AGALLAMH BEO
Bríd Ní Chonghóile - Gaillimh le Gaeilge -
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi in Oifigí Ghaillimh le Gaeilge chun fiafraí faoin eagraíocht agus faoina fód dúchais.

Íomhá
Bríd Ní Chonghóile, príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge
Íomhá
Abhainn na mBradán
Íomhá
An Fhoireann, Gearóidín Ní Ghioballáin, Bríd Ní Chonghóile agus Mícheál Ó Ceallaigh
Íomhá
Bialann Indiach
Íomhá
Ag réiteach coinne, Bríd agus Gearóidín
Íomhá
Fáilte Uí Cheallaigh
Íomhá
Siopa bróg
Íomhá
Oifig lár cathrach
Íomhá
Fáilte isteach
Íomhá
Halla na Cathrach
Íomhá
Ar an mBaile Cláir
Íomhá
An Rinn Rua ó dheas lá geimhridh is sléibhte Acla ar fhíor na spéire
Íomhá
Cé na Rinne Rua

SMM: Is é do bheatha go Beo.ie a Bhríd.

BNC: Go raibh míle maith agat, a Sheosaimh.

SMM: Bhog tú go Gaillimh le freastal ar an ollscoil anseo, an bhfuil an ceart agam?

BNC: Tá. Is é sin, cúpla bliain maith ó shin agus níor fhág mé ó shin. [Gáire]

SMM: Cé chuimhnigh ar Ghaillimh le Gaeilge a chur ar bun an chéad lá, nó bhí Gael-Taca ar an bhfód ó dheas agus b’fhéidir gurbh shin é a spreag sibh?

BNC: Níl a fhios agam. Thuig mise i gcónaí go raibh Gaillimh le Gaeilge anseo roimh Ghael-Taca. B’fhéidir go bhfuil dul amú orm. Bhí beirt ar an gCoiste Stiúrtha. An Dr. Peadar Ó Flaithearta atá i mbun Fiontar i mBaile Átha Cliath anois agus Pádraig Ó Beaglaoich, Roinn na Gaeltachta. Bhíodar ag smaoineamh ar an gceangal a bhí ag Cathair na Gaillimhe leis an nGaeltacht - le Conamara agus le hÁrainn - ag cuimhneamh ar an teangmháil ghnó, daoine ag teacht isteach as na ceantair sin ag caitheamh airgid anseo. Bheartaigh siad go mba mhaith an rud é go mbeadh aitheantas tugtha ar bhealach éicint don chaiteachas sin. Bheadh ort, ar ndóigh, cur ina luí ar mhuintir ghnó chathair na Gaillimhe ard é an fiúntas ó thaobh uimhreacha de. Sin an uair a bheartaigh siad an tuarascáil sin, Tuarascáil Uí Chinnéide, a chur le chéile. Rinne Roinn na Gaeltachta coimisiúnú air lena cur i gcrích – OÉG a rinne an taighde - agus foilsíodh é. Fuaradar amach gurbh fhiú 17 milliún punt caiteachas na Gaeltachta do chontae na Gaillimhe agus gurbh fhiú 13 milliún punt do chathair na Gaillimhe é.

D’imigh siad chuig Chumann Tráchtála na Gaillimhe, scátheagraíocht na ngnólachtaí, agus d’fhiafraigh díobhsan cad a bhí siad le déanamh chun a chinntiú go bhfanfadh an infheistíocht sin ins an gcathair. Bunaíodh Coiste na Gaeilge agus tháinig siadsan aníos le moltaí conas dul i bhfeidhm ar an lucht gnó agus ar cheann de na moltaí sin, bunaíodh Gaillimh le Gaeilge. Thosaigh siad amach le 30 gnó agus chuaigh i bhfeidhm ar thrí bhealach le comharthaíocht inmheánach agus seachtarach, stáisiúnéireacht agus le cumarsáid leis na custaiméirí. Rinneadh uasdátú ar Thuarascáil Uí Chinnéide anuraidh agus fuair muid amach gur fiú os cionn 136 milliún €uro sa bhliain an Ghaeilge do chathair agus do chontae na Gaillimhe agus go gceapann 90% de mhuintir na Gaillimhe gur gné uathúil í de chathair na Gaillimhe. Tá sé fíorthábhachtach na fíricí sin a bheith againn le cur ina luí ar dhaoine gur ceann de na hacmhainní is nádúrtha í agus tá luach eacnamaíoch ag baint léi – chomh maith le luach sóisialta agus cultúrtha.

