí séanta go láidir ag Pell a dúirt gur bréaga mailíseacha atá iontu. Tá sé “ag seasamh ar leataobh” óna chuid cúraimí mar ardeaspag go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfiosrú a bheas á dhéanamh ar an scéal.

próiseas foirmiúil ag an Eaglais Chaitliceach anois le hiniúchadh a dhéanamh ar chásanna mar seo ach tá daoine ann a deir nach bhfuil an próiseas sásúil. Deir daoine nár chóir don ardeaspag éirí as a chuid cúraimí mar nach bhfuil an duine a rinne na líomhaintí ainmnithe go poiblí agus mar nach raibh sé sásta an scéal a chur faoi bhráid na bpóilíní. Tá daoine eile a deir nach leor cuma an neamhspleáchais a bheith ar an bhfiosrú (mar atá sa gcás seo) mar gurb iad an eaglais a cheap an duine atá á dhéanamh.

Is léir go bhfuil an pobal sásta fanacht go mbeidh deireadh leis an bhfiosrú sula dtabharfaidh siad a mbreith féin ar an gcás. Ach tá daoine ann freisin a cheapann go bhfuil an-dochar déanta do cháil an ardeaspaig, cuma cén toradh a bheas air. Ceapann daoine eile gur chóir teora ama a bheith le líomhaintí den tsórt seo. Cé go gcuireann sé sin leis na deacrachtaí, is dóigh gurb é an deacracht is mó ná a theacht ar fhianaise fhiúntach a bhaineann leis an gcás agus d’fhéadfadh sé nach é an méid ama atá imithe an chúis a bheadh leis sin.

tacaíocht faighte cheana féin ag Pell ón bPríomh-Aire John Howard a dúirt go pras go gcreideann sé féin nach bhfuil sé ciontach. Ní mó ná sásta a bhí cuid den fhreasúra leis an tacaíocht sin. Dúirt ceannaire an fhreasúra, Simon Crean, gur chóir do Howard fanacht le toradh an fhiosraithe. Thug daoine eile faoi deara nach raibh aon tacaíocht ar fáil ó Howard do Michael Kirby, breitheamh san Ardchúirt, ní ba thúisce i mbliana nuair a cuireadh líomhaintí ina leith siúd agus go léiríonn an tacaíocht seo easpa seasmhachta. Taispeánadh go gairid ina dhiaidh sin go raibh na líomhaintí sin bréagach.

Go traidisiúnta ceaptar ardeaspag Sydney ina chairdinéal ach níl aon seans go dtarlóidh sé sin mura mbeidh toradh sásúil ar an gceist seo. Iarbhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí i Victoria, Alec Southwell, a bheas i mbun an fhiosraithe agus is dóigh go mbeidh sé dhá mhí nó trí sula mbeidh toradh air. Idir an dá linn beidh David Cremin, atá ina easpag cúnta i Sydney agus gurb as Luimneach ó dhúchas é, ag gníomhú mar ardeaspag.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.