AGALLAMH BEO
Breandán de Gallaí
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Breandán agus an príomhdhamhsóir mná, Joanne Doyle

Sé bliana ó shin bhí Breandán de Gallaí ag obair mar mhúinteoir neamhcháilithe i meánscoil i mBaile Átha Cliath, anois tá cáil idirnáisiúnta air mar dhamhsóir leis an chompántas Riverdance. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol ar an stáitse.

Is minic a chloisfeá daoine i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill, ceantar dúchais an damhsóra Breandán de Gallaí, ag rá gur duine é nach bhfuil éirí in airde dá laghad ag baint leis. Tá sé ag damhsa go lánaimseartha le Riverdance ó bhí Fómhar na bliana 1996 ann agus tá clú idirnáisiúnta bainte amach aige, ach deir siad siúd a bhfuil aithne acu air gur beag athrú atá tagtha air mar dhuine.

Is cinnte go bhfuil athrú mór tagtha ar a shaol ó bhí sé páirteach sa chéad léiriú poiblí de Riverdance, le linn an tsosa sa Eurovision in Earrach na bliana 1994. Ag an am sin, bhí sé ag obair mar mhúinteoir i gColáiste de hÍde i dTamhlacht mBaile Átha Cliath agus lean sé air i mbun na hoibre sin agus ag damhsa go páirtaimseartha ar feadh breis agus bliain. Bhí sé dian go maith an dá thrá a fhreastal. I mí Feabhra 1995, mar shampla, nuair a cuireadh an seó le chéile den chéad uair, bhí Breandán ag teagasc i rith an lae agus ag rince san oíche in Amharclann an Point.

Ba trí thaisme a chuaigh sé leis an mhúinteoireacht. Bhain sé céim amach san Fhisic Fheidhmeach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag tús na nóchaidí agus táirgíodh post mar mhúinteoir ionadaíochta dó i gColáiste de hÍde i ndiaidh dó samhradh a chaitheamh ag múineadh Gaeilge i gcoláiste samhraidh le príomhoide na scoile sin ar Inis Oírr. Ní raibh sé cáilithe mar mhúinteoir ná ní raibh aon taithí aige ar a bheith ag múineadh i meánscoil, ach de bharr gur scoil de chuid Choiste Gairmoideachais Bhaile Átha Cliath a bhí i gceist, ní raibh le déanamh aige ach scrúdú an cheardteastais a dhéanamh le bheith i dteideal dul i mbun an teagaisc.

Ranganna damhsa

Tá Breandán ag damhsa ó bhí sé ocht mbliana d’aois. Chuir a mháthair é féin agus a dheirfiúr óg Sinéad chuig ranganna áitiúla damhsa ag an am sin agus bhain sé go leor comórtas sna blianta ina dhiaidh sin, ina measc Craobh Uladh nuair a bhí sé bliana déag.

“Bhí sé iontach deacair mar ghasúr a bheith ag damhsa. Bhí tú i do sissy. Ach i ndiaidh tamaill ba chuma leat cad é a déarfadh daoine nach raibh tú mór leo ar scor ar bith.”

Tá moladh mór aige do na múinteoirí a bhí aige nuair a bhí sé sa mheánscoil i bPobalscoil Chloich Cheann Fhaola ar an Fhál Carrach. Deir sé go raibh caighdeán na múinteoireachta go hiontach, go háirithe san Eolaíocht agus sa Mhatamaitic, agus gur tugadh deis dó féin agus do dhaltaí eile a bheith páirteach i Slógadh, i ndrámaíocht agus i scoraíocht.

I 1986, bliain roimh an Ardteist, chaith Breandán an samhradh ag obair lena athair i Chicago agus fuair sé deis triail a dhéanamh i scoil cháiliúil damhsa Gus Giordano sa chathair sin. D’éirigh leis scoláireacht a fháil ón scoil, rud a thug deis dó bliain a chaitheamh ansin i ndiaidh dó an Ardteist a bhaint amach. Ní raibh air íoc as an oiliúint a fuair sé sa scoil ach b’éigean dó a bheith ag obair chun na costais mhaireachtála a ghlanadh.