Caithfidh mé lua chomh maith le sin go bhfaighimid, i nGaillimh le Gaeilge, maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ó Chairde Ghaillimh le Gaeilge i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus táimid go mór faoina gcomaoin. Murach iad, cá mbeadh muid!

An Modh Oibre

SMM: An dtéann sibhse i dteagmháil leis na gnónna nó an é an chaoi go dtagann siadsan chugaibhse ag iarraidh cuidithe?

BNC: Ag an tús, théadh muid i dteangmháil leosan. Oibrímid go dlúth le Comhairle na Cathrach. Cuireann siad ar an eolas sinn faoi aon chead pleanála ins an chathair agus rachaimid i dteangmháil leis an té atá ag iarraidh cead pleanála agus díolaimid an teanga leis an duine sin. Cuirimid moltaí ar fáil leis an tseirbhís seo againn, Gaeilge sa Ghnó, atá dírithe go sonrach ar ghnó an duine sin.

Tugaimid faoi deara in éis na mblianta go bhfuil na daoine ag dul i dteangmháil linne anois. Cloisfidh siad fúinn tríd an gCumann Tráchtála nó tríd an gComhairle Cathrach.

SMM: Ag breathnú siar na blianta, cé na tionscnaimh nó na gnólachtaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

BNC: Ceapaim gurb é an Coiste Logainmneacha. Ceapaim gurb é is mó a chuaigh i bhfeidhm ar Ghaillimh. Rinneamar é sin i gcomhar leis an lucht tógála agus leis an gComhairle Cathrach. Oibríonn na hainmneacha eastáit ar thiománaithe tacsaí, ar na custaiméirí, ar chuile dhuine. Bhí cineál ripple effect ann. Daoine a bhí ina gcónaí in áit a raibh ainm Gaeilge, chuaigh siad i dteangmháil linn le naíonraí, in ionad crèche, a bhunú mar gheall ar an ainm Gaeilge. Thosaigh áiteanna eile ag aithris ar an rud a bhí tarlaithe i nGaillimh. Cheap mé gurb shin an an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm.

Ceapaim arís go bhfuil dearcadh i leith na Gaeilge i nGaillimh athraithe, níl mé ag rá mar gheall ar Ghaillimh le Gaeilge amháin. Bhí go leor eile, TG4, an Ghaeltacht, tá sí fíorthábhachtach dúinn, na heachtrannaigh as áiteanna eile atá bogtha isteach – tá siad chomh mórtasach as a dteanga féin a labhairt – muintir na Gaeltachta, tá siad ag teacht isteach ag labhairt níos airde arís. Níl siad ag sioscadh a thuilleadh. Tá féinmhuinín faighte acu ina dteanga, measaim. Sin an dá rud is mó.

Go Feiceálach, i Lár an Aonaigh

SMM: An bhfeiceann tú tábhacht le feiceálacht na Gaeilge i saol na Galltachta, nó iar-Ghaeltacht más fearr leat?

