AR NA SAOLTA SEO
Braistintí bréagacha na bProtastúnach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá go leor de Phrotastúnaigh na Sé Chontae den tuairim go bhfuiltear ag caitheamh níos fearr leis an phobal Caitliceach ná mar atá lena bpobal féin, ach mar a mhíníonn Robert McMillen, léiríonn an taighde nach bhfuil bunús ar bith leis an tuairim seo.

Íomhá
An t-amhránaí Christy Moore
Íomhá
An Feisire Jeffrey Donaldson
Íomhá
An tOirmhinneach Alan Harper
Íomhá
Banna Oráisteach ar Bhóthar na Carraige Báine an bhliain seo caite

Is cuimhin liom bheith ag caint le Christy Moore lá amháin. Bhí Christy i ndiaidh teacht slán ón chliseadh néarógach a bhuail é blianta ó shin.

Labhair sé ar an easpa muiníne a bhí aige as féin, an dóigh ar shíl sé é féin bheith gan fiúntas.

Cad é mar a thig leis sin bheith amhlaidh?” a d’fhiafraigh mé dó. “Nach mbíonn na slóite síoraí do d’adhradh gach oíche agus tú ar an ardán. Nach bhfuil do chuid amhrán greanta in aigne agus i gcroí na tíre?”

“Tá sin uilig maith go leor,” arsa Christy, “ach caithfidh tú grá a bheith agat duit féin. Caithfidh sé bheith taobh istigh díot, caithfidh sé a theacht ó do chroí féin.”

Smaoinigh mé ar Christy agus mé ag léamh fá chomhdháil a reáchtáladh i dtoghcheantar Jeffrey Donaldson i Lios na gCearrbhach, an mhí seo caite.

Labhair Feisire an DUP, chomh maith le polaiteoirí eile, eaglaisigh, lucht acadúil agus go leor eile agus an t-aon teachtaireacht amháin á craobhscaoileadh acu. Dúirt an tOirmhinneach Alan Harper, Easpag de chuid Eaglais na hÉireann, mar shampla, go mothaíonn daoine i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach go bhfuil siad go mór faoi mhíbhuntáiste, coimhthithe agus scoite ón phróiseas polaitiúil.

“It is the perception that government pays more attention to some political parties and significantly less to others. There is anger and that anger may be growing,” ar sé.

Is minic an focal sin “perceptionluaite i ráitis ó aontachtaithe agus ó dhílseoirí, agus ar an drochuair, ó lucht na n-eaglaisí Protastúnacha, ach cé tá ag cothú na mbraistintí seo?

Má tá muinín ag daoine ionat, agus i bhfianaise an olltoghcháin dheireanaigh tá muinín ag an phobal aontachtach sa DUP, má deir tú le daoine go bhfuil siad beagmhaitheasach creidfidh siad tú, beag beann ar an fhianaise.

Má deir tú leo go bhfuil an locht ar gach dream eile seachas orthu féin, creidfidh siad é agus sin an soiscéal atá á chraobhscaoileadh d’aontachtaithe na Sé Chontae ó tháinig ann don stat ag tús na 1920í.

Bhí sciar maith d’fhéiníomhá na bProtastúnach bunaithe riamh anall ar an chodarsnacht idir iad agus a gcomharsana Caitliceacha agus tá sé fíor inniu – tá drochdhóigh ar cheantracha Protastúnacha mar gheall ar “concessions to republicans.

An taighde

In áit “braistintí” a chur chun tosaigh, cén fáth nach ndeánann an tOirmhinneach Harper taighde ar an scéal le fáil amach an bhfuil sé amhlaidh.

Ar léigh sé alt a bhí san iris Scope, iris de chuid an Northern Ireland Council for Voluntary Action, scátheagras na n-eagraíochtaí deonacha agus pobail i dTuaisceart Éireann.

Scríobh eagarthóir Scope, Paul McGill, go raibh cuid mhór díothachta i gceantracha Protastúnacha ó thuaidh.

Bhí ceantar amháin ar Bhóthar na Seanchille sa dara háit i liosta na 890 SOA (super output areas, aonaid úra gheografacha a cumadh le staitisticí níos beaichte a bhailiú). Ach deir McGill, “Overall, disadvantage is more severe among Catholics than among Protestants.” Bhí Bóthar na Carraige Báine sa chéad áit i measc na SOA.

Maítear nach bhfuil córas ceart i bhfeidhm i gceantracha Protastúnacha le hairgead a fháil ón Eoraip, ach de réir Scope, chuir grúpaí Protastúnacha 31 iarratas ar mhaoiniú d’infrastruchtúr pobail isteach i gcomparáid le 30 ceann ó ghrúpaí Caitliceacha. D’éirigh le 61% de na hiarratais Phrotastúnacha agus le 50% de na hiarratais Chaitliceacha. Chuaigh 57% den airgead chuig ceantracha Protastúnacha agus 43% chuig ceantracha Caitliceacha.

De réir tuarascála ón Special European Union Programmes Body a tháinig amach ní ba luaithe i mbliana, tugadh le fios go raibh 72% de Chaitlicigh ina gcónaí sna 500 ceantar is mó díothachta ó thuaidh.

Ach tá polaiteoirí aontachtacha ag caint mar a bheadh ór ar shráideanna Caitliceacha.

Mar a deir McGill, tá na ceantracha bochta Caitliceacha a bhí ann ag tús na dTrioblóidí ann go fóill.

In áit díriú ar “an taobh eile”, molann an NICVA gur cheart béim a dhíriú ar straitéisí frithbhochtaineachta an rialtais, ar an dífhostaíocht, sochair níos airde, pá íosta náisiúnta, cúram leanaí níos fearr, dul i ngleic leis an éagothroime sa chóras sláinte, agus áiseanna cuí, le muinín an phobail a chothú.

Ag an chomhdháil, dúirt Jeffrey Donaldson rud a bhí go hiomlán fíor.

Ba cheart don phobal Protastúnach bheith “confident of who they are, confident of where they want to go and how they will get there”.

Ach ní bhainfidh siad sin amach mura dtugann Jeffrey agus polaiteoirí aontachtacha a n-aghaidh ar réiteach na faidhbe agus chan ar *bete noire *an náisiúnachais, máthair gach oilc, dar leo.

Chothódh sé spiorad breá i measc aicmí áirithe mórshiúlta Oráisteacha a ligint fríd ceantracha nach bhfuil fáilte rompu ach ní dhéanfadh sin maith ar bith don phobal Protastúnach. Caithfidh siad díriú ar a leas féin i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach.

Cén fáth nach ndéanann siad ionsaí fíochmhar ar na mangairí drugaí atá á stiúrú ag paraimíleataigh dílseacha agus atá ag scrios glúin eile de Phrotastúnaigh óga?

Mar a dúirt Christy, caithfidh an réiteach a theacht ón taobh istigh sula dtig leat bogadh chun tosaigh.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.