Bhí béim i Scoil Giordano ar an damhsa jazz ach bhí Breandan níos tógtha le bailé agus le damhsa nua-aimseartha. Spreag an taithí a fuair sé ar an dá chineál sin damhsa é le bheith ag léimneach níos airde agus é ag déanamh na rincí Gaelacha agus thosaigh sé ag forbairt a stíle féin agus a chuid céimeanna féin i rith na tréimhse seo chomh maith.

“Ní raibh mé faoi stiúir múinteora agus bhí mé ag déanamh rudaí gan dóigh! Bhí dúil agam sa tsaoirse sin.”

Bhí deacrachtaí aige nuair a d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i 1988 mar nach raibh ranganna damhsa comhaimseartha le fáil a bhí ar an chaighdeán céanna leis na cinn i Chicago. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna sa rince Gaelach arís, áfach, i Scoil Rince Uí Shé i mBaile Bhláinséir agus lean sé air ag dul chuig ranganna ansin ar feadh na ceithre bliana a chaitheamh sé san ollscoil.

“Thug Scoil Uí Shé deis domh teacht ar ais go dtí an struchtúr ceart. Cé go raibh mé páirteach i gCraobh an Domhain go dtí go raibh mé ocht mbliana déag, ní raibh mé riamh sa chéad deichniúr. I ndiaidh dul go Scoil Uí Shé, fuair mé an tríú háit i gCraobh an Domhain, ansin an dara háit agus ansin bhain mé Craobh na hÉireann.”

Tar éis dó an ollscoil a fhágáil, thosaigh sé féin agus roinnt cairde dá chuid ag damhsa leis an chór Alúna agus ag taisteal chuig féilte Ceilteacha in áiteanna mar Ghlaschú agus Barcelona. Bhí siad páirteach i seó faisin chomh maith agus rinne siad damhsa Gaelach, fiú, leis an amhrán “Uptown Girl” le Billy Joel!

Riverdance

Nuair a cuireadh tús le Riverdance i mí Feabhra 1996, ba é Michael Flatley an príomhdhamhsóir agus bhí sé ag saothrú $75,000 sa tseachtain. D’éirigh idir Flatley agus léiritheoirí an tseó, áfach, agus bhailigh sé leis go tobann, rud a d’fhág cúrsaí ina gcíor thuathail.

Bhí Breandán ar dhuine de na tánaistí a bhí ag Flatley ach ní raibh a chuid damhsaí ar eolas aigesean ná ag aon duine eile de na tánaistí de bharr, dar le Breandán, nár theastaigh ó Flatley go rachadh an seó ar aghaidh gan é.

“’Reel around the sun’ an t-ainm atá ar an chéad phíosa a bhí aigesean agus atá agamsa anois ach ní fhaca mise riamh é. Níor fhoghlaim mé riamh é agus ní raibh sé ag iarraidh go bhfoghlaimeodh.

Bhí panic millteanach ann nuair a d’fhág Flatley. Thug siad cúpla páirt bheag do roinnt de na gasúirí a bhí mar thánaistí aige agus fuair muid fríd an chéad seachtain. Bhí siad ag cur isteach píosaí úra an t-am ar fad nach raibh ann roimhe sin agus bhí achan rud bun os cionn. Bhí an t-ord ag athrú achan oíche fosta. Ach bhí am ar dóigh againn, bhí sé iontach exciting. Níor chuir an brú isteach ná amach orm.”

Tugadh isteach Colin Dunne as Birmingham in áit Flatley agus bhí Breandán mar thánaiste aigesean ar feadh tréimhse. Ansin i 1997 chinn léiritheoirí Riverdance ar thrí chompántas a chur ar an bhóthar ag an am céanna - dhá cheann i Meiriceá Thuaidh agus ceann eile a bheadh san Eoraip den chuid is mó - agus cheap siad Breandán mar phríomhdhamhsóir ar an seó san Eoraip.

Caitheann an compántas a bhfuil Breandán ann an chuid is mó den am sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Bhreatain agus sna tíortha Lochlannacha ach bhí siad san Astráil, sa Nua-Shéalainn, sa tSeapáin agus i mBeijing chomh maith.