BNC: Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach, - go mbíonn tionchar an-mhór aige ar an duine, ar an nGaeilgeoir agus ar an té nach labhraíonn í. Má bhím in Áth Luain agus má fheicim siopa a bhfuil comhartha Gaeilge air, rachaidh mé isteach ann - rachaidh mé isteach ann! An turasóir nach bhfuil Gaeilge aige, ceannóidh sé an t-léine nó an muga a bhfuil Gaeilge air mar déarfaidh sé, “bhí mé in Éirinn, bhí mé i nGaillimh”, nó “bhí mé in Áth Luain” agus tá an teanga sin ansin. Nuair a cheannóidh tusa t-léine sa Fhrainc, tá tú ag iarraidh go mbeadh an Fhraincis air. Biachláir i nGaeilge anseo i nGaillimh, tá sé dolaidh iad a choinneáil uaidh na heachtrannaigh! - Is breá leo iad a chrochadh leo. Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach fíorthábhachtach.

Má bhíonn an teanga thimpeall ort, go feiceálach mar sin, go dtugann sé misneach don duine í a labhairt agus cuidíonn sé leis an duine nach bhfuil Gaeilge aige í a fhoghlaim. Tá an dá ghné ag baint leis.

SMM: Cén tuairim atá agat den dearcadh a mholann go gcaithfear comharthaíocht a ‘bhéarlú’, más é sin an focal ceart, comharthaíocht logainmneacha fiú amháin, le cuidiú leis na turasóirí?

BNC: Is mór ag Gaillimh le Gaeilge an mealladh. Meall iad. Cuidigh leo in chuile bhealach. Oibríonn sé níos fearr ná brú a chur orthu. An dá luath is a chuirfeas tú brú ar mhuintir na hÉireann a dhath a dhéanamh, ní dhéanfaidh siad é. Is cuma má bhíonn sé go maith dóibh, ní dhéanfaidh siad é. Ní dóigh liom gur cheart an teanga a mhilleadh amach is amach ach oiread – an saibhreas sin a chailleadh. Caithfear an teanga a éascú lena ‘dhíol’ le daoine, ach gan í a mhilleadh.

An Daingean

SMM: Ach an Daingean agus thart sa taobh sin, tá fógraí bóthair millte, sa Ghaeltacht féin

BNC: Ní dóigh liom gur cheart dóibh é sin a dhéanamh. Má tá tú sa Ghaeltacht, tá tú sa Ghaeltacht. Tá sé maslach ar bhealach má deir duine sa Ghaeltacht “ní thuigfidh siad é”. Maslach ar an té atá ag tabhairt cuairte ort. An rud is tábhachtaí faoi chomharthaí mar sin go mbíonn sé cruinn, feiceálach, agus go mbíonn sé mar a chéile ar an léarscáil agus ar an gcloch araon. Tá daoine ag dul chuig an nGaeltacht mar gheall gur Gaeltacht í; go bhfuil an teanga ansin. Má thosaímid ag déanamh díluachála ar sin, í a thanú, níl sé sin ceart, an tanú sin. Sa deireadh, níl tadaí agat ansin. Tá sé mar a chéile le dul anonn chuig an bhFrainc. Mura bhfuil tusa in ann an Champs-Elysees a fhuaimniú, an gcaithfear é a athrú? Má bhíonn tú cúpla lá thall, beidh tú in ann é a fhuaimniú.

Soiléire, cruinneas agus iad a bheith feiceálach. Caithfidh comharthaí a bheith ceart. Lochtaíonn daoine an teanga mura mbíonn an comhartha le feiceáil is le léamh i gceart. Ní hí an teanga a bhíonn cearr ach an comhartha, go minic. Sa gcathair, bíonn eastáit tithíochta taobh istigh d’eastáit tithíochta sa gcaoi go mbíonn sé deacair iad a aimsiú. Éiríonn daoine tuirseach, sáraithe den chuardach agus cuirfidh siad an milleán ar an teanga. Ní hí an teanga, ach an comhartha. Ní raibh sé le feiceáil! Ní raibh sé éasca a fháil. Is cuma cén teanga a raibh sé ann, cuirfidh sé as duit. Sin an fáth go gcaithfidh tú a bheith cúramach.

