AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bratach Náisiúnta Chonspóideach na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

beag an líon Astrálach atá míshásta le Jeaic an Aonaigh in uachtar cúinne a mbrataí. fios an scéil ag Bearnaí Ó Doibhlin sa domhan theas.

Íomhá
Bratach na hAstráile le Ian Fieggen
Vicipéid
Íomhá
Muintir Gweagal le Andrew Garran 1886
Vicipéid
Íomhá
An Charlotte1787 le Frank Allen
ANMM ar Vicipéid
Íomhá
An Príomh-Aire Julia Gillard
le hAdam Carr, Vicipéid
Íomhá
Cuan Sydney ar na hAstráile
le Phil Whitehouse ar Flickr

Is gné neamhghnáth de shochaí na hAstile é go n-ainmnítear duine go hoifigiúil gach bliain mar Astrálach na Bliana. Fógraíonn an Príomh-Aire ainm an duine a thabhaíonn an dámhachtain seo mar bhuaicphointe an chomóraidh ar son na hAstráile, an náisiúnta a cheiliúrtar ar 26 Eanáir. Roghnaíodh an dáta seo don náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus ar 26 Eanáir 1788, nuair a bhuail an Chéad Loingeas, mar a thugtar air abhus, cloch is cuan i Sydney.

Ainmníodh Astrálach na Bliana don chéad uair tuairim is caoga bliain ó shinle haitheantas cuí a thabhairt do shaoránach Astrálach mór le , a raibh saothar mór déanta aige/aici i saíocht, i ngeilleagar, sna heolaíochtaí sa sruithléann”, de réir na slat tomhais a cuireadh i bhfeidhm ag an am sin. Creideadh go forleathan san Astráil sa tréimhse sin go raibh fíorthábhachtach go raibh aitheantas idirnáisiúnta ag buaiteoir na dámhachtana - ba chirte dom faighteoir na dámhachtana a , mar comórtas é.

Ceapadh daoine mar Astrálaigh na Bliana i dtús báire a bhí iomráiteach thar toinn, bhrí sin. Measadh gur thóg siadsanan gradam is airde san Astráil”. Cháin tráchtairí áirithe an dámhachtain go géar mar gheall ar an mbéim a cuireadh ar aitheantas idirnáisiúnta sna slata tomhais. Thug siadcultural cringe’, cúbadh cultúir, ar an dearcadh seo, a bhí agus atá fós le sonrú i sochaithe iarchoilíneachta. Ciallaíonn an friotal maslach seo go mbíonn cineál féinmheas ísleachta ag muintir iarchoilíneachta i dtaca lena saíocht féin, le hais saíocht a máthairthíre ach go háirithe. (Is dóigh liom go raibh a leithéid le sonrú i mBéal Feirste agus mise ag fás aníos ann sna caogaidí agus seascaidí, ach sin sal do éigin eile.)

Bíonn gach Tosú Conspóideach

Bhí conspóid bainteach leis an dámhachtain ón chéad riamh, mar a léirigh an scéal thuas, agus bhí cúrsaí amhlaidh leis i mbliana, mar a mhíneoidh thíos.

Bunaíodh an National Australia Day Council (NADC) sa bhliain 1979, leis na himeachtaí éagsúla atá mar chuid den cheiliúradh ar an náisiúnta a chomhordú. Chuir an Chomhairle próiseas maorlathach nua ar bhonn náisiúnta i bhfeidhm le hAstrálach na Bliana a cheapadh agus fochoistí de chuid NADC sna stát agus in dhá chríoch na tíre anois. Is ardurraim ag duine a bheith ainmnithe mar Astrálach na Bliana, agus bíonn an deis ag na daoine a thabhaíonn an teideal dul i mbun stocaireachta ar son aon chúis arbh áil leo le linn a mbliana sa spotsolas.

D’fhógair an Príomh-Aire, Julia Gillard, ar 26 Eanáir go raibh Simon McKeon ceaptha mar Astrálach na Bliana i mbliana. Is fiontraí sóisialta é McKeon, a bhí ina phríomhfheidhmeannach ar cheann de na bainc infheistíochta is sa tír tráth. a chion féin déanta aige in imeacht na mblianta ar son eagraíochtaí carthanacha abhus agus thar lear, ag cuidiú leo riarachán feidhmiúil a chur ar bun lena seirbhísí a fheabhsú. D’éirigh leis comhlachtaí móra Astrálacha go leor a spreagadh chun páirt a ghlacadh i bhforbairt na dtíortha sa tríú domhan freisin.

