AR NA SAOLTA SEO
Briathra Míne an Uachtaráin
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

léamh ar leith ag Maidhc Ó Cathail ar chuairt Barack Obama ar sheanfhóda dúchais na beirte acu, thart ar Mhuine Gall.

Íomhá
Michelle ag tarraingt an phionta
le Pete Souza ar Vicipéid
Íomhá
Muine Gall
le Sarah777 ar Vicipéid
Íomhá
Dul chun cinn an daonlathais i Libia
le Bernd Brincken ar Vicipéid

Cibé locht is féidir a fháil ar Barack Obama, ní féidir a rá nach bhfuil bua na cainte aige. Le bheith fíreannach, ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadhb’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.

Ar an 19 Bealtaine, labhair an tUachtarán Obama ag Roinn an Stáit i dtaobh an Mheánoirthir. Cé go gcreideann go leor daoine gur tháinig na muirthéachtaí sa taobh sin domhain aniar aduaidh ar na Stáit Aontaithe, ba léir óna chuid cainte gur ócáid cheiliúrtha a bhí ann. Thug Obama le fios gur chuir SAM fáilte mhór roimh na hathruithe sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh le leathbhliain anuas. Anuas ar sin, dúirt sé go raibh sé mar phríomhthosaíocht ag a rialtas tacaíocht a thabhairt d’athchóiriú polaitíochta agus geilleagair ar fud an réigiúin.

Ó thaobh athchóiriú geilleagair de, chuir Obama an milleán ar “geilleagair iatamar gheall ar chuid mhaith de na fadhbanna atá ag na daoine sa réigiún. Dar leis an uachtarán, “The goal must be a model in which protectionism gives way to openness.” Bheadh Meiriceá ag cur comhtháthú geilleagair chun cinn idir na tíortha iad féin agus idir iad agus an geilleagar domhanda — ag tosnú leis an Túinéis agus an Eigipt.

Banc an Domhain agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

Dúirt Obama gur iarr sé ar an mBanc Domhanda agus ar an gCAI a mbeartas a chur i láthair maidir le geilleagair na Túinéise agus na hÉigipte a nuachóiriú. (Agus tá a fhios againn cén sórt comhairle a thabharfas an dream sin.) Tá na Stáit Aontaithe chun iasacht $1 billiún a ráthú ar son na hÉigipte, cé go bhfuil a theorainn fiachais féin sáraithe ag an ngeilleagar is mó ar domhan, agus Rúnaí Státchiste Timothy Geithner ag déanamh ruathair ar chistí pinsin leis an bhfiachas a mhaoiniú. Tá Comhdháil SAM chun cistí fiontair a bhunú ar nós na cistí a cuireadh ar fáil in Oirthear na hEorpa i ndiaidh titim Bhalla Bheirlín; agus beidh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha ag tacú le nuachóiriú geilleagair sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh mar a rinne siad san Eoraip. Beidh Meiriceá ag bunú Tionscnamh Comhpháirtíocht um Thrádáil agus Infheistíocht le hathchóiriú agus comhtháthú geilleagair le margaí SAM agus na hEorpa a chur chun cinn freisin. Ach in ionad fadhbanna an réigiúin a réiteach, tá a fhios go maith ag comhairleoirí Obama go gcruthóidh na hiarrachtaí seo uilig olagarcacht airgid sa Mheánoirthear mar a tharla in Oirthear na hEorpa, agus an gnáthduine a bheas thíos leis.

Muintir Shomheallta na hÉireann

Agus fadhbanna geilleagair na Túinéise agus na hÉigipte réitithe mar dhea aige, cúpla lá ina dhiaidh sin, thug an tUachtarán Obama aghaidh ar thír eile atá in umar na haimiléise ó thaobh cúrsaí geilleagair de. Ach sa chás seo, níorbh éigean don uachtarán comhairle na mbancéirí a iarraidh; tá an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta “ag cabhrú” leis an dtír seo cheana féin. Ní raibh le déanamh aige anseo ach a chur ina luí ar mhuintir shomheallta na hÉireann go raibh ár n-earrach féin fós le teacht. Agus nár éirigh thar cinn leis?

Nuair a bhínnse ag dul trí Mhuine Gall ar an mbus scoile ar mo bhealach ó Chloch Shiúrdáin go dtí na Bráithre Chríostaí in Aonach Urmhumhan na blianta ó shin, is beag a cheapas go mbeadh “ceannaire an domhain saoir” ag teacht lá éigin go dtí an sráidbhaile beag sin, áit dúchais a shin-sin-sin-seanathair. Ná go mbeadh sé agus a bhean chéile ag labhairt le hiníon deirféar liom, sé bliana d’aois, a bhfuil cónaí uirthi ansin, agus a rá léi gur ainm álainn í “Caoimhe” (agus an ceart aige — is mise a mhol an t-ainm dá máthair). Ní móide go dtabharfaidh Caoimhe — ná na mílte eile a chuir Barack Obama faoi dhraíocht lena bhriathra binne agus a mheangadh ceanúilmórán aird go deo ar an méid atá á scríobh ag a huncail faoi Uachtarán SAM agus an bhaint atá aige le lucht an airgid atá ag déanamh scrios ar an domhan lena chomhairle geilleagair a d’eascair as Ollscoil Chicago agus a chuid saineolaithe ar nós Milton Friedman.

Níos déanaí i bhFaiche an Choláiste, mheall Obama pobal Bhaile Átha Cliath chomh maith lena phlámás agus lena fhocail dhóchasacha faoin drochdhóigh atá ar chúrsaí in Éirinn i láthair na huaire: “Tá na laethanta is fearr os bhur gcomhair amach go fóill.” B’fhéidir gur féidir le hUachtarán SAM muinín a bheith aige as na briathra míne a chumann a scríbhneoirí scripte ardchumais dó. Ach, mar a dúirt an té a dúirt, ní féidir linn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.