Ceathrú na gCloch

SMM: An dtéann tú abhaile go Ceathrú na gCloch go minic a Bhríd?

BNC: I rith an tsamhraidh, óó! [Gáire] Síos ansin, dhea, síos ag an Rinn Rua! An áit a bhfuil mo chroí; suí ar chloch, ag an’c amach ar an bhfarraige. Téim síos chomh minic agus a thig liom. Déarfadh an mhuintir sa mbaile nach dtéim síos sách minic. Tá mo chroí ansin, Ach tá mé an-…

SMM: ‘Meallta’ ag Gaillimh?

BNC: Tá. Tá mé, céard é an focal? Tá go leor tugtha ag Gaillimh dom. An rud is mó a thug sí dom, go raibh mé in ann oibriú anseo i mo theanga dhúchais. Níl mórán áiteacha a thig leat é sin a dhéanamh. Tá tú in aice na Gaeltachta. Tá tú mar a bheifeá ag baile ach go bhfuil an chathair ansin is go bhfuil rudaí níos mó ag tarlú. É sin ráite, is breá liom dul ar ais go Ceathrú na gCloch, ag an’c ar na daoine sin agus déarfaidh mé seo uaireanta. Téim síos go dtí an teampall, an áit a bhfuil mo chairde is mó anois agus tá sé sin brónach ar bhealach.

SMM: Tá oiread blianta caite agat i nGaillimh faoin am seo anois agus b’fhéidir nach dtiocfadh leat socrú isteach in áit chomh chiúin leis an mbaile anois, meas tú?

BNC: Bhíodh daoine ag rá lem’ athair, go ndéana Dia grásta air, “an bhfuil Brídín fós i nGaillimh?” - “Tá. Tiocfaidh sí amach as an áit sin i gcónra.” [Gáire] Sin an áit a bheas mé. B’fheidir go dtarlóidh sé i gceann blianta síos an bóthar. Feicim féin mé féin ag obair i gcónaí. Ní duine díomhaoineach mé. Feicim mé féin fiú, ag dul in aois ag obair. Má fhaighim an deis é sin a dhéanamh ag baile, amach anseo, déanfaidh mé é. Ní thig leat a rá nach ndéanfaidh tú rud éigin. Níl a fhios agat. Ag an tráth seo, tá mé sásta, ach má thagann an deis, ní bheadh a fhios agat.

Imirt an Ama

SMM: Caithfidh sé go bhfuil na hathruithe sa mbaile an-soiléir duitse thar dhuine ar bith eile. An saibhreas aisteach Gaeilge sin a tharraing scoláirí isteach an taobh tíre sin le casadh leis na sárchainteoirí, John hInnéirí agus Seán Ó Dochartaigh (Pumps) i gCill Ghallagáin, Johnny Burns, Stanton agus daoine nach iad, grásta ó Dhia orthu, caithfidh sé go dtuigeann tusa an cailleadh saibhris atá ag imeacht le gach glúin mar sin agus an gcuireann sé cumhaidh ort?