Fear Cúise

ardmheas ag muintir na hAstráile ar dhaoine daonnachtúla, dála McKeon, agus raibh éinne ag súil le haon chonspóid, bhrí sin, nuair a fógraíodh a cheapachán ag searmanas mór in Canberra, an phríomhchathair. Tháinig aniar aduaidh orainn, ámh, nuair a bhí McKeon bainteach le feachtas gan choinne ar an náisiúnta chun an bhratach náisiúnta a athrú, ceist a thagann chun cinn go rialta abhus.

eagraíocht san Astráil darb ainm Ausflag, a bunaíodh tríocha bliain ó shin le tacaíocht a chothú i measc mhuintir na hAstráile bratach nua a roghnú don tír. D’eisigh siad ráiteas ar an náisiúnta ag impí ar pharlaimint na hAstráile to commence the process to design a truly Australian national flag. Cuireadh go mór le tionchar an ráitis nuair a shínigh dáréag é, dáréag duine a bhí ar a seal ina nAstrálach na Bliana, in amanna cheana. Bhí an fear a thabhaigh an teideal anuraidh, an tOllamh Patrick McGorry, i measc na sínitheoirí.

Bhí McGorry, arbh as Baile Átha Cliath , i láthair ag an searmanas ar an náisiúnta d’fhonn tréaslú lena chomarba, agus bhí an méid seo le aige ina dhiaidh nuair a cuireadh ceist air faoi ráiteas Ausflag:

It’s time Australia grew up. Right now, it’s a bit like a slowly maturing Generation Y adolescent, a 27-year-old who just won’t leave home. The current design [den bhratach náisiúnta] is a source of confusion overseas and considerable embarrassment at home.

Chuir na meáin agallaimh ar McKeon tar éis an tsearmanais agus dhearbhaigh seisean arís is arís eile go bhfuil i bhfách leis an bhratach a athrú. Mhaígh freisin go bhfuil dosheachanta go mbeidh an Astráil ina poblacht luath mallbíonn ceist na brataí agus ceist na poblachta fite fuaite ina chéile i dtólamh.

Míshásamh le Meirge

daoine áirithe ag dearbhú a míshástachta le bratach na tíre beagnach ón gcéad ar fógraíodh é mar bhratach na hAstráile, i gcomharbacht ar bhratach na Breataine, sa bhliain 1954. Táthar míshásta mar go bhfuil bratach thíre eilebratach na máthairthíre - mar chuid de. hamháin go bhfuil bratach iasachtach ar ár mbratach, ach pointe na honóra ar an mbratach aige chomh maith de réir lucht na brateolaíochta. Is é sin, sa chúinne uachtar le taobh an chrainn. oidhreacht Bhriotanach láidir san Astráil gan amhras, ach is tír ilchultúrtha í anois agus bhí an mhuintir dhúchais anseo le daichead míle bliain sular tháinig an Chéad Loingeas i dtír.

Dhiúltaigh an Príomh-Aire glacadh le moladh Ausflag an dár gcionn, go bhfuil dúnghaois ag a páirtí poblacht a chur i bhfeidhm. Is ríogaí coimeádach é Tony Abbott, ceannaire an fhreasúra, agus níorbh aon ionadh é nuair a chuir in iúl go neamhbhalbh go bhfuil glan in aghaidh athraithe. Neosfaidh an aimsir más tús é seo le feachtas nua an bhratach a athrú , mar a shílim féin, nach bhfuil ann ach rith searraigh.

Is léir gur chothaigh an dámhachtain Astrálach na Bliana díospóireachtaí i dtaca lenár bhféiníomhá thar na blianta, uaireanta díospóireachtaí imreasacha. Is tír óg í an Astráil atá ag athrú go rialta agus go suntasach le himeacht na mblianta. Is dóigh liom go mbeadh oiriúnach mbeadh bratach náisiúnta againn a thabharfadh aitheantas cuí don éagsúlacht a bhaineann leis an tsochaí reatha, seachas pointe na honóra a thabhairt don tír a bhí ina coilíneacht abhus corradh is céad bliain ó shin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.