Taitníonn sé go mór leis dul chun na Gearmáine. Díoltar na ticéid don seó i bhfad roimh ré sa tír sin, déantar é a phoibliú go héifeachtach agus bíonn gach rud eagraithe go maith. Ní hionann an cás i dtíortha eile - san Iodáil agus sa Spáinn, cuir i gcás.

“Bhí muid i Madrid agus i mBarcelona i mbliana. Bhí sé galánta ach ní raibh an bholscaireacht cheart déanta acu. Cowboys atá sna háiteacha sin. Cuirfidh siad suas cúpla póstaer go díreach, ach sa Ghearmáin bíonn achan rud chomh heagraithe.” Deir sé go bhfuil poiblíocht mhaith riachtanach, mar go gcaithfidh ar a laghad 1,500 duine a bheith i láthair ag seó leis na costais go léir a ghlanadh.

Measann sé go bhfuil feabhas mór tagtha ar Riverdance ó bhí na blianta tosaigh ann agus go n-oibríonn sé i bhfad níos fearr anois. Nuair a léiríodh an seó i dtús ama, bhí go leor rudaí nach raibh i gceart, dar leis - bhí an iomaraca den cheol gospel ann, mar shampla. Níl fágtha ach amhrán amháin gospel anois ach deir sé go bhfuil sé “tinn ag éisteacht leis” faoin am seo. Taitníonn an chuid den seó ar a dtugtar “Trading taps” go mór leis mar go mbíonn saoirse aige féin, an bheirt eile damhsóirí Gaelacha agus an triúr damhsóirí dubha as Meiriceá é a athrú ó oíche go hoíche. Is maith leis an flamenco go mór chomh maith.

Deir sé go dtéann Riverdance i bhfeidhm ar dhaoine i dtíortha eile mar go bhfeiceann siad gur iarracht atá ann gnéithe den chultúr Gaelach a chaomhnú, gnéithe atá caillte nó á gcailleadh acu féin.

Saol dian

Tá an saol ar an bhóthar dian go maith, dar leis. Bíonn sé ar an stáitse sé lá sa tseachtain agus uaireanta caitheann sé sí mhí ag obair gan sos. Caitheann an compántas an Luan ag taisteal de ghnáth, rud a fhágann go mbíonn deis acu dul amach oíche Dhomhnaigh ar an drabhlás. Bíonn fonn ar Bhreandán dul amach oícheanta eile ach ní féidir leis de bharr gur príomhdhamhsóir é.

“Bíonn tú i gcónaí ag iarraidh buidéal fíona a ól nó cúpla pionta nó dul fá choinne béile. Ithimse thart fán ceathair a chlog agus bím stiúgtha faoin am a fhágaim an amharclann ar a haon déag. Deir tú leat féin rud inteacht folláin a ithe (sailéad, mar shampla) ach an chéad rud eile bíonn tú ag ithe rud inteacht iontach saibhir, cuid mhór cáise agus fíon, agus bíonn drochbhrionglóidí agat. Bíonn tú i gcónaí in óstáin dhifriúla agus bíonn drochbhrionglóidí agam corruair agus bím ag siúl thart i mo chodladh. Ach níl mé chomh holc is a bhí mé.”

Caitheann sé go leor ama leis féin ina sheomra chomh maith ag féachaint ar chláracha teilifíse mar “Sex in the City” agus “Friends” ar DVD.

Tá breis is caoga damhsóir i gcompántas Bhreandáin agus 105 ar fad nuair a chuirtear amhránaithe, ceoltóirí agus an criú san áireamh. Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí. Ní hionann cúrsaí i gcás na mban sa chompántas, a deir sé. Tá seisear tánaistí ag Joanne Doyle, an príomhdhamhsóir mná, rud atá iomarcach, dar leis, de bharr nach bhfuil oiread damhsa le déanamh aicise is atá ag an phríomhdhamhsóir fir. Deir sé go mbíonn deacrachtaí i measc na mban an t-am ar fad.