BNC: Cuireann. Tá sé tráthúil go raibh tú ag caint ar seo mar seachtain ó shin bhí mé ag breathnú ar an Youtube seo, ‘The Story of the English Language’. Bhí Youtube de Johnny h’Éirí ag caint agus Pat Lenny, agus bhí Johnny Burns ansin chomh maith. Chuir sé ag cuimhneamh mé agus chuir sé cumhaidh orm. Bhí mé ag fás aníos ansin. Tá mé ag an’c siar anois. Bhí an oiread saibhreas mórthimpeall orm nár thuig mé. Cheap mise go raibh chuile dhuine tógtha mar seo, ar bhealach, is go raibh tú i measc filí agus scoláirí dá leithéid agus bhí uathúlacht faoi leith ag baint leofa chomh maith. Agus bhí tú sábháilte ina gcomhluadar agus bhí tú ag foghlaim ina gcomhluadar agus sin rud eile nach bhfuil ar fáil anois! Níl éinne ag tógáil a n-áit’. Ní thig leat a rá, “ó, tá sé sin mar a bhíodh Johnny Burns nó Johnny hÉirí”, agus bhí ríogacht ag baint leofa chomh maith. Tá a fhios agam gur thuig mé, cinnte, go raibh mé i gcomhluadar maith, an t-am sin. Bhí meas i gcónaí agam ar an gcead a thug siad dom - bhí mise óg ag an am - a bheith ina gcomhluadar agus ceapaim go gcuidíonn sé sin leat mar dhuine óg, ag fás aníos. Daoine óga, má fhaigheann tú an deis agus má tá seantuismitheoirí agat nó uncal atá imithe in aois, caithidh am leo, mar cuidíonn sé leat mar dhuine. Airím é sin uaim. Ag an am céanna, nuair a théann tú síos chuig an pub sa mbaile agus suíonn tú i gcathaoir agus tá cuimhne agat gur shuígh Johnny Burns nó Peteen Barrett anseo, nó feiceann tú iad ina seasamh ag an gcuntar, agus tá atmaisféar ins an áit sin. Muna mbeadh duine ná deoraí ann, tá atmaisféar, tá boladh na ndaoine seo ann fós. Agus sin rud. Sin rud deas.

Forbairt an Cheantair

SMM: Chonaic daoine cuid d’áilleacht an cheantair sa scannán sin An Píopa agus rinneadh iarracht, áitiúil, leis an idirlíon daoine a mhealladh isteach ar saoire, ach ar cheart tuilleadh a dhéanamh ar bhonn contae nó go hidirnáisiúnta? – Dá ndéanfaí nascadh le ranna Gaeilge sna forais tríú leibhéal, nó le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge abair?

BNC: Ceapaim go bhfuil deiseanna iontacha ansin, forbairt a dhéanamh ar an méid a dúirt tú ansin. Tá a fhios agam nuair a bhreathnaigh mé ar an scannán Píopa ar dtús gur cheap mé gur fógra do Fáilte Ireland a bhí ann ar dtús, tá radharcanna chomh hálainn sin ann. Tá go leor deiseanna ann, acmhainní nádúrtha atá ansin go bhféadaí tógáil orthu, gan mórán airgid a chaitheamh orthu ach oiread, - an tionscal turasóireachta, an cultúr beo, agus b’fhéidir go dtabharfadh sé sin spreagadh do mhuintir na háite meas a bheith acu ar a dteanga agus ar an luach a bhaineann léi. Tuigeann muintir Chonamara é sin níos mó ná mar a thuigeann muintir Mhaigh Eo, sílim, mar go bhfuil níos mó bainte acusan as. Thapaigh siad an deis. Tharraing siad le chéile chomh maith. Bheadh an Acadamh Ollscolaíochta go maith don áit.

SMM: Nár cheart na bailte go léir a bhfuil an Ghaeilg acu, ó Chill Ghallagáin soir go Port a’ Chlóidh agus an Corrán Buí, a chur le chéile in éineacht lena macasamhail de bhailte istigh ar an Muirthid, thart ar an Eachléim?

BNC: Bíonn siad ag caint ar na clusters seo a bhunú. Má tharraingíonn siad le chéile, na coistí áitiúla atá ag feidhmniú ansin, agus iarratas amháin a dhéanamh, tá potaí óir ag Fáilte Ireland chun tacú le féilte áitiúla nó chun nithe cultúrtha a fhorbairt. Tá sé ag brath ar mhuintir na háite iad féin. Tá sé an-dolaidh gabháil ar ais agus a rá céard tá le déanamh, ach tá rudaí ann go bhféadfaí tógáil orthu cheana féin. Tá Treasa Ní Fhearraigh agus Vincent Mac Craith ag eagrú turas siúlóide ansin. An fhorbairt a bheadh le déanamh, chaithfí a dhéanamh go deas réidh agus le dea-thoil an cheantair.

