CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Bréantas Fhearna

Loic an Eaglais Chaitliceach mar institiúid ar na páistí a bhí thíos leis an mhí-úsáid ghnéasach i nDeoise Fhearna ach ní hiad an chléir amháin a bhíonn ciontach as an choir seo.

Íomhá
An t-iareaspag Brendan Comiskey: rinne sé faillí ina chuid cúraimí
Íomhá
Eamonn Walsh: tá a chuid oibre le cúpla bliain anuas molta sa tuarascái
l
Íomhá
An tAthair Sean Fortune, nach maireann: duine de na sagairt atá luaite sa tuarascáil

Easpa feighlíochta, cinnireachta agus freagrachta. Sin an tátal is mó atá le baint as Tuarascáil an Bhreithimh Frank Murphy mar gheall ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí i nDeoise Fhearna. Is léir go raibh cultúr bréan sa deoise. Chuir breis is céad duine gearán faoi bhráid an fhiosrúcháin agus tá 26 sagart luaite sa tuarascáil. I bhfocail eile, tá líomhaintí maidir le hionsaithe gnéis curtha i leith an deichiú cuid de na sagairt a oirníodh sa deoise bheag tuaithe seo ón bhliain 1932 ar aghaidh. Díol trua iad na daoine a bhfuil a scéalta pearsanta le léamh sa tuarascáil. Is iomaí páiste a éigníodh nó a ndearnadh bugaireacht air agus ar scriosadh a shaol as éadan. Ba mhinic a baineadh úsáid as boscaí faoistine, altóirí agus áiteanna eile de chuid na hEaglaise leis na cleachtais uafásacha seo a chur i gcrích. Bhí stádas speisialta ag an chléir in Éirinn agus muinín iomlán ag daoine astu. Baineadh mí-úsáid as an stádas seo agus tháinig siad i dtír ní hamháin ar shoineantacht na ndaoine óga a d’ionsaigh siad ach ar shoineantacht an náisiúin frí chéile. Rinne siad íospairt ar a dtréad. Is measa i bhfad na heaspaig a rinne iarracht an scéal a cheilt agus a chur faoi chois. Bhí na hiareaspaig Herlihy agus Comiskey go hiomlán neamartach ina gcúram. Cuireadh sagairt bhradacha anonn go paróistí i Sasana agus níor tugadh aon eolas do na húdaráis thall fúthu. Ligeadh do shagairt eile pilleadh ar a bpostanna agus dul i bhfeighil leanaí arís tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i bPurgadóir. Anuas air sin, oirníodh beirt sagart ar a laghad cé gur comhairlíodh don Easpag Herlihy go raibh siad mífhóirsteanach don chléir. Ba thábhachtaí i bhfad cumhacht na hEaglaise a chothú, is léir, ná gníomhartha coiriúlachta a thuairisciú. Tugadh neamhaird ar achainíocha na n-íospartach agus caitheadh go suarach leo. Ainneoin go bhfuil obair an Dr Eamonn Walsh le dhá bhliain anuas molta sa tuarascáil, glacfaidh sé meall mór ama an éagóir a chur ina cheart. Is mó brí anois ná riamh atá le focail an fhealsaimh Edmund Burke: “In order for evil to prevail it only takes that good men do nothing”. Beidh ceisteanna níos leithne le fiosrú ag an Eaglais sna blianta beaga amach romhainn. Fiafraíodh sa tuarascáil, mar shampla, an raibh aon bhaint ag aontumhacht na cléire leis an fhadhb. Seans nach mbeidh an dara suí sa bhuaile ag an Vatacáin ach géilleadh ar an cheist seo agus ar oirniú na mban, mar nach léir go dtiocfaidh aon bhorradh faoi líon na n-ábhar sagairt amach anseo. Tá an Eaglais cloíte sa tír seo le tamall de bhlianta anuas agus is í Tuarascáil Fhearna buille na tubaiste. Ach ná cuirimis dallamullóg orainn féin: ní san Eaglais amháin a tharlaíonn mí-úsaid ghnéasach. Cé nach maith linn é a admháil, is sa teaghlach is mó a tharlaíonn sí. B’fhéidir anois go bhfuil sé in am ag pobal na hÉireann leas a bhaint as an iniúchadh náisiúnta atá fógartha ag an rialtas le gnéithe níos leithne den scéal a fhiosrú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.