“Bíonn cuid mhór teannais agus iomaíochta ann. Níl dúil agamsa ansin agus níl mé ag iarraidh a bheith páirteach ann. Bíonn anailís ag dul ar aghaidh i gcónaí. ‘Tá murnáin ramhra uirthise, níl a fhios agam cad chuige a bhfuil sise sa ról sin.’ ‘Bhain mise Craobh an Domhain, níl a fhios agam cad chuige nach bhfuil mise á dhéanamh.’ Bitch bheag atá ionat, sin an tuige. Níl pearsantacht agat. Cad é fá na rudaí sin?

“Bíonn i gcónaí grúpaí beaga ann fosta. Tá an triúr acu sin cairdiúil le chéile agus níl cead ag duine ar bith eile a bheith cairdiúil leo. Ní gnó deas atá ann ach tá muid ar fad cairdiúil le chéile mar sin féin. Bíonn bricfeasta againn le chéile, bíonn lón againn le chéile, téann muid amach le chéile san oíche.”

Abair seo linn...

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Lord of the Rings

Cén ceol is fearr leat?

Snagcheol, go speisialta Billie Holiday agus Mary Coughlan ag canadh a cuid amhrán.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Manhattan le Woody Allen.

Cá dtéann tú ar saoire?

Caithim cuid mhór ama i mBaile Átha Cliath, i nGaoth Dobhair agus i nGaillimh.

Cad é an méid ama a chaith tú thar lear anuraidh?

Idir 40-45 seachtain.

Cén bhialann is fearr leat?

The Ivy i Londain.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Mo theaghlach, mo chuid tuismitheoirí. Mo dheirfiúr bheag: tá sí iontach cumasach agus ionraic mar dhuine.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Na Fred Astaires agus na Gene Kellys.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Cúngaigeantacht, easpa liobrálachais.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

38 uair ag damhsa agus agallaimh leis na meáin lena chois sin.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Daoine nach mbíonn in am - tá mé iontach poncúil. Nuair nach dtig le daoine rudaí a rá díreach amach.

Cúrsaí airgid

Tá Breandán ag gnóthú i bhfad níos lú airgid ná an $75,000 sa tseachtain a shaothraigh Flatley le linn a thréimhse le Riverdance. Measann sé go bhfuil níos mó tuillte aige féin agus ag na damhsóirí eile ná mar atá á fháil acu agus cuireann sé isteach air gur gearradh siar go mór ar na perks (mar a thugann sé orthu) a bhí acu sna blianta tosaigh den seó, in ainneoin go bhfuil na sluaite ag tarraingt air go fóill.

Tá roinnt mhaith airgid saothraithe aige mar sin féin agus é infheistithe aige i dtithe agus i dtalamh in Éirinn agus i Londain, a cheannaigh sé roinnt blianta sular ardaigh na praghsanna go mór.

Tá sé i gceist aige fanacht le Riverdance sa ghearrthréimhse. Beidh sé ag caitheamh sé mhí ag obair anois i mBéal Feirste, i nDún Éideann agus i Sasana agus tá sé ag súil go mór leis an turas chun na hAstráile an bhliain seo chugainn. Tá sé ag forbairt seó dá chuid féin faoi láthair, bunaithe ar scéal cineál dorcha faoina cheantar dúchais. Beidh an seó seo éagsúil go maith ó Riverdance, a deir sé, agus beidh cineálacha éagsúla damhsa ann - flamenco, damhsa clasaiceach agus damhsa as oirthear na hEorpa ina measc.

íobairtí áirithe déanta aige ina shaol ó chuaigh sé i mbun oibre le Riverdance ach tá sé sásta go bhfuair sé an deis a bheith páirteach ann, mar sin féin.

“Níl struchtúr ar bith i mo shaol. Níl lá ar bith cosúil leis an lá a tháinig roimhe. Ach tháinig forbairt níos mó ar mo shaol pearsanta cionn is go ndearna mé seo. Bhí mé ag gabháil amach le duine inteacht ar feadh seacht mbliana ach tá mé sásta go bhfuil sise pósta i bPáras agus nach bhfuil mise pósta uirthi. Tá caidreamh i bhfad níos fearr againn anois. Shíl mise gur íobairt a bhí ansin ach níorbh ea. Níl mé ag feiceáil go leor de mo chairde agus de mo theaghlach ach ní bheinn sásta muna ndearna mé an rud atá déanta agam.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.