Idir Dhá Chomhairle

SMM: An bhfuil tú leathdóchasach faoina bhfuil ag titim amach maidir leis an nGaeilg sa nGalltacht?

BNC: Braitheann sé ar cén lá atá tú ag caint liom! [Gáire] Mar a tharlaíonn sé, inniu, tá mé dóchasach. [Gáire] B’fhéidir nach mbeidh mé dóchasach amárach. [Gáire] Tá go leor ag tarlú agus tá go leor caillte againn, mar stát. Tá rud amháin fós againn. Tá go leor cainte a dhéanamh ar seo le blianta ó thaobh na Gaeilge de agus an luach a bhaineanns léi. Is cuma más maith leat í nó munar maith leat í, tá sí ann. Tá sí fós beo. Tá sí fós againn. Tá mé dóchasach mar go bhfuil an t-uafás dea-thola amuigh ansin, don teanga. Tá sí ann, i measc daoine, b’fhéidir, nach bhfuil sí ar a dtoil acu. Bímid ag plé leo go minic agus bíonn siad brónach mar gheall gur chaill siad an teanga agus an deis í a labhairt agus iad ag teacht aníos. Tá siad ag athnuachaint an tsuim atá acu inti trína ngasúir atá ag dul ar ghaelscoileanna. Tá mé dóchasach ag éisteacht le sin. Tá mé dóchasach faoi mhuintir na Gaillimhe nuair a shiúlaim thart agus nuair a fheicim an teanga thuas acu. Tá mé dóchasach le muintir na Gaeltachta, ag teacht isteach sa gcathair agus ag éisteacht leofa ag caint i nGaeilge. Tá na gnéithe eile, TG4, na comhlachtaí eile atá ag feidhmniú trí Ghaeilge agus Conradh na Gaeilge. Tá comhluadar láidir Gaeilge fós ann.

Rud amháin nach bhfuil le moladh. An duine a dhéanfas botún, ná ceartaigh é. Níl mé ag rá gur cheart scaoileadh le chuile bhotún. Tá bealach lena cheartú go deas díscréideach agus a rá, táimid anseo chun cuidiú leat an chéad uair eile. Má leanaimid ar aghaidh mar sin, beimid ceart go leor.

SMM: Ar cheart do bhailte eile eagras áitiúil ar nós Gael-Taca agus Gaillimh le Gaeilge a thosú agus ar chuimhnigh sibh leathnú amach go dtí bailte eile i nGaillimh ar nós Ghort Inse Guaire agus Bhéal Átha na Slua?

BNC: Obair Ghael-Taca, Ghaillimh le Gaeilge, Ghnó Mhaigh Eo, Cheatharlach le Gaeilge, ba cheart a leathnú amach. Níl aon fáth nach ndéanfaí an obair sin in aon bhaile eile. Ní gá dófa a dhéanamh díreach cosúil linne. B’fhéidir go n-oibreodh rud amháin i mBéal an Mhuirthead is nach n-oibreodh sé anseo agus an rud céanna droim ar ais. Tá an rialtas nua ceannaithe isteach sa Straitéis 20 Bliain mar a bhí an rialtas roimhe agus tá siad ag rá go bhfuil siad ag iarraidh sochaí dhátheangach a fhorbairt. An bealach is fearr chuige sin, ceapaim, ná bailte agus cathracha dátheangacha. Tosnaigh ansin. É a dhéanamh go deas réidh le plean agus le háiseanna. Níl aon fáth nach gcruthófaí sochaí dhátheangach as bailte dátheangacha amach anseo.

SMM: Go raibh míle maith agat a Bhríd agus fad saoil agat.

BNC: Go raibh míle maith agat féin a Sheosaimh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.