CÚINNE NA nEALAÍON
Bradaíl curtha i leith Hirst arís
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

bradaíl curtha i leith Damien Hirst, an t-ealaíontóir Sasanach, agus ní seo an chéad uair dá leithéid tarlú, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Saothar Hirst, Valium (ar chlé), agus True Daisy le Robert Dixon in aice leis
Íomhá
Damien Hirst: cuireadh bradaíl ina leith cheana
Íomhá
An falsitheoir mór le rá Elmyr de Hory

Cuireadh i leith an ealaíontóra Damien Hirst le gairid gur tháinig an bunsmaoineamh don tsraith priontaí dá chuid darb ainm Valium ó léaráid a thóg sé gan chead ó dhuine eile. Ba é an t-ealaíontóir ríomhghrafaice Robert Dixon a rinne an gearán seo leis, ag rá go bhfuil an saothar a rinne Hirst go huile is go hiomlán tógtha ón phíosa líníochta dubh agus bán, True Daisy, a rinne seisean agus a d’fhoilsigh Penguin i leabhar i 1991

Tháinig an píosa conspóideach líníochta seo ó staidéar a rinne Dixon ar an phatrún comhlárnach casta atá le feiceáil i lár nóinín, patrún atá difriúil le haon phatrún eile cosúil leis a bheadh coitianta san ealaín nó san ailtireacht.

Ainneoin go raibh Valium daite agus déanta ar scála ní ba mhó, d’aithin Dixon gurbh í an íomhá chéanna a bhí sa dá léaráid.

Mhaígh Dixon gur beag seans go mbeadh Hirst ábalta an cóiriú céanna a dhéanamh trí chomhtharlú ar an oiread spotaí datha is a rinne sé féin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag lorg aitheantais agus cúitimh mar an dearthóir bunaidh.

“Is mise an duine a tháinig ar an bhunsmaoineamh agus a d’oibrigh amach é agus a rinne forbairt air, ní tusa,” a scríobh sé i litir chuig Hirst.

Tá suas le 500 prionta bunaithe ar an phatrún a rinne Hirst agus iad ar díol ar na mílte punt. Rinneadh beag is fiú de Dixon nuair a rinne sé a ghearán in 2003, ach d’fhill an feall ar an fheallaire nuair a d’admhaigh lucht bainistíochta Hirst trí thaisme go bhfuair Hirst an smaoineamh ón leabhar The Penguin Dictionary of Curious and Interesting Geometry – ní raibh a fhios acu go raibh aon bhaint ag Dixon leis an leabhar chéanna!

Ní rud coimhthíoch conspóid ag Damian Hirst, a bhain Duais Turner i 1995. Sa bhliain 2000, mar shampla, d’íoc sé cúiteamh leis an dearthóir Norman Emms nuair a cuireadh ina leith go raibh a dhealbh Hymn, a dhíol sé leis an bhailitheoir ealaíne Charles Saatchi ar mhilliún punt, bunaithe ar bhréagán plaisteach a dhear Emms agus a bhí le ceannach ar £14.99.

Cóipeanna bréagacha

Suimiúil go leor, tá Hirst ag fáil blaisín beag dá chuid leighis féin sa mhéid is go bhfuil falsaitheoirí ag iarraidh teacht i dtír air trí chóipeanna bréagacha a dhéanamh de chuid dá shaothar. B’éigean don chomhlacht ceantála Sotheby’s trí phrionta dá chuid a tharraingt siar ó cheant de bharr gur cuireadh in iúl nach cuid ar bith d’fhíorshaothar Hirst a bhí iontu.

Dúirt saineolaí amháin go raibh tuile priontaí bréagacha de chuid Hirst ag teacht ar an mhargadh anois agus go raibh siad chomh maith sin nár éirigh le Sotheby’s nó Christie’s iad a scagadh ó na fíorearraí.

“Ba chóir go mbeadh an-imní ar Hirst,” arsa saineolaí amháin. “Muna dtig le daoine brath ar a chuid oibre, éireoidh siad as a shaothar a cheannach. Gheobhaidh a mhargadh bás.”

Is cinnte nach é Hirst an t-aon ealaíontóir atá faoi ionsaí ag na falsaitheoirí - tá na céadta prionta bréagach de shaothar na n-ealaíontóirí Chagall, Miró agus Dalí in ainm is a bheith ar fáil go flúirseach ar an mhargadh ealaíne. Is casadh eile sa scéal é, áfach, nuair a thosaíonn falsaitheoirí ag déanamh aithrise ar obair falsaitheoirí eile. Chuir sé an-iontas ar shaineolaithe sé bliana ó shin nuair a fuair siad amach go raibh an-tóir ar chóipeanna bréagacha de shaothar Elmyr de Hory, duine de na falsaitheoirí ba chlúití sna caogaidí agus sna seascaidí, a rinne cóipeanna iontach cliste de shaothar Mondigliani, Picasso agus Matisse. Cé go bhfuil sé ar shlí na *fírinne *(!) le ceithre bliana is fiche tá an-mhargadh ann, ní hamháin dá chuid pictiúr bréagach ach margadh chomh bríomhar céanna do na bréagphictiúir bhréagacha!

An comhartha é seo go bhfuil deireadh le réim ealaíontóirí ar nós Hirst ó thaobh smaointe úra spreagúla a bheith acu nó ar chóir go mbeadh cead ag ealaíontóirí smaointe a thógáil ó shaothar daoine eile ar mhaithe le healaín “úr” a chruthú? An seadánachas agus gliceas mí-onórach atá ann nó gné nádúrtha de phróiseas na cruthaitheachta?Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.